Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sheilg to hunt
" Feicim iad ar an teilifís, na béir fhiata fhraochta ar ghnách liomsa iad a sheilg go fíochmhar, anois ag sraoilleadh thart go muirneach fána thionchar.
Éan seilge ríogúil maorga regal stately hunting bird
" Éan seilge ríogúil maorga atá ann ach éan a gcuirfeadh éanacha beaga gan tábhacht an ruaig air más gá.
ag seilg hunting
" "Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d'fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta," a deir Balor an Réamhstaraí.
seabhaic sheilge peregrine falcons
" Ar an bharr tá creig ar a gcónaíonn seabhaic sheilge.
Théidís ag seilg agus ag iascaireacht they used to go hunting and fishing
" Théidís ag seilg agus ag iascaireacht fá choinne bia, agus bhailídís torthaí agus cnónna.
sheilg siad they hunted
" ) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan – rud nach raibh amhlaidh – agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
an tseilg the prey, kill
" Ach ba chuma leis an duine a bhí taobh thiar den ghunna; bhí seisean (nó sise) fós in ann grianghraif a thógáil de nó di féin leis an tseilg, agus fós in ann scéalta móra a inseacht dá c(h)airde faoi.
blaosc madaidh seilge the skull of a hunting-dog
" Tá cnámha ainmhithe ann, blaosc madaidh seilge san áireamh.
sheilg siad na héin mhaorga seo. they hunted these stately birds.
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
á sheilg hunting it
" Tá súil agam nach mbeidh daoine á sheilg dá thairbhe seo.
ar mhuca fiáine a sheilg siad on the wild pigs that they hunted
" Mhair siad, ar éigean, ar mhuca fiáine a sheilg siad sna coillte agus bhí siad ag brath chomh maith ar na bradáin ar rug siad orthu san abhainn lena líonta.
seilg na míolta móra whale-hunting
" Tá sé íorónta go bhfuil faire ar mhíolta móra anois ar cheann de na díolta is mó spéise i measc na dturasóirí toisc go raibh seilg na míolta móra ina mhórthionscal daichead bliain ó shin.
ag seilg sa choill hunting in the wood
" Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú.
i seilg ainmhithe móra in hunting big animals
" Dála a chara Bernhard agus cheannairí eile CFD, tá dúil mhór ag Diúc Dhún Éideann i seilg ainmhithe móra – tíogair, eilifintí, agus araile; na hainmhithe sin uilig ba chóir dóibh a bheith ag caomhnú.
sheilg sé leis he continued to hunt
" Bhí cead a chinn aige agus sheilg sé leis.
Dhéantaí seilg used to hunt
" Dhéantaí seilg ar ainmhithe agus bhaintí feidhm as luibheanna mar leigheas san fhoraois.
seilg hunting
" Tá an ‘chasse à l’homme’ dírithe ar áiteanna a bhfuil taithí ag an teifeach orthu, is iad sin na coillte agus na foraoiseacha inar chaith sé na blianta fada ag obair agus ag seilg i gceantar an Seine et Marne.
ag seilg hunting
" Tá stair a théann i bhfad siar ag baint léi toisc go dtagadh ríthe na Fraince féin amach ó Pháras chun laethanta fada a chaitheamh ag seilg ann.
a ndúichí seilge their hunting ground
" Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.
Seabhac Seilge peregrine falcon
" Romhat anois tá sraith fógraí eolas den teideal “Ag Siúl tríd Dhún na nGall” (sic) faoi ábhar mar “Seabhac Seilge” “iascaireacht” agus a leithéid.
i mbun seilge while hunting
" Cé go bhfuil siad an-mhór, bogann siad go han-tapa thar achar gairid agus iad i mbun seilge.
seilg le saighead to hunt with a dart(s)
" Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith).
fonn seilge air intending to hunt
" Cad a thug go dtí an Afraic é, agus fonn seilge air, nuair atá duine as ceathrar dá lucht géillsine gan obair ar bith? Baineann costas mór le turas mar é, is ní nós le ríthe tarraingt as a n-acmhainní féin.
i mbun na seilge while hunting
" Is é oighear an scéil nach mbeadh aon chaint ar an turas in aon chor murach gur thit an rí i mbun na seilge agus bhris a chromán.
seilg an mhíl mhóir whale hunting
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
a sheilg tráchtála the commercial hunting of it
" Bíodh is go bhfuil rialtas na hAstráile in éadan sheilg an mhíl mhóir, ba thionscal an-tábhachtach é a sheilg tráchtála tráth dá raibh.
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir a policy of anti-whale hunting
"dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
fíorláidir in éadan na seilge are strongly opposed to the hunting
" Tá dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
faoin tseilg mhídhleathach about illegal hunting
" Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a d’fhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.
na seilge agus cnuais hunter gatherer
" Is ar mhuintir na seilge agus cnuais sa Chéinia, na hOgiek, a dhírigh Alan Desmond aghaidh a thuairisce san alt seo.