Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sciliúil skillful
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
ba sciliúla most skilled
" I bhfocail eile bhuaigh foireann Átha Cliath ar na trí fhoireann ab fhearr a bhí ann ag an am, foirne ar a raibh na peileadóiri ba sciliúla agus ba cháilúla in Éirinn acu.
sciliúla skillful
" Cé go bhfuil imreoirí óga sciliúla ag Áth Cliath tá an iomarca díobh róbheag agus éadrom.
chúram sciliúil skillful care
" Nuair a scaip an drochscéala bhí an-bhrón, ar ndóigh, ar a chuid cairde ceoil, ach de réir a chéile, faoi chúram sciliúil na ndochtúirí agus na n-altraí in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath, tháinig Séan tríd.
an t-iománaí sciliúil the skillful hurler
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
iontach sciliúil very skillful
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
báireoirí sciliúla skillful hurlers
" Shíl gach duine, dar ndóigh, go mbeadh Cill Chainnigh in iomaíocht le Corcaigh don chraobh arís i mbliana ach tháinig báireoirí sciliúla na Gaillimhe idir iad agus an tairngreacht áirithe sin.
sciliúil skillful
" Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos.
an-chumasach agus an-sciliúil very capable and very skillful
" Bíonn cuid de na cluichí chomh leadránach le péint ag triomú, ach é sin ráite bíonn cuid de na cluichí ar fheabhas ar fad agus iad lán imreoirí atá an-chumasach agus an-sciliúil.
níos sciliúla more skillful
" Mar a tharla, nuair a tháinig foireann níos sciliúla ina gcoinne, is é sin Maigh Eo, ní raibh siad in ann eochair an bhua a aimsiú agus chruthaigh Maigh Eo go raibh laigí ar fhoireann Átha Cliath a thiocfadh idir iad agus a sprioc.
an fhoireann ba sciliúla the most skillful team
" Tá mé den tuairim láidir gurb iad an fhoireann ba sciliúla a chonaic mé riamh i ngach gné den imirt.
a sciliúla how skillful
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
Cáil na hidirimeartha sciliúla a reputation of skillful interplay
" Cáil na hidirimeartha sciliúla, glice a bhí ar fhir Átha Cliath san am, agus chleacht foireann Chiarraí luachanna na peile traidisiúnta a raibh béim ar cheapadh na liathróide nó na ‘caide’ fada ard san aer agus í a sheoladh ar aghaidh le cic breá, ard síos an pháirc.
an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm bringing into play the unexpected feat of skill sárimreoirí na haimsire atá thart the excellent players of former times
" Toradh na mí-oiliúna ná imreoirí nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh, an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm faoi mar a dheineadh sárimreoirí na haimsire atá thart - Best, Maradona, Pele, Cruijff is araile.