Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na cathanna céanna the same battles
"na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
ar cóimhéid the same size
" Cé nach bhfuil Guatamala ach ar cóimhéid le hÉirinn, labhraítear 66 teanga ann.
ar aon tuairim of the same mind
" Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.
ar cóimhéid the same size as
" Deir sé go bhfuil an spás oifige a scriosadh ar cóimhéid le spás oifige iomlán Bhaile Átha Cliath.
ar comhaois le the same age as
" "Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?" "Is fíor sin," ar sise.
ar aon tuairim of the same opinion
" Agus an rud a dúirt sí ná 'Mura rachadh sé amach, chuirfinn amach é!' Bhí siad ar aon tuairim go hiomlán faoi shaoirse na tíre agus faoi chúrsaí Gaeilge.
ar comhaois leo the same age as they are
" Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh.
ar comhaois léi the same age as she was
" Bhí aithine mhaith ag Joyce Taylor ar a lán daoine a mharaigh sé, mar gur mhná a bhí ar comhaois léi ab ea an chuid is mó acu.
déanamh amhlaidh do the same
" Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas? Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
an t-aitheantas céanna stáit the same state recognition
" Amach anseo, beidh na cearta céanna agus an t-aitheantas céanna stáit, beagnach, ag na scoileanna príobháideacha is atá ag na scoileanna poiblí.
an oiread leis an mbroc the same as the badger
" Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb.
ar comhaois leo féin of the same age as themselves
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
Bhí luach airgid sa teach céanna there was money's worth in the same house
" Bhí luach airgid sa teach céanna.
Is ionann é agus it's the same as
" "Is ionann é agus Rialtas Oliver Cromwell a bheith ag fiosrú cén fáth a raibh na hÉireannaigh imithe go Connachta," a dúirt múinteoir amháin liom.
ar an mbonn céanna on the same basis
" Mura n-éiríonn leis, d'fhéadfadh na céadta cás eile ar an mbonn céanna a bheith anseo san Astráil agus i dtíortha eile.
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith the same as any Ulster person would do
" Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn, amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.
na rudaí ceannann céanna the very same things
" Seirbhís trí Ghaeilge ======= An rud is mó a chuireann díomá orm ná go raibh ar choimisiún na bliana seo na rudaí ceannann céanna a rá maidir le seirbhísí poiblí, an státchóras agus cúrsaí oideachais.
na tréithe ceannann céanna the exact same traits
" Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo.
an chruatain chéanna the same hardship
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
an líon céanna amhrán the same number of songs
" Is é an t-albam is mó dá cuid go dtí seo a raibh éileamh air ná *A Stór is a Stóirín* de bharr réimse chomh leathan sin amhrán a bheith le fáil air, ocht n-amhrán déag do pháistí agus an líon céanna amhrán do dhaoine fásta.
gach trá a fhreastal do everything at the same time
" Thuig sí nach dtiocfadh léi gach trá a fhreastal.
ag athchognadh ruminating, going over the same thing again and again
" "Níl a fhios agam cad tuige a bhfuil siad uilig ina suí thart ag athchognadh nuair atá an cinneadh déanta ag Mark agus Ruth.
fá dtaobh de na piteoga céanna the same sissies
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
an éacht céanna the same feat
" Thuigeamar go mb'fhéidir nach ndéanfaí an éacht céanna go deo arís agus go raibh an t-ádh orainn a bheith páirteach san ócáid.
in aontíos under the same roof
" Mar mhaighdeán Bollywood, tá an patrarc Tony Blair ag cur brú ar an ainnir aontachtach socrú síos in aontíos leis an diabhal poblachtánach.
amhlaidh the same
" isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001.
an deis chéanna the same opportunity
" Ach má leanann an doineann ar feadh na míonna an geimhreadh seo, agus gan an deis chéanna acu a bheith ag spraoi amuigh faoin aer, beidh siad istigh sa teach agus beidh an-bhrú ann an teilifiseán a chur ar siúl níos minicí ná ba cheart.
an meas céanna the same respect
" " Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d'fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach.
na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta the same stifle and delay tactics
" D'fhéadfaí a rá go bhfuil ceannairí na heaglaise ag úsáid na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta i gcás VOTF is a d'úsáid siad nuair a tháinig na scannail ghnéis chun cinn.
ar comhaois liom the same age as I was
" Beo!: Cé hiad na daoine is mó a chabhraigh leat agus tú i mbun fhoghlaim na Gaeilge? AH: Daoine ar nós Liam Uí Chuinneagáin ó Oideas Gael agus Pheadair Mhic An Iomaire ó Ollscoil na Gaillimhe, a chinntigh go bhfuair mé árasán i mbloc na Gaeilge (a bhí ann ag an am sin) ar champas na hollscoile, áit ar chaith mé bliain i mo chónaí i measc daoine ar comhaois liom a labhair Gaeilge.
