Pota Focal Intergaelic
Seán | séan | San | scean | sea
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ina theannta sin As well as that
" Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
an scaifte sin that crowd
" An rud a chuireann Balor i leith Chumann na Staraithe Samhailteacha agus an scaifte sin a bhíonn siad ag iarraidh a shásamh, tá sé le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill díreach faoi bhun an fhocail ársa, álainn sin lena gcuireann sé síos ar ghaoth Oileán Thoraí: an focal 'onamataipéach'.
chuige sin for that purpose
" net agus Ireland On-Line a úsáid chuige sin, agus aon chuairteoir chuig an seoladh ponc com a atreorú i dtreo an tsuímh sin go huathoibríoch.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Amhail sin just like that
" Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair': a Liphu dia m*áthair* (= don/ón Life dá m*háthair?*) ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe') Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
ag fíorú na híomhá sin verifying that image
" Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.
chomh tógtha sin so taken with
" Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
chomh súgach sin that merry
" "Bhuel, tá mé ag inse seo duit, char éirigh siad chomh súgach sin taobh istigh de dheich mbomaite," arsa Deirdre.
chomh súgach sin that merry
" "Bhuel, tá mé ag inse seo duit, char éirigh siad chomh súgach sin taobh istigh de dheich mbomaite," arsa Deirdre.
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
sin a chuid anocht that's all he'll have tonight
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
téann sí i bhfeidhm chomh mór sin she makes such an impression
" Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine.
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
sin a chuid anocht that's all he'll have tonight
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
go bhfuil sé sin amhlaidh that that is the case
" Is léir go bhfuil éasclínte sa chóras rialtais i Sasana agus ní ar na hÉireannaigh atá an locht go bhfuil sé sin amhlaidh!
ná codail ar an gcluais sin don't be under that misapprehension
" Ach ná codail ar an gcluais sin! Ní haon amadán é, agus ba shaonta an mhaise do dhuine ar bith glacadh leis gurb ea.
Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa he wouldn't walk all over me like that
" Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa, tá mé ag inse sin duit.
ní bheifeá ina dhiaidh sin air you wouldn't have blamed him for that
" Bhí Antóin marbh tuirseach agus ní bheifeá ina dhiaidh sin air agus an lá oibre a bhí istigh aige.
Ní raibh tada de sin there was none of that
" Ní raibh tada de sin ann le mo linnse.
ar chrios iompair na staire sin on that conveyor belt of history
" Ach ag tús na míosa seo chuir tromlach de bhaill Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) a muinín i David Trimble ar chrios iompair na staire sin ar a dtugtar Comhairle Aontachtach Uladh.
Cheansaigh na sean-Éigiptigh é the ancient Egyptians domesticated it
" Cheansaigh na sean-Éigiptigh é, agus thug na Rómhánaigh go dtí an Eoraip é.
Agus an moladh glórach sin faighte agam with that ringing endorsement
" " "Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?" arsa Tadhg.
na creidiúna sin that credit
" Ach thairis sin, mheas muid gur uirlis fhíorthairbheach í do ghnó Éireannach agus nach bhfuiltear ag tabhairt na creidiúna sin di i láthair na huaire.
faoin tráth sin by that time
" Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
a bhuíochas sin do thanks to
" Feiceann siad sceimhlitheoir ar chúl gach crainn agus thart gach coirneál, a bhuíochas sin do Tom Ridge agus an rialtas.
ar an gcaoi sin in that way
" Ní raibh na ranganna ar siúl aici ach oíche amháin sa tseachtain, áfach, agus gan mhoill thug Ethel faoi deara go raibh an-deacracht acu an teanga a fhoghlaim ar an gcaoi sin.
dá bhrí sin as a result of that
" Ach bíonn smaointe nua ag daoine i gcónaí - agus an t-uafás oibre le déanamh againn dá bhrí sin.
sin an tuige that's why
" ' *Bitch* bheag atá ionat, sin an tuige.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
cúlaigh siar thart ar an choirneál sin reverse around that corner
" " "Tarraing isteach anseo, agus cúlaigh siar thart ar an choirneál sin," arsa McAllister.
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
an chineáil sin geilleagair that type of economy
" Agus tá na postanna a bhí acu sna longlanna agus sna monarchana imithe, mar tá lá an chineáil sin geilleagair thart le fada anois fud fad Iarthar na hEorpa.
Nuair a bhí sé sin curtha di aici When she had finished that
" Nuair a bhí sé sin curtha di aici, phós sí agus bhailigh sí léi as Éirinn.
os a choinne sin on the other hand
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
an figiúr sin a mhéadú fá thrí to increase that figure by three
" Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist.
