Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar feadh seala for a while
" Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
sheala turn, spell
" Tá sé ráite go minic gur dóigh go nglacann, nó gur ghlac sé, nó gur bhain sé feidhm as ‘dóp’, nó as drugaí mídhlisteanacha, le linn a sheala mar rothaí gairmiúil.
ar feadh seala for a while
" Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d'fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
ar feadh seala for a while
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.