san fhaopach céanna in the same dire straits
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
go díreach mar atá the same as there is
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
an fonn céanna the same desire
" Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis, is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
ar aon intinn of the same opinion
" Faoi mhí na Nollag, dhealraigh sé go raibh beagnach gach duine ar aon intinn leo faoi seo.
an rud ceannann céanna a éileamh to demand the exact same thing
" Spreag an feachtas seo cuid póilíní an NYPD leis an rud ceannann céanna a éileamh.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
déanamh amhlaidh to do the same
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
na baill chéanna the same members
" " Daonlathach ======= Tá na baill chéanna páirteach i Kíla anois ó bhí 1996 ann agus deir Colm go réitíonn siad go maith le chéile.
caitear sa tslí chéanna leo they are treated the same way
" Ó thaobh pá is tuarastail de, caitear sa tslí chéanna leo is a chaitear leis na comhlachtaí ollmhóra a bhfuil na billiúin euro acu.
ní hamhlaidh atá sé it's not the same
" Ach ó thaobh na cánach de, ní hamhlaidh atá sé nó tá na comhlachtaí ollmhóra mar Siemens agus BMW saor ó cháin.
an t-éacht céanna the same feat
" Rinne siad an t-éacht céanna arís i 1988 i gcoinne Chorcaí sa chraobh agus ní raibh ach an chorrbhliain ó shin nuair nach raibh foireann na Mí ag buachaint Chraobh Laighean nó Chraobh na Sraithe Náisiúnta nó ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann.
an tseanliodáin chéanna the same old story
" Thosaigh sé ag cur thairis an tseanliodáin chéanna: "Cad é a d'fhág agam tú? Slúiste gan úsáid.
ar comhaois the same age
" Bhí lúcháir orm fosta nuair a fuair mé amach go raibh na páistí ansin a bhí ar comhaois liom féin an-chairdiúil.
ar aon intinn of the same opinion
" Tá a lán daoine eile ar aon intinn le "Jim Óg".
an tréimhse chéanna the same period
" Fiú sular thosaigh an cogadh, bhí easpórtáil bia chuig na tíortha seo tar éis titim 11% sa chéad 9 mí de 2002, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2001.
laethúil a mhacasamhail a dhéanamh to do the same
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
a chomhmhaitheas the same good
" Is é an fhírinne ná go bhféadfadh an dá chinneadh maidir le cearta daonna, a tógadh i gComhaontú Aoine an Chéasta, a chomhmhaitheas a dhéanamh do shochaí an stáit seo agus atá á dhéanamh ó thuaidh.
sul má cheilfeadh an radharc céanna before they would hide that same view
" Bhí páistí is tuismitheoirí ann, tuismitheoirí a shíl amharc maith a fháil dóibh féin ar an bhfear gonta sul má cheilfeadh an radharc céanna ar a gcuid páistí.
na seanráitis chéanna the same old statements
" Ag breathnú air ón taobh amuigh cheapfá gurb é an sean-nós Gaelach i gcónaí acu é: ná habair tada, agus nuair a chuirtear ceist "leochailleach" - faoi BSE, abair - tarraing anuas na seanráitis chéanna a mbaintí úsáid astu nuair a bhí an galar sin i mbéal an phobail.
an oiread céanna dochair the same amount of harm
" Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.
amhlaidh the same
" Bhí an scéal amhlaidh 40 bliain ó shin agus, in ainneoin iarrachtaí agus scéimeanna fánacha idir an dá linn, is beag atá tar éis athrú.
ar aon intinn of the same opinion
" Deir sí gur thuig siad go luath go raibh siad ar aon intinn den chuid is mó faoi rudaí, agus gur mar sin atá fós.
ar cóimhéid the same amount
" Ní mór an t-ús a ghnóthaítear tríd an tsuim seo a infheistiú sa Scéim Iasachtaí Náisiúnta agus é a bheith ar cóimhéid leis an chíos talún a bhí á íoc roimhe sin.
ar an ealaín chéanna doing the same thing
" Tá filí na Gaeilge ar an ealaín chéanna.
sa dóigh chéanna in the same way
" Ach ní maith liom a bheith ag caint faoi dheontais, tá sinne ag soláthar seirbhíse- nuachtán Gaeilge - agus ba mhaith linn go n-íocfadh an dá rialtas as cuid den tseirbhís sin sa dóigh chéanna is a íocann siad as an iomad seirbhísí eile.
ar aon uain at the same time
" Óir tá an Eoraip ag iarraidh ar aon uain aontas a chruthú idir na Stáit agus aontas a chruthú idir na pobail.
sa tréimhse chéanna in the same period
" I mBaile Átha Cliath sa tréimhse chéanna tháinig méadú 53% ar chíos tithe.
an bhail chéanna the same state
" Agus guíonn Balor an bhail chéanna oraibh.