Dhá bharr sin as a result, consequentally
" Dhá bharr sin, bhí tábhacht mhór le hOileáin Árann mar ionaid faire agus cosanta ariamh anall, ach go mór mór sna meánaoiseanna.
dá dheasca sin because of that
" Ach, ag féachaint dúinn inár dtimpeall, tá fógraí go leor ann ag ár gcara Coca-Cola agus ní go deas atá an hamour ag sleamhnú síos mar, éist! CNN ag scaothaireacht faoin gCogadh ar Sceimhlitheoireacht, mar a thugtar air; dá dheasca sin is deacair eispéireas eitneach a thabhairt ar an gcéad lón anseo againn i nDúbai.
dhíolfadh sí sin ar an aonach tú she'd buy and sell you
" "Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh sí sin ar an aonach tú," arsa Lillian.
go n-oibreodh sé sin that that would work
" *Nah*, níor mheas sé go n-oibreodh sé sin ach an oiread.
shéirse na searbhóige seineafóbaí sin the charge of that bitter xenophobic woman
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
an chistineach fháiltiúil sin that welcoming kitchen
" Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d'fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna? Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna! As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith": *Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh, Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é.
go dtí go dtig athrú air sin until that changes
" Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
an tráth sin at that time
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
Dá dheasca sin because of that
" Dá dheasca sin, d'éirigh sí as a post le díriú ar an cheol amháin agus le bogadh ó dheas ar thóir na gréine agus na farraige, go dtí "tránna áille agus bia blasta".
A dhálta sin that's the case with
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
níor tapaíodh an deis sin that opportunity wasn't seized
má ghéilltear do na fórsaí sin if those forces are yielded to
" Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.
a mhaífeadh an gradam áirithe sin air who would begrudge him that particular award
" Is beag duine a mhaífeadh an gradam áirithe sin air.
an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin to investigate that story in detail myself
" Bhí an-spéis agam i gcónaí i scéal an tuaiscirt agus bhí fonn orm an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin.
Samhlaigh an céapar sin ar fad imagine all that caper
" Samhlaigh an céapar sin ar fad ar an traein go Cathair na Mart.
deireadh sin all that
" Bean bhreá aclaí ab í Myrtle ach bhí deireadh sin goidte ag an ghalar bhradach agus in áit an bhláth a bhíodh i gcónaí ar a craiceann bhí imir mhífholláin bhuí.
Bagair ar na páistí sin Warn/chide those children
" "Bagair ar na páistí sin," arsa Kitty.
le sin a chur i gcrích to achieve that
" Anois, agus próiseas ar bun le sin a chur i gcrích, dar le náisiúnaithe ar aon nós, beidh orthu aithne níos fearr a chur ar a ngaolta deisceartacha.
meallann sé sin that attracts
" I Sydney, Canberra agus Melbourne is airde atá ioncaim agus meallann sé sin daoine as áiteacha eile.
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
Sin cumann nach mbeidh saolach that's a union that won't last long
" "Sin cumann nach mbeidh saolach, tá mé ag inse duit a Úna," arsa an t-athair leis an mháthair.
sin a raibh ionam a dhéanamh that's all I could manage
" " "Órú cúpla coiscéim damhsa, sin a raibh ionam a dhéanamh," ar sise léi.
nár ghoid sí sin it was passed on, inherited
" " "Is cosúil nár ghoid sí sin; bhí an t-iomrá sin amuigh ar an mháthair fosta," arsa Jemma.
a bhuí sin don idirlíon thanks to the Internet
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
a bhuí sin le thanks to
" Cloisfidh tú amhráin i dtaobh na himirce chomh maith, nó fiú tuairiscí nuachta ina dtugtar an scéal is úire faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le trealamh éisteachta an ionaid.
Ní fhágann sin that doesn't mean
" Ní fhágann sin nach n-aithníonn an Coiste leaganacha malartacha, go háirithe más léir go bhfuil glactha ag an bpobal leo.
A chonách sin oraibh It serves you right
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
Os a choinne sin on the other hand
" Os a choinne sin, idir 1938 agus 1995 ní dhearna an Seanad leasuithe ach ar 18% de bhillí agus níor dhiúltaigh siad ach do cheann amháin.
sách sean quite old
" Bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann i 1996 le foireann a bhí sách sean agus i ndeireadh a saoil nádúrtha agus ó shin i leith tá siad ag iarraidh foireann nua a chur le chéile, rud nach bhfuil éasca in éagmais foirne maithe faoi aois.
nach sin mar a bíos isn't that the way it goes
" "Orú, nach sin mar a bíos," arsa a máthair.
ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin squeezing up against those rolls of fat
" Char mhaith liom a bheith ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin," arsa Nuala.
char imigh sin ar Shiobhán Siobhán didn't miss that
" Bhí scéal ag dul ó bhéal go béal le cúpla mí anuas nach raibh Ruth agus Mark ag tarraingt an tsnáithe agus char imigh sin ar Shiobhán.
sin scéal scéil that's tittle tattle
" "Orú, caithfidh sé gur sin scéal scéil," arsa Nuala.
