Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a shú to suck
" Tá ar a cumas braon taise a shú as plandaí nuair a bhíonn chuile cheo eile spalptha leis an tart.
barraíocht de shú na heorna too much beer
" "Órú, barraíocht de shú na heorna, sin an rud a tháinig air," a d'fhreagair Siobhán.
an bhrí is an bheatha a shú amach as to suck the vigour and the life from
" Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
sú na heorna spirits distilled from barley
" "Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: sú na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc.
a shú go domhain to inhale deeply
" Cuireann áilleacht na háite daoine faoi dhraíocht agus bíonn fonn orthu filleadh arís agus arís chun aer úr na háilleachta a shú go domhain ina scamhóga.
ag sú na gréine sun-bathing
" Le linn samhraidh bhreá, bíonn na mílte duine ag sú na gréine anseo.
á shú isteach sucked in
" Beidh an t-aer faoi á théamh ag an ngrian agus á shú isteach i mbun an túir.
ag sú shú na heorna imbibing the juice of barley (whiskey)
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
ag baint sú as an chomhluadar ann enjoying the company there
" “Cad é fúthu?” Agus cá háit a raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire, lena linn seo uilig? Bhí sí thíos cois locha, i nGaeltacht Fheis Mhór Ghaelach Milwaukee, ag baint sú as an chomhluadar ann; í ag damhsa ar an sean-nós agus ag ceol díséid le Matthew Joseph James Ó Farta a bhí ag craoladh beo an bealach ar fad go hÉirinn ar Raidió na Galltachta.
ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort taking in the sights around you
" Cruthaíonn an lucht siamsaíochta sráide spiorad carnabháil agus tú ag siúl thart ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort, mná na hoíche i mbun a ngnó i gceantar na soilse dearga, cuir i gcás, agus iad gualainn ar ghualainn le siopaí ceirde agus caifí beaga teolaí.
ag sú shú na heorna sucking the juice of the barley
" Bhí May Mac Ránais agus Daddy Joe Ó Dónaill sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
dá sú isteach ina ghaosán being sucked into his nose
" Cibé braonta beaga ocsaigine a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán le gach aon seordán agus seadán agus srann.
chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta to have a bowl of soup with him
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta to have a bowl of soup in his company
" An mhí seo a chuaigh thart thug Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine.
a shú to suck
" Tá cineál ceant ar siúl faoi láthair ag dílseoirí éagsúla, gach drong acu ag iarraidh an duais airgid is mó a shú ó Rialtas na Breataine, i.
Rinne sé an fuinneamh a shú asainn. it sapped the energy from us
" Rinne sé an fuinneamh a shú asainn.
sú oráiste orange juice
" Ghlac mé sos ansin agus cheannaigh mé cáis, sú oráiste agus torthaí i siopa beag sa bhaile sin.
shú (to) suck
" Níl aon sainmhíniú tugtha sa cháipéis ar cad is ‘pseudo elitism’ ann (nó cén dóigh lena sheachaint) agus b'fhéidir gurbh fhiú an €3m é sin ann féin! Bíodh sin mar atá, shílfeá go gcaithfidh sé go raibh cás láidir curtha le chéile acu i mbliana leis an oiread sin airgid a shú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag am nuair atá na cianógaí gann.
juice
" “Tá muid sa chac anois,” a dúirt Biffo le Balor na ile Nimhe ar na mallaibh, amhail agus nach raibh sé ag madraí an bhaile go raibh muid sa chac le bliain anuas.
táimse ag sú I'm absorbing
" I ngan fhios dom féin, táimse ag sú isteach cuid mhaith den eolas sin chomh maith.
ag Sú na Gréine sunbathing
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
shú na heorna juice of the barley
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí, na cinn chomhairle agus ó na wannabes, i bhfad ón Wild Rover agus ó Brennan on the Moor, bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: Johnny Connolly ag bualadh ceoil agus ag canadh agus ag damhsa ag an aon am amháin, na sluaite ban dathúla Meiriceánacha thart air ag brú shú na heorna agus eile air, agus Johnny ag baint sú as an rud ar fad.
juice
" Tá spórt agus sult agus an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise.
