Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beidh a port seinnte it will be finished
" Níl sé rómhall leis an Ghaeltacht a shábháil ach muna gcuirfear infheistíocht ar fáil agus pleanáil chuí i bhfeidhm go luath, dírithe ar theaghlaigh agus ar pháistí óga, is cinnte go mbeidh a port seinnte.
a sheinneann uirlis eile a roghnú to choose a musician who plays another instrument
" " Tá Carolan den tuairim nach bhfuil cláirseoir traidisiúnta eile beo atá inchurtha le Bell agus, má chinneann na Chieftains ar dhuine a fháil ina áit, gurbh fhearr dóibh ceoltóir a sheinneann uirlis eile a roghnú.
a sheinn who played
" Beidh cuid de na ceoltóirí a sheinn ar an dlúthdhiosca linn sna ceolchoirmeacha, so oícheanta móra a bheas i gceist mar go mbeidh deichniúr againn ar an stáitse.
Sheinninn I used to play
" Sheinninn le mo dhlúthchara Mike Long, fear cumasach a rinne fidil dó féin agus a dhéanann hologramaí ina chomhlacht féin.
a sheinneann siad that they play
" Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad.
seinnim I play
" Bhí grúpa ceoil agam féin anseo sa Róimh ach scar muid i mbliana, mar sin seinnim ag seisiúin gan grúpa ar bith anois.
sheinnfeadh sé leo he'd play along with them
" Rachainn trasna chuig a theach agus thógfadh sé amach seantéipeanna de Rowesome agus Touhy agus sheinnfeadh sé leo, nóta ar nóta! Dochreidte! AÓF: Cad leis a mbíonn tú ag éisteacht? An bhfaigheann tú dlúthdhioscaí as Éirinn nó an éisteann tú leis an gceol mar a sheinntear i Chicago é? SR: Aon uair a théim go hÉirinn ceannaím meall mór dlúthdhioscaí ó Cheirníní Cladaigh.
Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha when the music is played too fast
" AÓF: Céard nach dtaitníonn leat sa cheol Gaelach? SR: Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha nó nuair atá an iomarca béime ar an ornáidíocht seachas ar an gcroí atá sa cheol.
sheinneadh sé he used to play
" Ach cá has ar tháinig *cornucopia *an cheoil atá go smior i Neil Martin? "Is é an chéad chuimhne atá agam i mo shaol - gan a bheith ag caint ar an cheol - caithfidh sé go raibh mé beagainín níos sine ná mo mhac is óige Neil Óg, bhí mé thart ar thrí bliana d'aois, agus is cuimhin liom gur mhúscail mé maidin Domhnaigh amháin, boladh *Ulster Fry* fán teach agus fuaim Aifreann Bach in B Minor! "Bhí seanseinnteoir ceirníní ag m'athair agus thugadh sé amach ón seomra suí é go dtí an halla agus sheinneadh sé Kyrie Eleison.
Bhí mo phort seinnte I was finished
" Bhí mo phort seinnte, mar a déarfaí - ag sciotaíl faoi a bhí mé ach ní raibh ann ach searbhas chun an brón a sheachaint.
a sheinneadh sé san árasán that he used to play in this apartment
" Bhí cúpla ceirnín de chuid Cheoltóirí Chualainn ag Brian a sheinneadh sé san árasán.
a sheinntí that used to be played
" ”Ach bhí daoine eile in Albain a d’aithin gur uirlis aonair a bhí sna píobaí roimh thús áite bheith tugtha don ghné mhíleata, gur uirlis í a sheinntí ag damhsaí agus gur ghnáthuirlis a bhí inti.
cén fáth a seinneann tú ceol why you play music
" AÓF: Dá gcuirfinn ceist ort cén fáth a seinneann tú ceol, céard a déarfá? MNíE: Tá mé an-tógtha leis an gceol agus is maith liom a bheith ag casadh os comhair daoine.