Níl a dhath de sin that's not true
chóir a bheith ó shin i leith nearly since then
" Le blianta fada - agus mé ag éirí aníos agus chóir a bheith ó shin i leith - bhí trí cinn de ghraiméir údarásacha ann, mar atá, an *Réchúrsa Gramadaí, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí *agus *Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil.
chomh forleathan sin on such a widespread basis
" Ach an míbhuntáiste is mó atá ag Microsoft Outlook ná toisc go bhfuil sé in úsáid chomh forleathan sin gur fiú do dhaoine víris a scríobh dó toisc go mbeidh siad cinnte go mbeidh tionchar mór ag na víris sin.
Theip ar an bhanna sin that band failed
" Theip ar an bhanna sin agus chuaigh Jon isteach sa ghrúpa Yes ina dhiaidh sin.
le linn na tréimhse sin during that period
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
sin-seanmháthair great grandmother
" Níor thuig sí ag an am sin go raibh ceangal aici le hÉirinn, gur ansin a rugadh a sin-seanmháthair.
Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin not only did she fulfil that promise
" Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia.
na heachtra millteanaí sin that terrible event
" Ó tharla uafáis an 11 Méan Fómhair, tá na mílte Meiriceánach ag iarraidh dul i ngleic leis an tromluí a bhí fágtha ar shráideanna Nua-Eabhrac i ndiaidh na heachtra millteanaí sin.
Lena chois sin as well as that
" Lena chois sin, faigheann muid urraíocht ó roinnt grúpaí Gaelacha agus ó Ghaeil aonair sa chathair.
dá ngéillfeadh muid don bhrú sin if we gave in to that pressure
" Cé a thógfadh orainn é dá ngéillfeadh muid don bhrú sin? Tá na tuairiscí léite agam, agus scanraíonn siad mé.
i bhfad róchontúirteach chuige sin much too dangerous for that
" Inár gcás féin, ní dóigh liom go ligfidh muid do Dhara ná do Chuán dul ar scoil leo féin go dtí go mbeidh siad cuid mhaith níos sine - tá an príomhbhóthar ar a bhfuil an scoil suite i bhfad róchontúirteach chuige sin.
ar an ábhar sin for that reason
" Ina theannta sin bhí áthas ar mhórán daoine gur bhuaigh Port Láirge Craobh na Mumhan tar éis ceathracha bliain nó mar sin agus, ar an ábhar sin, bliain mhaith iomána a bhí inti.
an cluasán sin atá crochta asat that dumbo who's hanging around you
" Níl de choinníoll ar an tsocrú seo ach go gcuartóidh tú trí tionóntaí eile agus nach mbeidh an cluasán sin atá crochta asat ar cheann acu.
an marlachán de dhuine sin that weakling of a man (lit. person)
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
lena chois sin as well as that
" Thug sé seo sásamh an-mhór di féin go pearsanta ach, lena chois sin, bhraith sí go raibh an bua seo tábhachtach don cheantar.
Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi that trip made a big impression on her
" Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi.
nach mothaíonn sí mar sin níos mó that she doesn't feel like that any more
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
i bhfad níb fhaide ná sin much longer than that
" Bhí na scéaltaí i gcónaí i bhfad níb fhaide ná sin.
an ghrúpa mhíchlúitigh sin that notorious group
" Dúirt sé fiú go raibh a fhios aige gur fhreastail Shanley ar chruinniú de chuid an North American Man-Boy Love Association (NAMBLA) agus gur labhair sé amach ar son an ghrúpa mhíchlúitigh sin.
leis an gcuspóir sin a bhaint amach to achieve that objective
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
scaitheamh ó shin some time ago
" Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad scaitheamh ó shin.
Rinneadh réamhdhátú ar an reachtaíocht sin that legislation was backdated
" Rinneadh réamhdhátú ar an reachtaíocht sin go dtí tús Dheireadh Fómhair sa gcaoi go bhféadfaí é a úsáid sa gcás seo.
níl an cháipéis sin ar fáil ar líne that document is not available online
" Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d'fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne.
Taispeánfaidh sin daofa That'll show them
" * Gluais • Glossary girseachgirl clisteclever giodalachperky, self-conceited ardnósachpompous a mhaíomhasserting go sotalacharrogantly úimléideachuseful ag coimhéadwatching máistreás(female) teacher ag inse d'achan duinetelling everyone ciallmeaning dúilliking Taispeánfaidh sin daofaThat'll show them chuartaigh síshe searched nach bhfuil fiacha orm a insethat I don't have to say a raibh sa rangeveryone in the class sámsáilprattling