dá sú being sucked
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
ag díol sú talún selling strawberries
" Is cuimhin liom nuair a bhí na páistí óg go ndeirimis leo gur ag díol sú talún a bhíodar.
shú na braiche malt juice
" D’fhliuch siad a ngoib le braon de shú na braiche, ar mhaithe leis an bheirt acu a chosaint ó luaithreach na hÍoslainne, agus chun Balor bocht a mhisniú i ndiaidh dó trí lá agus trí oíche a chaitheamh ag an gheata, gan aon ghreim bia ná néal codlata.
ag sú sucking
" Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach agus is minic a fhágtar na hathchoinceapa sin gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíornuálaíoch a chothú.
suck
" Is cuma cé acu £4bn nó £5bn atá i gceist, tá suim dochreidte airgid le as geilleagar Thuaisceart Éireann.
sucking
" Feictear go cinnte i bhfuinneoga na siopaí go bhfuil athrú ag teacht ar an séar.
an fhuil a shú as to suck the blood out
" A fhaid is a cheapann siad gur féidir an fhuil a shú as muintir na tíre seo, déanfaidh siad amhlaidh, agus an dream a thiocfaidh i ndiaidh Fianna Fáil agus na nGlasach, is cosúil gur Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bheidh sa rialtas, tá siad súd le leanúint ar aghaidh leis na polasaithe céanna.
Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í a cow has many assets
" Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í ================= Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach.
shú na braiche áitiúla the local brew
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire chun cúpla seachtain a chaitheamh ann ar a shuaimhneas, a bholg biata blonagach le grian gheal dheireadh an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla lena thaobh, agus scaifte péas armtha ina seasamh i bhfáinne thart air chun mná óga áille na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
iomarca airgid á shú acu who are sucking too much money
" Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh? Má tá dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón gCiste Náisiúnta.
shú isteach to suck in
" Is éachtach an bealach atá agat le hairgead a shú isteach ó chosmhuintir na Gearmáine, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach caidé an dóigh a ndéanann tú é?” “Bhuel, a Edna Álainn,” a dúirt an Seansailéir go seascair, “tá a fhios ag an saol mór nach agamsa atá an cleas sin, ach agat féin.
raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin it was absorbing things to itself
" Béal an Mhuirthead ======== **SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo.
ag sú isteach gach scéal i mbarr maide devouring all type of nonsense
" Níl siad ag maíomh as an mhéid sin ar ndóigh, ach ar a laghad ar bith tá na sluaite ag amharc ar Americas got Talent, ag ithe feoil chapaill agus ag sú isteach gach scéal i mbarr maide.
ag baint sú as bhur gcuairt enjoying your visit
" **Balor: An dtig linn labhairt faoi chúrsaí na hÉireann, a Michelle, ós rud é go bhfuil tú anseo inár measc arís? An bhfuil tú féin is na cailíní ag baint sú as bhur gcuairt?** Michelle: Chuaigh muid go dtí Coláiste na Trioblóide, agus bhí Sasha cinnte gur in Hogwarts a bhí muid go dtí gur mhínigh Malia di an ceangal idir Trinity agus Hogwarts: gur in Trinity atá an chéad chóip a scríobh JK Rowling den chéad leabhar de chuid Harry Potter.
bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach you enjoyed the turkey immensely
" Tá súil agam go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a léitheoirí dílse, agus gur bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach agus eile – mar a bhain Balor Blonagach gan dabht.
bhain sí sú agus sult agus ceol as she really enjoyed in every way
" Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge.
a shú isteach go hiomlán to capture the moment in its entirety
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
ag sú na maitheasa aníos taking up their sustenance
" Tá córas fréamhacha curtha síos acu agus tá siad ag sú na maitheasa aníos as an phuiteach cois srutháin.
gur chóir dom bainteoir gais sú talún a fháil that I ought to get a strawberry stem remover
" Sin ráite, níor smaoinigh mé riamh gur chóir dom bainteoir gais sú talún a fháil ach táthar ann má tá siad uaitse.
ag sú na gréine taking the sun
"ag sú na gréine a bhí Balor le tamall anuas, mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite, ach ar mhisean rúnda síochána.