an gháir chéanna the same cry
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
ceaptar gur mar a chéile gach tír ann people think all the countries there are the same
" Tá míthuiscint fhorleathan ann faoina bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear agus ceaptar gur mar a chéile gach tír ann.
ar aon intinn of the same opinion
" Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi.
ar aon tuairim of the same opinion
" Tá na turasóirí, na hinimircigh agus bunadh na cathrach ar fad ar aon tuairim faoi rud amháin: go minic i Nua-Eabhrac, nuair is gá duit dul, ní féidir leat dul! Níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí in 2004.
amhlaidh the same
" Tá cuntais agus scéalta le fáil a chruthaíonn go raibh an Ghaeilge á labhairt ag muintir na hÉireann i Meiriceá thar na cúpla céad bliain seo a chuaigh thart, agus tá an scéal amhlaidh sa lá inniu.
an toradh céannna the same outcome
" Seans maith go mbeidh an toradh céannna arís ar iarracht na bliana seo.
tharla a leithéid arís the same kind of thing happened again
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
an fheidhm chéanna the same function
"an fheidhm chéanna ag an Áras anois agus tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ann ar bhonn lánaimseartha, agus tá breis agus tríocha grúpa difriúil ag baint úsáide as na háiseanna.
san aird chéanna in the same place
" Dhearc sé féin ansin san aird chéanna.
an brú céanna the same pressure
" Bíodh is go mbraitheann stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla.
an sclábhaíocht chéanna the same slaving
" Dá mbeadh bealach ar bith ann chun an fuinneamh céanna a bhailiú agus cumhacht leictreach a ghiniúint leis laghdódh sé go mór ar bhille leictreachais na tíre! Rud a chuireann leis an iontas seo ná go bhfuilimid in ann breis agus fiche contae a ainmniú anois nach bhfuil seans ar bith acu Craobh na hÉireann a bhuachaint, ach in ainneoin sin déanfaidh siad ar fad an traenáil agus an sclábhaíocht chéanna is a dhéanfaidh na contaetha láidre.
atá ar comhaois leis féin who are the same age as he is
" Fiú in Iorras i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil cóir curtha aige ar sheanteach scoile, níl Gaeilge, a deir sé, ach ag an dream atá ar comhaois leis féin den chuid is mó.
a d'aithris na focail chéanna who said the same words
" Is iomaí duine a d'aithris na focail chéanna ó shin agus tá mé ag déanamh gur leagadh ar níos mó ná duine amháin iad.
a d'aithris na focail chéanna who said the same words
" Is iomaí duine a d'aithris na focail chéanna ó shin agus tá mé ag déanamh gur leagadh ar níos mó ná duine amháin iad.
sa chaoi chéanna in the same way
" D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh.
ag tabhairt na deise céanna dom giving me the same opportunity
" Cé go raibh deiseanna taistil iontacha agam le mo chairde Seiceacha ar fud na tíre, tá an Ghaeilge ag tabhairt na deise céanna dom, creid é nó ná creid.
na scrabhdóirí scrábacha céanna the same ragged scratchers
" Níl meas madaidh ag Laoch ár Linne ar na scrabhdóirí scrábacha céanna.
an fonn céanna a chanadh to sing the same tune
" Bhí Conor Newman i láthair - nach leor an saineolaí? An gá dúinn ar fad an fonn céanna a chanadh? Tá sé ráite go gcosnóidh an obair seandálachta suas le €20 milliún ach féach ar chás Charraig Mhaighin - is léir nach bhfuil sa €20 milliún sin ach a thús.
ní bhraitheann tú an naimhdeas céanna you don't sense the same hostility
" Ina choinne sin - agus níl a fhios agam an aon chúiteamh é seo - ní bhraitheann tú an naimhdeas céanna.
an coibhneas céanna the same ratio
" Dá mbeadh an coibhneas céanna againne is atá i gColáiste na Tríonóide nó sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, nó go deimhin féin i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste, déarfainn go mbeadh tríocha duine lánaimseartha san fhoireann againn féin.
an t-aitheantas céanna the same recognition
" Níor bhain a saothar féin an t-aitheantas céanna amach riamh agus, spéisiúil go leor, níor lig sí dó bean ar bith eile a phéinteáil seachas í féin.
sa treo céanna in the same direction
" Ní hé Learpholl amháin atá ag iarraidh dea-shampla na hÉireann agus Nua-Eabhrac a leanúint - tá Albain ag dul sa treo céanna fosta.
ó dheas the same disease
" " Is iomaí duine ó dheas a raibh an aicíd chéanna air, ar ndóigh, ach nuair a tháinig Bríd go Contae Ard Mhacha i gcéaduair, oscailt súl a bhí ann.
an aicíd chéanna the same disease
" " Is iomaí duine ó dheas a raibh an aicíd chéanna air, ar ndóigh, ach nuair a tháinig Bríd go Contae Ard Mhacha i gcéaduair, oscailt súl a bhí ann.
nár cheart go dtarlódh a leithéid arís that the same thing shouldn't happen again
" An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
póstaí aonghnéis same-sex marriages
" " Tháinig cáineadh láidir an Teachta Comhdhála King ag an am céanna is a bhí Easpag Caitliceach Colorado Springs ag eisiúint tréadlitir an-chonspóideach inár nocht sé an tuairim nár cheart comaoineach a thabhairt do Chaitlicigh má thugann siad vóta do pholaiteoirí a théann i gcoinne theagasc na hEaglaise maidir le ceisteanna mar ghinmhilleadh agus póstaí aonghnéis.
an caighdeán céanna the same standard
" AÓF: An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh? JNíC: Bíonn sé deacair muna mbíonn an caighdeán céanna ag na daoine sa rang ach ní tharlaíonn sé sin mórán.
an líon céanna vótaí the same number of votes
" Ar ndóigh, pearsantachtaí láidre iad an bheirt seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfaighidh a gcomharbaí, Allister agus Martin Morgan ón SDLP, an líon céanna vótaí (192,762 a bhí ag Paisley agus 190,731 ag Hume) an iarraidh seo.
A dhálta sin ag an SDLP. It's the same in the case of the SDLP.
ar comhaois leo the same age as they are
" Nuair a chuireann tú scrúdú béil orthu faigheann tú amach go bhfuil beirt nó triúr acu páirteach in *Riverdance *agus an domhan siúlta acu - nó léimte acu! - tar éis a bheith in áiteacha nach raibh cloiste agam fúthu nuair a bhí mé ar comhaois leo.
na boic chéanna the same bucks
" Agus misneach a thug na boic chéanna domh! Ach, ar ndóigh, mar a dúirt mé i leabhrán an dlúthdhiosca, ba é Raidió na Gaeltachta an dara múinteoir sean-nóis a bhí agam, i ndiaidh mo mháthar! AÓF: Tá píosa maith ráite agat i leabhrán sin an dlúthdhiosca, nach bhfuil? BNM: Bhuel, is sórt gealt i ndiaidh dlúthdhioscaí, nó *CD freak*, mé féin.
lánúineacha aonghnéasascha same-sex couples
" In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh.
ar aon intinn of the same opinion
" Anois, tá sé ina réamhéileamh do *rapprochement *idir iad agus Sinn Féin ach tá Sinn Féin agus an DUP ar aon intinn - abairt nár baineadh mórán úsáide aisti le 30 bliain - fá na hinstitiúidí polaitiúla.
ar comhaois leis the same age as
" Féile ársa é Am Mòd, mar sin, ach mar a tharlaíonn sé tá sé ar comhaois leis an dá cheann eile.
ar aon intinn of the same mind
" " Gan amhras ar bith, tá Oideas Gael ar aon intinn leis an Roinn faoi sin.
ní hionann ceachtar tiún neither tune is the same
" Tá sé ag ceol anois le Dana, ach ní hionann ceachtar tiún Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
an chalaois chéanna the same foul
" D'fhéadfadh leath-thaca láir, cuir i gcás, an chalaois chéanna (mar shampla tosach ag dul tríd chun cúl a scóráil a tharraingt síos ar mhaithe le cúl a stopadh) gach Domhnach agus dálach i rith na bliana agus gan pionós ar bith a fhulaingt dá bharr.
an rud ceannann céanna the exact same thing
" "Níl aon ghá go mbeadh sé seo i nGailearaí an Tate nuair atá an rud ceannann céanna ar siúl ar an teilifís.
níl néal ar an bhean chéanna there's no flies on the same woman
" "Is nach bhfuil sé in am ag an Aingeal seo atá agat fios a bheith aici fá Dhaidí na Nollag?" "Tá cinnte," arsa Máire "Ach níl néal ar an bhean chéanna.
le linn aer-ionsaí chéanna during the same airstrike
" Dúirt duine de mo chomharsana, seanbhean 68 bliana d'aois a bhí i bhfolach le linn aer-ionsaí chéanna, go chuir *"shock and awe" *an oíche sin i 1940 i gcuimhne di arís, ceithre bliana is seasca tar éis na heachtra.
i dtrátha an ama chéanna around the same time
" Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile i dtrátha an ama chéanna.
ón doichte chéanna from the same rigidity
" Fiú na leamhgháirí a bhíonn ar ghnúiseanna Joe Mac Dunno agus Maggie Martin, ní bhogann siad riamh ón doichte chéanna agus muid ag fuirseadh fríd leathanaigh *Saol *gach mí: Joe agus Maggie; Maggie agus Joe; Joe gan Maggie; Maggie gan Joe.