a sheinneann im’ theannta who play along with me
" Tá ceoltóirí a sheinneann im’ theannta ar nós Úna Ni Chiosáin ar an veidhlín, Tom O’Connell ar an gcairdín, agus Mary Conroy ar an ngiotár, a bhíonn ar Radio Kerry im’ theannta gach aon oíche Dé hAoine ar “Kingdom Céilí” óna hocht go dtí na deich.
a sheinneann who play
" Tá grúpaí sa tír chomh maith a sheinneann an ceol traidisiúnta agus is féidir iad a chluinstin sna tithe tábhairne nó, ar ocáidí áirithe, i gClub na nÉireannach.
na bunscileanna seinnte the basic playing skills
" Is dócha freisin go raibh sé ar cheann des na chéad phíosaí a chóirigh an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé, do réamhbhabhtaí Slógadh – píosa simplí ach álainn ceoil a bhí éasca go leor a sheinnt gan ach na bunscileanna seinnte foghlamtha againn.
ní fada go mbeidh a phort seinnte it won't be long until he is finished
" Ach má fhéachann sé lena chomhairle féin a dhéanamh, ní fada go mbeidh a phort seinnte.
na bunscileanna seinnte the basic playing skills
" Is dócha freisin go raibh sé ar cheann des na chéad phíosaí a chóirigh an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé, do réamhbhabhtaí Slógadh – píosa simplí ach álainn ceoil a bhí éasca go leor a sheinnt gan ach na bunscileanna seinnte foghlamtha againn.
a stíl seinnte his style of playing
" Dhírigh mé mo chuid taighde ar a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.
mo chuid seinnte féin a fhorbairt to develop my own playing
" Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
a sheinneamar that we played
" Ní hamháin go raibh an leagan a sheinneamar le hOki ann ach bhí leagan eile ann a dhein DJ Seapánach, Sakana, a athmheascadh ar ár son.
go raibh a phort seinnte that he was finished
" Thréig na comhlachtaí ceirníní ar fad é agus cheap a lán go raibh a phort seinnte.
seinnte played
" Dhá uair an chloig go leith seinnte, pionta nó dhó Guinness, comhrá cairdiúil, obair déanta, cúpla punt agus slán abhaile.
nach seinnfí ceol den scoth that the best of music wouldn't be played
" Agus ceoltóirí mar sin i láthair, ní fhéadfadh sé tarlú nach seinnfí ceol den scoth don lucht éisteachta mór a bhí i láthair.
ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis. who remembered how the instrument was played.
" “Cén fáth nach seinneann tú é seo?” Bhí seinnt an Tonkori tar éis bás a fháil ach thosaigh Oki ag éisteacht le pé taifeadtaí a bhí déanta roimhe sin agus thosaigh ag labhairt le seanóirí ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis.
go seinnfear ar an raidió é, that it'll be played on the radio,
" Tá súil agam nach rachaidh sé ina choinne é bheith i nGaeilge, tá súil agam go seinnfear ar an raidió é, ar Today FM agus áiteanna mar sin.
caighdeán iontach ard seinnte a very high standard of playing
"caighdeán iontach ard seinnte ag an dream úd.
go bhfuil a port seinnte. that the language is finished.
" Deir sé gur cineál d'eisceacht í an Bhriotáinis; níl sé chomh fada sin siar ó bhí milliún duine ag labhairt na teanga sin ach tá titim thubaisteach tagtha ar líon na gcainteoirí le cúpla glúin anuas, agus measann Krauss, agus beagnach gach teangeolaí eile, go bhfuil a port seinnte.
seinneann seisean he plays
" Ansin Manus, seinneann seisean ar an ghiotár agus, san aghaidh, tá sé cosúil le Mícheál s’againne nuair a bhí seisean an aois chéanna.
cén bealach a sheinn sé what way he played
" Ba mhaith liom a cheapadh go gcabhródh sé leo codladh na hoíche a fháil seachas a bheith ag dúiseacht i lár na hoíche ag iarraidh a dhéanamh amach cén bealach a sheinn sé a leithéid seo nó a leithéid siúd.
seinnte played
" Ansin bheartaigh mé ar na foinn don chláirseach a bheith seinnte ar an gcláirseach.
