Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ndáiríre serious
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
dáiríre serious
" Go mbeidh an rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus go gcuirfidh siad an maoiniú ceart ar fáil chun í a chaomhnú agus a neartú.
dáiríre serious
" Bhí sé ar intinn ag lucht stiúrtha na scéime a bheith dáiríre, díograiseach agus foighdeach.
ar bhonn lándáiríre in a totally serious way
" Bhí tréimhsí caite agam sa Rúis agus, mar sin, bhí a fhios agam go raibh suim i dteanga, i gcultúr agus i gceol na hÉireann ag na Slavaigh (tá Roinn an-bheag i Státollscoil Mhoscó ina múintear rud beag Gaeilge agus Briotáinise) ach ba é seo an chéad uair domsa a chloisteáil go raibh Roinn ollscoile in Oirthear na hEorpa a bhí ag plé leis an nGaeilge ar bhonn lándáiríre.
coireanna tromchúiseacha serious crimes
" Ag deireadh na míosa seo caite, d'fhág cairteitleán Torino ar a raibh líon mór Nigéarach a bhíothas ag cur ar ais abhaile agus a raibh roinnt mhaith coireanna tromchúiseacha curtha ina leith.
lándáiríre totally serious
" Nach bhfuil sé in am ag Foras na Gaeilge smaoineamh ar chúpla seift den tsórt san? (Táim lándáiríre, a mhic-ó is a inion-ó).
ní fhéadfainn a bheith dáiríre I couldn't be serious
" Muna mbeinn ní fhéadfainn a bheith dáiríre faoin chuid is mó de na rudaí atá ar siúl agam! Beidh an dráma Aingilín le feiceáil ar na dátaí seo thíos: ======= **Caife Bananaphoblacht, Sráid Doiminic, Gaillimh** Dé Sathairn, 16 Samhain, 8.
ró-thromchúiseach too serious
" Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith nó tá an rud ar fad ró-thromchúiseach agus ró-léanmhar go mór.
i bhfad níos tromchúisí far more serious
" Bíonn fadhbanna dlí i gceist freisin - ábhar atá i bhfad níos tromchúisí toisc go ndéantar damáiste fadtéarmach d'ainm agus do sparán na heagraíochta.
dáirire serious
" Deirimse leo, 'Más mian leat é a dhéanamh, déan é! Muna bhfuil tú dáirire faoi, ná bí ag caint faoi!" Saoririseoir ======= Tá Linda i mbun an lóistín, agus tá Paul ag obair mar shaoririseoir agus mar chomhairleoir.
dáiríre serious
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
sraith tionscadal a serious of projects
"sraith tionscadal ag feidhmiú faoi scáth na heagraíochta.
dáiríre serious
" De réir Teachta Dála Shinn Féin, Aonghus Ó Snodaigh, a bhain suíochán amach sa cheantar sin anuraidh, ní léir go bhfuil an rialtas seo dáiríre faoi fhadhb na drugaí.
tromchúiseach serious
" "Is galar iontach tromchúiseach é," a dúirt siad liom, "agus buaileann sé airí rialtais go háirithe.
tromchúiseach serious
" Tugtar *thalassotherapy *ar an leigheas sin, agus tháinig rath air sna seascaidí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige.
i bhfad níos tromchúisí much more serious than that
" Ní hea, ach scéal i bhfad níos tromchúisí ná sin.
i ndáiríre serious
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai

" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
pointe dáiríre serious point
" Tá faobhar ar a scríobhann sé - bíonn a altanna i gcónaí greannmhar ach bíonn pointe dáiríre á dhéanamh in achan cheann acu, bíodh sé ag scríobh fá pholaitíocht, fá dhaoine aeracha ó thuaidh, fán turasóireacht sna Se Chontae nó cibé rud.
i bhfad níos tromchúisí a lot more serious
" Is é mo bharúil go bhfuil fadhbanna i bhfad níos tromchúisí ná an seicteachas le réiteach in Albain.
tromchúiseach grave, serious
" Cuirtear na sonraí a bhaineann leis an ábhar tromchúiseach seo i bhfolach go minic, agus is léir nach bhfuil na húdaráis chuí ná na ranna Stáit ag déanamh mórán infheistíochta chun réiteach a fháil ar an fhadhb shóisialta seo.
níos dáiríre more serious
" Lorgaímid comharthaí dóchais ar bhealach níos dáiríre ná mar a shantaímid uimhreacha *lotto*.
dáiríre serious
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
Is tromchúisí more serious
" Is tromchúisí fós cás an chaisleáin i gCarraig Mhaighin, a tháinig sa mbealach ar na M50.
an-dáiríre very serious
níos dáiríre more serious
" Cuid eile againn bímid a bheag nó a mhór níos dáiríre faoin scéal.
