Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a scagadh to sift
" " Molann sé do dhaoine bogearraí speisialta a úsáid chun *spam *a scagadh ó ghnáth-theachtaireachtaí.
déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion the total cost of the venture is comprehensively examined
" Baineann tuarascáil amháin leis an tionchar a bheas ag MOX ar an timpeallacht, agus sa dara ceann déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion.
scagadh critical examination
" Ach níl aon mhaith iontu sin mura bhfuil na gasúir ábalta an t-eolas sin ar fad a úsáid taobh istigh dá n-intinn, mura bhfuil a fhios acu cén chaoi le scagadh a dhéanamh ar an eolas sin agus úsáid a bhaint as leis an sprioc atá agat a bhaint amach.
scagadh examining
" Ní dhéantar scagadh ar bith ar an imní atá ar phoblachtánaigh.
scagadh examination
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
scagadh examination
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
a scagadh to critically examine
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
iad a scagadh to tell them
" Dúirt saineolaí amháin go raibh tuile priontaí bréagacha de chuid Hirst ag teacht ar an mhargadh anois agus go raibh siad chomh maith sin nár éirigh le Sotheby’s nó Christie’s iad a scagadh ó na fíorearraí.
an tost a scagadh to sift the silence
" Agus b’fhéidir gur sin an ní is gá do phíobairí (nó na píobairí is oilte) a dhéanamh: an tost a scagadh agus a líonadh le ceol agus na nithe nach féidir a rá i bhfocail a rá i gceol.
scagadh cuimsitheach comprehensive assorting
" Déanann an taispeántas scagadh cuimsitheach ar an chorp agus tú ag bogadh ó sheomra go seomra, ag tosú leis an chreatlach, na matáin, an córas lioga, an córas fola, díleá, análú, fual agus an córas athghiniúna.
scagadh á dhéanamh while teasing out
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
scagadh examination
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
scagadh scrutiny
" Ar an bhonn sin, creidim gur féidir a thuar le cinnteacht éigin go mbeidh an moladh seo ar an chéad cheann a dhiúltóidh an Rialtas dó a luaithe a thosófar an scagadh ar a bhfuil molta i réimse na teanga.
scagadh work through
" ” Ní féidir an fhianaise go léir a scagadh anseo, ach ní miste rud spéisiúil amháin a lua.
scagadh tease out
" Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach.
scagadh examining
" Scéal Phádraig agus a pháirt i leathnú na críostaíochta go hÉirinn a bhí á scagadh againn le linn an chúrsa.
scagadh critical examination
" An Chríonnacht ======= Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall.
scagadh ar teases out
" Is scannán ar ardchaighdeán cineamatagrafaíochta é Na Cloigne a dhéanann scagadh ar théamaí uilíocha; éad, achrann teaghlaigh, slánú anama, agus tugann sé dá réir spléachadh dúinn ar an taobh dorcha den chine daonna.
scagadh tease out, discuss
" , go ndéanfaí an Dréacht Straitéis don Ghaeilge a scagadh i gceart.
scagadh examination
" Tá an scagadh á dhéanamh agam, ar cé mar a líonfar na suíocháin sa 43 Dáilcheantar, á fhoilsiú ar Gaelscéal sna seachtainí idir sinn agus an toghchán.
scagadh inspection
" Bhíothas amhrasach faoi thionchar na gclár seo agus, dá bhrí sin, rinne an Productivity Commission scagadh orthu anuraidh.
ag scagadh teasing through
" Bhí gnéasúlacht éigin ag baint le bheith ag tuairisciú ar an uafás is déanaí i súile aicmí áirithe ach anois, le theacht na síochána, ní bheadh le déanamh acu ach a bheith ag scagadh mionchúrsaí suaracha Stormont i bhfad ó bholadh an cordite.
na bréaga a scagadh to comb through the lies
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
scagadh delve through, discuss
" Is ceirneoirí iad na tráchtairí seo go bunúsach, agus tugtar shock jocks orthu de bharr go mbíonn sé de nós acu oilbhéimeanna a scagadh, nó go fiú a chothú go minic.
is fiú iad a scagadh worth discussion
" Is scannáin eisceachtúla iad araon, agus is fiú iad a scagadh.
scagadh teasing out, inspection
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
scagadh níos doimhne a greater inspection
" Is feidhmiúil a leithéid i dtíortha eile ar an bhonn gur fiú go mór go ndéanfadh daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh to examine the horror of WWI
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
scagadh to examine
" Beidh orainn fanacht go deireadh na bliana le scagadh de réir na dtoghroinn cheantair a fháil ón CSO.
aon scagadh déanta any minute study done
" An bhfuil aon scagadh déanta ar an dream sin as tíortha thar lear?** ENíCh: Tá bunús na n-éisteoirí sin sa Bhreatain Mhóir, i Meiriceá agus san Astráil agus tá cuid mhór den trácht a thagann chugainn ón idirlíon as na tíortha sin.
scagadh to inspect
" Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach.
agus fadhbanna á scagadh aige while he teases through problems
" ”* Seo eiseamláir deas de mhuinín Ferguson agus fadhbanna á scagadh aige.
scagadh to comb through
" ”* Déanfaidh an cur síos sin an chúis agus iarracht á dhéanamh tábhacht agus tionchur Gore Vidal a scagadh.
fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige he studied the slow rise of the Nazis
" Jackson, príomh-abhchóid na Meiriceánach ag trialacha Nuremberg agus fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige trí chuimhní brónacha a mháthar.
