Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sheanathair grandfather
" Is cuimhin liom nuair a bhí Peter Reid ag imirt i lár na páirce le hEverton sna 1980í go raibh a lán cainte i gclub sóisialta na nÉireannach faoina sheanathair a bheith ag troid in Éirí Amach na Cásca i 1916.
sin-seanathair great-grandfather
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
sin-seanathair great-grandfather
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
mo shin-seanathair my great-grandfather
" "Tugaimis Little Inverness air, óir is as sin do mo shin-seanathair!" a dúirt leaid amháin as Dún Éideann, ag tabhairt sonc sa bhéal do bhuachaill Éireannach.
thugadh sí aire d'uaigh mo sheanathar she used to care for my grandfather's grave
" Nuair a bhíodh an tsláinte ag mo sheanmháthair, thugadh sí aire d'uaigh mo sheanathar ach chomh maith leis sin ghlanadh sí an uaigh atá in aice láimhe.
Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae Hanafin's grandfather was a county councillor
" Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé ar dhuine de na daoine sin a chuaigh le Fianna Fáil agus le hÉamonn De Valera.
seanathair grandfather
" Suimiúil le rá, tá stair ag baint le healaín fuaime agus ba é seanathair na healaíne coinceapaí é féin, Marcel Duchamp, duine de na chéad ealaíontóirí, a d’úsáid fuaim ina chuid ealaíne féin.
shin-sin-sin-seanathair great-grt-grt-grandfather
" Agus nár éirigh thar cinn leis? Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a shin-sin-sin-seanathair.
sin-seanathair great-grandfather
" Roz Glannon, leascheannaire Comhairle na Cathrach, go dtáinig a sin-seanathair ó Chorcaigh go Learpholl in am an Drochshaoil nuair a bhí sé 10 bliana, an t-aon marthanóir amháin as teaghlach deichniúr.
seanathair grandfather
" Ba as Baile Átha Cliath seanathair an Mhéara, ach téann an ceangal idir an leathinis agus an Life i bhfad níos sia siar ná sin, ar ndóigh, mar a mhínigh an tOllamh Harding ina leabhar ‘Ingimund's Saga: Norwegian Wirral’ *(Countrywise Publications, 2000)*.
a sheanathair féin his own grandfather
" Ba as An Bhreatain Bheag m'athair, ach ba as Éire a sheanathair féin," a d'inis sé dom.
mo shin-sheanathair my great-grandfather
" Ba iascairí agus ba ghliomadóirí mo shin-sheanathair agus mo sheanathair.
thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair very proud of the great-grandfather
" 
D'éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa "chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta" - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann.