Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seile spit
" Chaith duine éigin seile uirthi ó bhus a bhí ag gabháil thart.
seile spittle
" Dá n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach ní fhágfadh sé a stól ann riamh arís; d'íocfadh sé a chuid billí in am; ní chaithfeadh sé seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; ní chuirfeadh sé uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh sé bosca scór Carrolls agus an *Star* agus an *Sun* isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sé sa Joy - é sin ar fad, agus níos mó, dá dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus dá gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.
seilí spit
" Gheobhadh Pobal Dílis Thuaisceart Bhéal Feirste bábóga gléasta in éide Scoil Cailíní Ard Eoin le go dtiocfadh leo seilí a chaitheamh leo i rith laethanta saoire na Nollag, ar eagla na n-airíonna aistarraingte agus an scoil druidte.
chaitheadh daoine seile orm people used to spit at me
" D'éirigh mé as an tsiopadóireacht a dhéanamh sa bhaile sin, mar chaitheadh daoine seile orm.
seile agus cúr spittle and froth
" Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna.
seile a chaitheamh spitting at
" Uirísle === Cineál eile iompar gránna atá tagtha chun cinn le déanaí is ea seile a chaitheamh le himreoir eile.