scagadh checking
" Tá sé ar an bhfód le fada anois agus na seirbhísí atá ar fáil uathu: leathanaigh uathúla, feathal do gach imeacht, seirbhísí soghluaiste, teagmhálaithe a allmhairiú, imeachta a roinnt ar do líonraí sóisialta, athmheabhrú r-phost a chur chucu siúd atá cláraithe, staitisticí a scagadh agus rannpháirthithe a chlárú ar an lá.
scagadh leathan, cuimsitheach a broad comprehensive inspection
" Rinne na coistí seo scagadh leathan, cuimsitheach ar an Bhunreacht ach níor gníomhadh mórán ar na moltaí a rinne siad.
scagadh a dhéanamh air to inspect
" B’fhéidir go mbeadh air nó uirthi scagadh a dhéanamh air sa Chúirt Uachtarach lá níos faide anonn.
a scagadh to inspect
" ” Aitheantas Seachtrach ========= Tugann Ó Giolláin an deis don Ghaeilge ábhair theibí, fealsúnachta, domhanda a scagadh, rud a chuireann beocht agus samhlaíocht nua i gcroílár na teangan.
ina scagadh airitheach in his perceptive analysis
" Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001.
scagadh go híogair to scrutinize sensitively
" D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine to scrutinize the ad’s message
" Ach cén saghas grá go díreach? Phrioc an fógra neafaiseach mé, fágadh brosna marana agam agus ar deireadh, bheartaíos teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine.
agus iad ag scagadh while they tease through
" *’ An Sainghearán ========= Úsáideann breithimh chónaidhme Mheiriceánacha dhá uirlis agus iad ag scagadh gearáin cosúil le gearán Mrs Fleming.
is féidir a scagadh that one can work their way through
" Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte.
na fadhbanna a scagadh the problems are really examined
" Is trí mheán an allagair a deintear na fadhbanna a scagadh agus ar deireadh, is cás leis an bpolaitíocht torthaí feidhmiúla a aimsiú.
cóir a chuid smaointí a scagadh proper to look at his opinions
" Is é Gerard Hogan duine des na daoine is cumhachtaí in Éirinn ár linne, agus más ea, is ceart agus cóir a chuid smaointí a scagadh ach go háirithe agus é ar an mbóthar go dtí an Chúirt Uachtarach sula bhfad.
ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh he couldn’t tease out this matter
" Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta: “*Article 44.
ag scagadh na ceiste seo inspecting this matter
" Mura bhfuil buneolas measartha cruinn ag duine ar chúrsaí geilleagair cén chaoi a gcaithfeadh sé vóta ar son na ndúnghaoisí cearta? Go ginearálta, cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar an dóigh a dtabharfaidh siad guthaíocht? Mar a tharlaíonn sé, tá na heolaithe polaitiúla ag scagadh na ceiste seo leis na blianta.
dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh attempt to examine intricate ideas
" Is é an príomhdhúshlán a dhéanann tinneas do shaineolaithe cosúil le Schama ná an dúshlán a leanann daoine a dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh le téarmaí simplí.
le scagadh to be teased through
" Ní foláir nó go mbeidh léargais iontasacha eile le scagadh nuair a fhoilseofar an tarna sraith den tionscnamh breá seo sula bhfad.
le scagadh a dhéanamh ar na comhaid to comb the files
" Bíodh sin mar atá, ach is minic go mbíonn an pobal ag brath ar iriseoirí agus ar thráchtairí le scagadh a dhéanamh ar na comhaid agus iad a chur ar an eolas faoina bhfuil iontu.
le scagadh a dhéanamh ar to vet
" Mar sin de, bheadh modhnóir de dhíth le scagadh a dhéanamh ar na postálacha agus drochsheans go mbeadh sé d’acmhainn ag an nuachtán úr ball foirne a chur ar leataobh don chúram sin.
Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar this is an honest effort to scrutinize
" Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh, agus is ionann an cur chuige seo agus an cur chuige níos ealaíonta a rinne Tom Garvin níos déanaí ach go háirithe sa leabhar ríthábhachtach aige, *Preventing the Future: Why was Ireland So Poor For So Long?* (2004).
a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh which scrutinizes abstract problems
" B’é sin an bua ba thábhachtaí sa pholaitíocht dar le Bagehot, agus is é a bhí i gceist aige leis an gcoincheap sin ná gné ar leith den intleacht atá neamhspleách ó himeachtaí laethúla chóras na polaitíochta, gné a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha.
scagadh ina leabhar tábhachtach to tease out in his important book
" com/tracks/152917796&auto_play=false&hide_related=false&visual=false&show_artwork=false&show_user=false"></iframe> Bhain an saineolaí béaloideasa Gearóid Ó Crualaoich feidhm as léargais aigneolaíochta de chuid Jung chun cultúr béil na hÉireann a scagadh ina leabhar tábhachtach, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer* (Corcaigh, 2004).
an iarracht uaidh an tubaiste chéanna a scagadh his attempt to examine critically
" Más ea, d’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gurb ionann tubaiste Ignatieff agus an iarracht uaidh an tubaiste chéanna a scagadh.
scagadh checking out
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
scagadh scrutiny
" I ndeireadh an lae ba ar Inspector Jacques Clouseau is mó a smaoinigh Breandán Delap seachas ar Sherlock Holmes nuair a rinne sé scagadh ar an taighde is déanaí faoin teanga a foilsíodh san iris The Economic and Social Review.
scagadh as úr renewed investigation
"scagadh as úr ar scéal Ghaeil na hAstráile dúisithe ag taispeántas atá ar siúl san Iarsmalann Náisiúnta i gCanberra.