Seinntear chuile phíosa go mall, each piece is played slowly,
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
Dá mhéad a sheinntear fidil, the more a fiddle is played,
" Dá mhéad a sheinntear fidil, is ea is mó a thagann an fhuaim atá inti amach aisti.
a sheinneann an fheadóg chomh maith who also plays the whistle
" AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam? LMacM: An píobaire Mícheál Ó Briain, a sheinneann an fheadóg chomh maith ar an albam, Caoimhín Ó Raghallaigh ar an bhfidil, ar an bhfeadóg mhór agus an bhfeadóg stáin agus ar uirlis thaibhsiúil ón Iorua darb ainm an hardanger.
an uair dheireanach a sheinnfeadh muid the last time we'd play
" Ón stáitse ag Féile Chois Fharraige i gCill Chaoi, dúirt Rónán gurbh é sin an uair dheireanach a sheinnfeadh muid an t-amhrán "Glanfaidh Mé".
tá fonn seinnte uirthi she's in the mood for playing
" Ní deir Dee aon ní ach tá fonn seinnte uirthi agus fonn mór pleidhcíochta uirthi chomh maith.
an-chuid seinnte sa chiúnas. a lot of playing in the quietness.
" Tá an-chuid le déanamh againn – an-chuid pleidhcíochta agus an-chuid seinnte sa chiúnas.
a sheinneann tú you play
" *Antaine Ó Faracháin: Tá aithne ort mar fhidléir, ach céard iad* *na huirlisí eile a sheinneann tú* *seachas an fhidil?* Tara Connaghan: Bhuel, is í an fhidil mo phríomhuirlis, ach thosaigh mé ag seinm an ghiotáir ar dtús agus mé naoi mbliana d’aois.
Tháinig feabhas thar cuimse ar a chuid seinnte His playing improved massively
" Tháinig feabhas thar cuimse ar a chuid seinnte le linn dó a bheith ann.
ag seinn an phianó sa stiúideo gan choinne, unexpectedly starting playing the piano in the studio
" Nuair a thosaigh sé ag seinn an phianó sa stiúideo gan choinne, rinneamar taifeadadh ar a chuid ceoil chomh maith.
ag seinn an phianó playing the piano
" Agus í dhá bhliain d’aois, thosaigh sí ag seinn an phianó agus bhí sí páirteach sa chór eaglasta ó bhí sí ábalta canadh.
bhí port Eddie seinnte. Eddie was finished.
" Bhí sé thar am d’Eddie imeacht -- b'in tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí agus bhí port Eddie seinnte.
Sheinneamar we played
" Sheinneamar ceol a bhí an-chosúil le ceol na hÉireann lena chéile – poirt, ríleanna agus mar sin de – agus bhraitheas go raibh an nasc sin ann.
bhí port na foirgníochta beagnach seinnte the game was almost up for the building (trade)
" Ach bhí port na foirgníochta beagnach seinnte faoin am sin.
Sheinn siad they played
" Sheinn siad sa Iron Door Club, áit ar bhuail na Beatles iad féin seacht n-uaire sna blianta 1961-62 sular bhog siad go dtí The Cavern, club i bhfad níos lú.
sheinn played
" Bhí sé ina bhall den Extra Stout Band, agus bhí sé an-mhórtasach nuair a sheinn sé ar a chonsairtín os comhair Mháire Bean Mhic Giolla Íosa nuair a thug sí cuairt ar Learpholl.
nach mbeidh port Assange seinnte his game shall be up
" Is deacair a shamhlú nach mbeidh port Assange seinnte go luath ar shlí amháin nó eile, nuair a chuimhneoidh tú a chumhachtaí is atá na naimhde ina choinne.
níor sheinneamar we didn’t play
" Tá an-aithne againn orthu leis na blianta ach níor sheinneamar ceol leo.
bhí a phort seinnte he was finished
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
Seinneann clann family play
" Seinneann clann Dhonncha ar dhá rian agus ar ‘The Maid of Mont Cisco’, tá tionlacan ar an ngiotár ag Mark Kelly, cara mór Donncha.
a phort seinnte he had no chance
" Bhí a fhios ag an saol go raibh a phort seinnte nuair a dhiúltaigh Ardchúirt na Stát Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ar an 20 Meán Fomhair, ainneoin achainí ar an stát a shínigh milliún duine.
