Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á shantú seo go drúiseach desiring this lustfully
" Tá post úr ag Éamon Ryan - bhí sé á shantú seo go drúiseach: Díchoimisiniú na ngunnaí - sin jab atá mórchúiseach.
ag santú na ceannaireachta covetting the leadership
" Ní hamháin go gcabhródh sé seo leis an pháirtí treo nua a aimsiú, ach choimeádfadh sé an tUasal Cowen sona ar feadh tamaill eile agus ó bheith ag santú na ceannaireachta.
a shantaíonn an chuid is fearr who wants the best
" ” Is féidir a rá gur fear é Brian Vallely a bhfuil tuairimí láidre aige, fear a shantaíonn an chuid is fearr, bíodh sin i gcúrsaí ceoil, cúrsaí lúthchleasaíochta, i gcúrsaí ealaíne, nó sa chaidreamh idir daoine.
a shantaigh cumhacht who craved power
santaíonn siad maoin an choilínigh they desire the coloniser's wealth
" Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid.
agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó and that we didn't have to covet our colonizer's wealth any more
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin in which he coveted the leadership of his own party
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
nár shantaigh ceannaireacht Fhianna Fáil who didn't crave the leadership of Fianna Fáil
" Fear nár shantaigh ceannaireacht Fhianna Fáil riamh.
Santaím I envy
" Santaím saoirse agus spraoi an snagcheoil.
má shantaíonn polaiteoirí airgead, if politicians covet money,
" Má bhaintear mí-úsáid as airgead poiblí nó príobháideach nó má shantaíonn polaiteoirí airgead, fágfaidh sé smál orthu, fiú mura bhfuil a dhath ar bith mídhleathach i gceist.
san áit a shantaigh siad, in the place they craved,
" Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
nach santaíonn who doesn't desire
" B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí, macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.
Santóidh sé an dá áit cliathánacha sa líne lántosaithe he'll covet the two places on the flanks in the forward line
" Santóidh sé an dá áit cliathánacha sa líne lántosaithe don dara leath de shaolré an rialtais.
Ní shantaíonn fear a man doesn't covet
" Ní shantaíonn fear ach aon phíosa amháin seodra: carr deas lúfar tapa.
á santú seeking
" Beidh céim chun tosaigh sa bhreis á santú ag na cailíní i mbliana, an tríú háit sa Chomórtas Sé Náisiúin agus áit i gCraobh an Domhain i Sasana an bhliain seo chugainn, 2010.
shantaíonn desire
" Fanfaidh an fhírinne fá na dúnmharuithe is conspóidí ceilte go deo na ndeor agus ní bhfaighidh na teaghlaigh an faoiseamh a shantaíonn siad.
shantaíonn covets
" Ócáid sheachstairiúil ab ea Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2009 agus foireann Chill Chainnigh ar thóir na ceathrú craoibhe as a chéile, agus fir Thiobraid Árann go cíocrach ag iarraidh iad a stopadh agus an chraobh a shantaíonn gach Tiobradach a bhuachan.
shantaím I covet
" Tá sin i measc na gceannteidil a shantaím, ach nár chumas, ceannteideal a chuireann éad orm.
shantaíonn desire
" Líon fíorbheag de mhuintir na Gaeilge féin a shantaíonn fanacht i dtaobh le saol na Gaeilge, saol atá, dar leo, de leataobh ó shaol mhór Bhéarla na hÉireann.
Santaítear is desired
" Santaítear foraois bháistí Chocó, a shíneann breis is míle ciliméadar ar feadh chósta na Colóime isteach go Panama, toisc go bhfuil tábhacht ag baint léi mar shuíomh straitéiseach agus mar fhoinse acmhainní aiceanta.
Ná santaigh don’t covert
shantaíonn wants
" Beidh a cheapachán mar Aire Airgeadais inghlactha do Fhine Gael, rud nach bhféadfaí a rá faoi bhaill eile den Lucht Oibre a shantaíonn an post.
á shantú coveting
" Ar an téad seo, nó ar an ‘chnáib’ seo más fearr leat, mar a deir cara de mo chuid Tigh Fagan, “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” Agus tá Mary Loo ann, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, mar a bhí sí á shantú le fada fada an lá; agus nach mise atá sásta nach raibh an bhean sin ann le mo linn.
ag santú coveting
" Agus tá billiúnaí ola, 'An Dochtúir Craos' ag santú Teicneolaíocht na bhFiann.
shantaíonn who wishes to have
" Níl de rogha anois ag an cheiliúrán a shantaíonn an príobháideachas ach fanacht sa bhaile! É sin, nó an dlí a chur ar na daoine atá ag sárú orduithe na gcúirteanna.
shantaíonn duine one desires
" * (1965) An Gheit gan Choinne ============ Deir saoithe, nuair is eachtra spioradálta a shantaíonn duine, gur fearr go mór dó ligint don ‘ngeit gan choinne’ teacht aniar aduaidh air.
nuair a shantaigh siad when they wished to
" Bhí córas an stáit ag cur ord agus eagar ar dhílseoirí na hÉireann ag an am, ag sceanairt na náisiúnach ó thuaidh agus ag leagan buamaí ó dheas nuair a shantaigh siad sin a dhéanamh.
shantaíonn desires
" ”* Má shantaíonn Cheyenne grá an athar, sin cneasú nach dtagann.
ba é a shantaigh what he desired
" Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.
comharsain ag santú an adhmaid neighbours wanting the timber
" Ach tá na comharsain ag santú an adhmaid.
Santú na Saoirse wanting freedom
" Santú na Saoirse ======= Is ‘cúigí’ (dar leis an saol mór) nó tíortha (dar leo siúd a shantaíonn neamhspleáchas) ar leith iad an Bhriotáin agus an Ghailís laistigh de thíortha a bhfuil éagsúlacht mhór ciníocha, teangacha agus cultúr beo beathach iontu.
ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin I won’t want to acquire that language
" Mura mbeidh spéis agam ina gcultúr agus murar spéis liom cur fúm sa phobal sin ar feadh trí mhí, ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin.
shantaigh ceann de one of the (large parties) wanted
" Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d'fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905.
don té atá ag santú síochána for one who really wants to see peace
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh always seeking a better standard of living
" Is dócha go bhfuil sé i mianach an duine go mbíonn sé ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh.
An bua a shantaigh siad the victory they sought
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
santóidh siad they'll desire acquiring
" Mar gheall ar dheacrachtaí geilleagair dar leis, beidh an stát ag caitheamh súile thar a gcuid agus santóidh siad na portaigh sléibhe (.
ag santú breis Gaeilge looking for more Irish
" Má tá tú ag santú breis Gaeilge i do shaol, thiocfadh leat clárú le Conradh na Gaeilge agus cuidiú leo ina gcuid iarrachtaí saibhreas na teanga a roinnt ar dhaoine i do cheantar féin.
Níl aon talamh ná teach a shantaigh any land or house desired by
" Níl aon talamh ná teach a shantaigh an dream isteach nár ghlacadar chucu féin.
atá á santú ag roinnt de na Siónaigh desired by some Zionists
" Tá deireadh le tionscadal na cinedheighilte seictí ach é a ghliondáil suas sa chaoi nach ndéanfar an míle murder atá á santú ag roinnt de na Siónaigh.
shantódh desire, seek
" Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
shantaigh sought, wanted
" Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.
shantaíonn desires
" An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.
dhream níos santaí ná iad féin a group more greedy than themselves
" Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.
dhaoine a shantaíonn tearmann people who seek asylum
" Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE.