Pota Focal Intergaelic
seá | ea | sa | se | seac
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grinneall bottom (of the sea)
" I bhfichidí na haoise seo caite thaispeáin an Ginearál Billy Mitchell go bhféadfadh eitleán amháin long chogaidh ar bith, dá mhéad í, a chur go grinneall.
os cionn an tsáile above the sea
" "Níl ní ar bith is áille ná 'n ghealach os cionn an tsáile, Nó bláth bán na háirne a bíos ag fás ar an droigheann.
Sea go deimhin yes, indeed
" Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d'fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna? Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna! As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith": *Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh, Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é.
Sruth na Maoile The Sea of Moyle
ar chiumhais na mara beside the sea
" Tá na mílte acra sléibhe sa bparóiste, agus tá formhór an daonra ina gcónaí ar chiumhais na mara - tuairim is 1,800 acu.
bhfeilméireacht na mara sea-farming
" Ina dhiaidh sin féin, is i bhfeilméireacht na mara atá an dul chun cinn is fearr feicthe le fiche bliain anuas.
an tSaotharlann Mhara the Sea Laboratory
" Ach, gar do bhaile, beidh daoine ag súil go mbuailfear faoin bhforbairt atá geallta ar an tSaotharlann Mhara, agus ar Áras Shorcha Ní Ghuairim.
breac geal sea trout
" Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir agus neart breac, bradán agus breac geal le fáil ag an iascaire.
faoileáin dhealraitheacha shining sea-gulls
" Dar leis go raibh an fharraige "iontach glan agus lán le faoileáin dhealraitheacha".
an Mhuir Dhubh The Black Sea
" Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.
bhia mara sea-food
" Beidh fáilte roimh dhaoine a chuirfidh spéis sna hábhair: ábhair a bhaineann le cultúr na hÉireann - cultúr na Gaeilge go speisialta - le ceol agus béaloideas, cúrsaí a bhaineann le diagacht agus spioradáltacht agus cúrsaí ar mhuireolaíocht agus ar bhia mara.
sruth na mara sea current
" Cheapfá gur loch atá ann ach ní hea - tá sruth na mara ag teacht isteach ón Aigéan Atlantach.
sáile sea-water
" Tá táirgeadh mór diúilicíní sa Mhaoil Rua freisin mar go bhfuil an sáile glan agus go bhfuil foscadh breá ann.
dhá fhéile mara two sea festivals
" Bíonn dhá fhéile mara (curachaí agus báid seoil) ar an mbaile, Féile an Dóilín agus Féile Chaladh Thaidhg, a reáchtáiltear ag tús mhí Mheán Fomhar.
á dtumadh féin sna tobáin feamainne immersing themselves in the sea-weed tubs
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
iolar mara sea-eagle
" Ar an ros céanna tá áit darb ainm Nead an Iolair, áit a raibh nead ag iolar mara céad bliain ó shin.
boid lice sea anemones
" Léimeann na créatúir ilchineálacha amach as na leathanaigh - na héin agus na héisc, na rónta agus na portáin, na bairnigh agus na boid lice.
na Mara Rua the Red Sea
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
ar chósta na Mara Mairbhe on the Dead Sea coast
" Cúpla uair an chloig ar an mbóthar ó dheas agus beidh tú ar chósta na Mara Mairbhe.
fheamainn sea-weed
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
faoileáin sea-gulls
" Chuala Peadar geabhróga agus faoileáin ag éamh san aer os cionn chladach an locha.
os cionn na mara above the sea
" An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr.
ag bailiú feamainne gathering sea-weed
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
fharraige fhíochmhar ferocious sea
" Bhí solas an halla ag cur na réaltaí ag damhsa ina cuid súl agus bhí a gnúis lasta suas mar a bheadh teach solais ann ar fharraige fhíochmhar mar threoraí d'iascaire i mbaol.
toir fharraige sea stacks
" Is sráidbhaile tréigthe é seo, atá suite in aice leis an chladach, agus cnoic, ailltreacha agus toir fharraige sa chúlra.
Muir Éireann the Irish Sea
" An áit is fearr liomsa - mar a scríobh mé cheana - ná Loch Cuan, a thosaíonn thart fá 15 ciliméadar ó Bhéal Feirste ag Baile Nua na hArda agus a shíneann 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann.
ainmhithe na mara the sea animals
" Bhí thart fá thríocha againn ar an bhád agus an cuspóir a bhí ann ná amharc ar éin agus ar ainmhithe na mara.
thubaistí mara sea disasters
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
sciobadh na farraige the sea's snatching
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
cheangal mara sea link
" Chas mé air i 1987 agus mé ag scríobh gné-alt mór don *Irish Post *faoin cheangal mara atá ann idir Learpholl agus Éire, agus go háirithe leis an Inbhear Mór i gCill Mhantáin, áit ar rugadh agus ar tógadh John.
de Mhuir Éireann of the Irish Sea
" Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus chuir siad fúthu ansin.
iolar mara white-tailed eagle/sea eagle
" uk/scotland) Ar Mhuile, is féidir le daoine an t-iolar mara agus an t-iolar fíréan a fheicáil ar an oileán chéanna agus meallann sin na mílte turasóir gach bliain.
fite fuaite leis an fharraige closely connected with the sea
" Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin.
stad mara a sea stop
" Chuir an Ceisteoir Cunaí Cliste sraith ceisteanna crua cadránta cointinneacha ar dhuine de mhór-Oráistigh agus de mhórdhílseoirí ár linne, agus ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí go bhfuair sé freagraí fírinneacha ar a chuid ceisteanna.
iomaitheoirí mara competitors on the sea
" (Agus ní hé an t-aerlasta amháin atá faoi bhrú ag iomaitheoirí mara.
ag bun na sáile at the bottom of the sea
" An bainseó ======= An bainseó bocht – deirtear gur tús maith míle bainseó ag bun na sáile.
boladh na mara the smell of the sea
" Bhí boladh na mara ar fud na háite.
Scrollaí na Mara Mairbhe the Dead Sea Scrolls
" Is ar cháipéisí ársa, na *Scrollaí Coptacha* a fuarthas i Nag Hammadi san Éigipt, agus *Scrollaí na Mara Mairbhe* a fuarthas i bpluais i Wadi Qumran (trí mhíle dhéag soir ó Iarúsailéim), atá na teoiricí seo bunaithe.
na réaltaí agus an mhuir the stars and the sea
" Ní dhearna mé mórán ann seachas luí ar an trá, snámh san fharraige the agus beoir fhuar a ól, ag breathnú amach ar an ngealach, na réaltaí agus an mhuir.
turtair mhara sea turtles
" Is minic a d'fheicfeá deilfeanna, turtair, turtair mhara agus, corruair, an dugang, atá i mbaol mór anois, timpeall ar na hoileáin.
ar Mhuir Éireann on the Irish Sea
" Seo an áit a dtagadh oilithrigh i dtír i ndiaidh taisteal ar Mhuir Éireann, a bhí ina príomhbhealach ar feadh na mílte bliain.
mar chineál crosbhóthair san fharraige as a kind of crossroads in the sea
" Tá Oileán Mhanann, a bhíodh mar chineál crosbhóthair san fharraige, le feiceáil go soiléir ón áit.
farraigí doimhne deep seas
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
sáile sea
" Turas gairid aoibhinn a bhí ann, na sléibhte thart ar an loch agus scáth na néalta ag corraí tharstu, agus oileáin charraigeacha ghlasa scaipthe anseo is ansiúd sa sáile gorm.
ón Mhuir Thuaidh. from the North Sea.
" Caithfidh go raibh siad urrúnta go maith, mar bhí gaoth fhuar láidir ag séideadh ón Mhuir Thuaidh.
trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, by placing sea-weed wigs on the figures,
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
mar thomhas ar leibhéal na farraige! as a measurement of sea level!
" Agus, bhí smaoineamh ag duine eile go dtiocfadh leis na figiúirí a bheith mar thomhas ar leibhéal na farraige! Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
gur chronaigh siad an fharraige agus na cnoic. that they missed the sea and the hills.
" Sílimse gur chronaigh siad an fharraige agus na cnoic.
idir muir agus talamh. between sea and land.
" Déanann rí na rónta seilchí de Éile Rua ar ball, is é sin, créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna, agus maireann Éile idir dhá shaol – idir muir agus talamh.
ar ghrinneall na farraige at the bottom of the sea
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
tor farraige sea-rock
" Tá screig a dtugtar Nead an Iolair uirthi ar Shliabh Liag agus tor farraige den ainm céanna i Málainn Mhóir.
Shaothraigh sé idir thalamh agus mhuir he worked the sea and land
" Shaothraigh sé idir thalamh agus mhuir lena chuid páistí a chothú.
don mhuir for the sea
" ” Aithníonn an léitheoir grá Mhic Grianna don mhuir sa sliocht beag sin; tá línte an charachtair bunaithe air féin gan amhras.
teiscinn open sea
" Tá Cromba suite ag béal Chaolas Chrombaidh, a bhfuil dhá cheann tíre ollmhóra aige mar chosaint ón teiscinn mhór.
ola ón Mhuir Thuaidh. oil from the North Sea.
" Ansin sna seachtóidí, tháinig tionscal nua: ola ón Mhuir Thuaidh.
i dtreo na farraige in the direction of the sea
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
agus bhruth na farraige and the sea surf
" Ón uair a cuireadh tús le lonnaíocht na nEorpach sa tSír, mealladh turasóirí a bhí ar thóir na gréine, na trá agus bhruth na farraige chun an cheantair álainn seo.
as an Mhuir Thuaidh from the North Sea
" Agus ardú tagtha ar phraghas na hola ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, b’fhéidir go gclúdódh an t-ioncam a bheadh ag teacht as an Mhuir Thuaidh an t-easnamh seo.
Brúnn Shea Shea presses
"Brúnn Shea na cnaipí.
mar a thugadh muid ar an mbreac geal. as we used to call the sea trout.
" Bhí an abhainn seo an-tábhachtach mar bhíodh sí lán bradán agus liocán, mar a thugadh muid ar an mbreac geal.
a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair as soon as Shea started working
" Ní chuireadh seo isteach orm mórán óir a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair ba mhinic a bhíodh sé deacair stop a chur leis.
gur dtí gur chas Shea chugam, until Shea turned to me
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
turais thrasatlantacha farraige transatlantic sea trips
" Rinne mé turais thrasatlantacha farraige agus bhí an-am agam.
san fharraige mhór dhomhain, in the big deep sea
" Thit raic an eitleáin san fharraige mhór dhomhain, ach d’éirigh leis na himscrúdaitheoirí na taifeadáin a aimsiú ar ghrinneall na mara.
ar ghrinneall na mara. on the sea bed
" Thit raic an eitleáin san fharraige mhór dhomhain, ach d’éirigh leis na himscrúdaitheoirí na taifeadáin a aimsiú ar ghrinneall na mara.
loingseoireacht navigation (sea)
" Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh loingseoireachta agus ó thaobh threorú carranna de, ach is mór an cuidiú é an córas satailíte má tharlaíonn éigeandáil – tuile nó crith talún, cuir i gcás – aon áit ar domhan.
ag amharc ar an bhfarraige, looking at the sea
" Chaith mé an tráthnóna ag siúl timpeall na háite agus ag amharc ar an bhfarraige, dála gach turasóra eile.
trasna na farraige. across the sea
" Ó bharr na faille, bhí na Beanna Boirche i gContae an Dúin le feiscint an lá breá sin trasna na farraige.
ag fás as an bhfarraige growing out of the sea
" I bhfad uait, ar íor na spéire, feiceann tú foirgnimh mhóra Atlantic City ag fás as an bhfarraige mar *mirage*.
in aice na farraige beside the sea
" Tá sí suite ar láthair fhíorálainn atá díreach in aice na farraige.
chloch mhara sea stone
" Ar ndóigh, caithfidh go bhfuil tú dall, bodhar agus i do chónaí faoi chloch mhara mura bhfuil a fhios agat go mbeidh toghchán ar siúl i Meiriceá i mbliana.
don fharraige is cóngaraí to the nearest sea
" D’inis sí dom gur turas deich n-uaire atá i gceist don fharraige is cóngaraí do Mhoscó; An Mhuir Bhailt.
Mhuir Artach Artic Sea
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
Muir Chaisp Caspian Sea
" Tuigtear go forleathan go bhfuil píblíne ola BTC ann chun ola a thabhairt ón Muir Chaisp go margaí an Iarthair, ach níl mórán tráchta ar an bpíblíne atá beartaithe le dhul ó Ceyhan sa Tuirc go calafort Ashkelon in Iosrael.