Tá a bport seinnte an iarraidh seo their finished this time
" Tá a bport seinnte an iarraidh seo áfach – a bhuíochas don CAI!
sheinnfeadh would play
" Trí leagan MP3 de phíosaí ceoil a phacáistiú i siopa, ar líne agus trí ghiúirléidí a fhorbairt a sheinnfeadh MP3anna (ríomhairí, iPod, iPad), tá deich billiún píosa ceoil díolta ar iTunes go dtí an lá inniu! Sea, DEICH BILLIÚN! Séard atá san MP3 ná píosa ceoil, i bhfoirm dhigíteach, atá aon uair déag níos lú ná an buncheol.
seinnte played
" Chuir sí caint orm nuair a bhí mo phíosa seinnte agam.
Bhí port Bashar al-Assad seinnte Bashar al-Assad’s game was up
sheinneadh siad they used to play
" Thosaigh na Beatles ag seinm sa Cavern Club i Mí Eanair, 1961, ach sheinneadh siad san Aintree Institute agus Orrell Park Ballroom i Walton go rialta fosta.
na n-aíonna aitheanta a sheinn the well known guests who played
" I measc na n-aíonna aitheanta a sheinn ar ardán an *Electric* bhí na *Sex Pistols, Thin Lizzy, Iggy Pop, The Clash, Joy Division, U2, The Smiths* agus *Oasis*.
Sheinn played
" Sheinn Terry Coyne an fonn ‘Táimse i mo chodladh’ ar an fheadóg mhór roimh na mílte a bhí ag slógadh i lár Learphoill ar 12 Meán Fómhair, lá eisithe tuairisc ón *Hillsborough Independent Panel*.
fad is a seinneadh amhrán náisiúnta while the national anthem was song
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
seinneann plays
" Cad chuige sin? Mar tá a fhios ag daoine, seinneann Julie bunús achan uirlis ar gach díolaim.
sheinn na píobairí áitiúla the local pipers played
" Bhí mé féin ‘ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán agus bhí scaifte mór i láthair, áit ar sheinn na píobairí áitiúla Fáinne Geal an Lae.
a sheinneann ar fheadóga móra éagsúla who plays various flutes
" Béal Feirsteach é Desi Wilkinson a sheinneann ar fheadóga móra éagsúla agus ar an fheadóg stáin.
a sheinneann who plays
" Cloistear ón bhfear ceoil teaspúil a sheinneann dosna turasóirí ólta ar Bourbon Street (Wendell Peirce ó *The Wire*) tar éis dó gach aon iarracht a dhéanamh suíomh níos airde a dh’fháilt.
tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol there’s news about the loyalist band that played taobh amuigh de Theach Pobail outside the parish church
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
sheinnfear is played
" Fís na Saorántachta Éireannaí ============= Nuair a sheinnfear Amhrán na bhFiann ar theacht an Uachtaráin go Sasana, cuirfidh sé ina luí orainn a ghlaine is a rinneamar an briseadh ó cheannas Westminster.
seinneann sé an fhidil leis he plays the fiddle also
" Is píobaire é agus seinneann sé an fhidil leis.
Sheinneamar go minic lena chéile we often played together
" Sheinneamar go minic lena chéile i Luimneach.
gléasanna seinnte ceoil music playing devices
" Murach an tOirmhinneach Nicholas Callan agus eolaithe eile Éireannacha seans nach mbeadh gléasanna seinnte ceoil mar an iPod chomh maith is atá siad, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
tá port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte his time is up
" “Tá lucht na Gaeilge lán go draid le cleasaibh deontasaíochta” a dúirt an Coimisinéir Fiacla le Balor Béimeann, “ach tá port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte ag Erectus 2011!”