Muir Rua Red Sea
" Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise.
cothrom farraige sea level
" Tá an réileán salainn cúig mhéadar déag faoi bhun cothrom farraige, an áit is ísle ar an ilchríoch, agus fanfaidh an t-uisce ann dá bhrí sin go dtí go ngalófar é.
i bhfarraige by sea
" Tá sé thart ar mhíle amháin i bhfarraige amach ó Eilean Muile nó Mull, mar a thugtar air i mBéarla.
muir sea
" Tháinig na céadta míle thar muir is thar talamh ar lorg an mhiotail, agus rinneadh cathair de bhaile beag San Francisco thar oíche.
thar sáile across the sea
" Agus cad é faoi na Francaigh a bhí ag teacht thar sáile? Ní thig léi canadh fúthu siúd níos mó, nó tá na Francaigh uilig ar shiúl abhaile arís thar sáile, le teann díomá agus ocrais agus bamba agus eile.
go sea as of yet
" com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp) Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea.
ga sea ar in its last gasp
" Tá an ga sea ar Ghaeltacht Mhaigh Eo mar a mheabhraigh Máirtín Mac Donncha, fear Raidió na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh, dúinn cúpla bliain ó shin.
tóin poill bottom of the sea
" Sheol Margaret Thatcher, príomhaire na Breataine ag an am, loingeas na tíre sin isteach san Atlantach Theas agus cuireadh an chuid ba mhó de chabhlach na hAirgintíne go tóin poill.
ghrinneall (sea-)bottom
" Faoi dheireadh b’éigean dul ar thóir na hola i dtobair ar ghrinneall na farraige.
grinneall na farraige the sea bottom
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
Saibhreas an Ghrinnill rich(es) of the sea bottom
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
thar toinn do ráinig chugainn reached us from across the seas
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
sáile sea, briny
" Bíodh is go bhfuil an t-ainm ‘inbhear’ ar an gcineál crogaill eile, cónaíonn sé i réimse leathan gnáthóg, mar shampla sna huiscebhealaí fionnuisce, sna hinbhir sáile agus san fharraige.
ghrinneall (sea)bottom
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
trasna na dtonnta across the sea
" Cluiche breá spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a bhí ag déanamh iarrachta chomh tréan is a bhíodar in ann chun an bua a fháil agus an Corn Ceilteach a choinneáil sa bhaile i gcás amháin nó a bhreith leo trasna na dtonnta go dtí A’ Gháidhealtachd sa chás eile.
a chomhfhilí ina sea his fellow poets at their best
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
go tóin poill to the bottom of the sea
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
Bhóthar na Léinsí tranquil sea (road)
" - Bígí ag éisteacht le Micheál Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún.
os cionn chothrom na farraige above sea level
" Tógadh ardaitheoir sciála idir an baile atá sé chéad méadar os cionn chothrom na farraige agus Méribel atá míle méadar níos faide thuas, turas ar féidir a dhéanamh taobh istigh de fiche nóiméad.
fiántas farraige wild seas
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
meáchan mór na farraige great heaving seas
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
chothrom na farraige sea level
" Úsáidfear an leictreachas a ghinfear chun freastal ní hamháin ar ghnáth-thomhaltóirí, ar fheirmeoirí agus ar lucht tionscail, ach chun uisce a chur suas an sliabh go taiscumar uisce atá seacht gcéad méadar os cionn chothrom na farraige.
faoin bhfarraige i gcoitinne about the sea in general
" Is aoibhinn liom mo phost agus caithfidh mé a rá go bhfoghlaimím rud éigin nua faoi na rónta nó faoin bhfarraige i gcoitinne, chuile lá.
d’ainmhithe na mara for sea animals
" As an lá cinniúnach sin, cuireadh tús leis an *“Irish Seal Sanctuary”* i 1986 i ngairdín Bhreandáin mar thearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe.
an rón mór sea lion
" Níl an rón mór eachtrannach le feiscint i bhfarraigí na tíre in aon chor, taobh amuigh de ghairdín na n-ainmhithe i mBaile Átha Cliath! Níl fíorchluasa ar an rón.
le cumhacht iontach an tsáile through the wonderful power of sea water
" Dar leis an tréidlia, cé nach bhfuil an galar curtha de go hiomlán, tá Dustin níos láidre ann féin anois agus le cumhacht iontach an tsáile, chuile sheans go dtiocfaidh feabhas air ar ball.