Buille níos tromchúisí a more serious blow
" Dúirt sé fosta: "An céasadh? Buille níos tromchúisí do na Stáit Aontaithe ná 11 Meán Fómhair.
eachtraí tromchúiseacha weighty/serious events
" eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
impleachtaí tromchúiseacha serious implications
" Má chuirtear san áireamh nach féidir obair a fháil i gceantracha áirithe sa nGearmáin - in oirthear na tíre mar shampla - is léir go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis an dlí nua.
faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo about this very extremely serious matter
" Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.
níos tromchúisí arís even more serious
" Ach, níos tromchúisí arís, cuirfidh an damba seo seanchultúr rúnda go mór i mbaol.
dáiríre serious
" "Is ea," a dúirt Stephen Deuchar, stiúrthóir Tate Britain, "tá sé measartha dáiríre i mbliana.
fíordháiríre extremely serious
" Bhíodh sé “fíordháiríre” faoin liathróid láimhe fosta agus é ina uachtarán ar an gCumann Liathróide Láimhe in Ollscoil na Ríona.
níos tromchúisí more serious
" An rud nár tugadh mórán airde air ná conspóid eile, i bhfad níos tromchúisí, b’fhéidir, a raibh baint aici le dath chomh maith, a tháinig chun cinn le linn shéasúr seo na Féile Pádraig atá díreach críochnaithe.
fiosrú dáiríre serious investigation
" Dúirt saineolaí amháin a bhfuil na scéalta sin ar fad cloiste aige nach raibh ach dhá thuairisc ó 1936 i leith gurbh fhiú fiosrú dáiríre a dhéanamh orthu agus, sa dá chás sin, nach raibh fianaise ar bith aimsithe go raibh an t-ainmhí fós beo.
tromchúiseach serious, grave
" Líomhaint thar a bheith tromchúiseach é seo atá ag teacht salach ar an léamh traidisiúnta ar an stailc ocrais, is é sin go raibh na ceannairí lasmuigh ag tathant ar na príosúnaigh éirí as an agóid.
níos tromhchúisí more serious
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
chomh tromchúiseach how serious
" An é nach dtuigeann reachtóirí na tíre chomh tromchúiseach is a bhí an Tuarascáil? Nuair a bheas an focal deireanach scríofa fá imeachtaí an Bhinse, beidh ar an Aire Dlí is Cirt atheagrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Gardaí - ón Choimisinéir anuas agus ón ábhar garda sa Teampall Mór aníos.
líomhaintí tromchúiseacha serious allegations
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
i bhfad ródháiríre much too serious
" Níl sé ceart go gcuirfeadh duine roimhe olc a chur ar dhaoine d’aonghnó, go háirithe i gcúrsaí creidimh, ach uaireanta bíonn lucht reiligiúin i bhfad ródháiríre fúthu féin agus bíonn sé rófhurasta olc a chur orthu.
níos tromhchúisí more serious
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
chomh tromchúiseach how serious
" An é nach dtuigeann reachtóirí na tíre chomh tromchúiseach is a bhí an Tuarascáil? Nuair a bheas an focal deireanach scríofa fá imeachtaí an Bhinse, beidh ar an Aire Dlí is Cirt atheagrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Gardaí - ón Choimisinéir anuas agus ón ábhar garda sa Teampall Mór aníos.
dáiríre serious
" Má ghlactar leis an mholadh deireanach a rinne an tAire Sláinte Mary Harney (agus níl amhras faoi ach gur duine í atá dáiríre faoina cuid oibre agus a bhfuil coinsias aici) beidh orthu siúd i nDún na nGall a bhfuil ailse orthu taisteal go Béal Feirste le cóir leighis a fháil.
is tromchúisí most serious
" Seans, áfach, go bhfuil an moladh seo róshimplí do lucht pleanála i gcúrsaí leighis sa tír seo! Nuair a thagann drochshláinte ar dhuine, bíonn sé ar cheann de na rudaí is tromchúisí a d’fhéadfadh tarlú ina shaol.
dáiríre serious
" ‘Dhá uair an chloig de phíobaireacht aonair? An bhfuil tú dáiríre?’ Ansin bhí siad buartha go mbeadh ceol na bpíob mór á sheinm taobh istigh de halla measartha beag agus ní amuigh i bpáirc faoin tuath!” Ach admhaíonn Brian go raibh “fadhb ó thaobh íomhá de” ag na píobaí.
impleachtaí tromchúiseacha serious implications
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
dáiríre serious
" “I ndáiríre, leis an gcaidreamh atá againn leis na heagraíochtaí Stáit, ní shílim gur ábhar an-mhór ar an gclár oibre acu é seo.
impleachtaí tromchúiseacha serious implications
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
mhórchúis serious crime
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
mhórchúis serious crime
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
cuma dháiríre serious look
" Mar sin, nuair a d’inis mé dóibh nach Giúdach a bhí ionam, dúirt siad: “Mr D, cad é atá ionat?” Deirim de ghnáth, agus cuma dháiríre ar m’aghaidh, gur duine dubh mé, agus fanaim leo scairteadh amach ag gáire sula ndeirim: “Is Caitliceach Éireannach mé.
i bhfad níos tromchúisí a lot more serious
" agus seans go bhfuil an ceart ag an té a déarfadh go bhfuil an iomarca seafóide sna meáin faoi chúrsaí spóirt nuair atá rudaí i bhfad níos tromchúisí ag tarlú sa saol.
fíordháiríre extremely serious
" Tá dhá chúis ann gur cheart do CLG bheith fíordháiríre agus cúramach faoin ábhar seo, is é sin, sábháilteacht daoine agus dea-cháil na gcluichí agus an chumainn.
Cinneadh an-tromchúiseach a very serious decision
" Cinneadh an-tromchúiseach ab ea é seo mar go léiríonn sé nach dócha go scaoilfí an buneolas faoin iarratas bréige amach dá ndéanfaí é a lorg tríd an bhealach oifigiúil atá leagtha amach ag an Stát.
lándáiríre totally serious
" An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu ná go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar! Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi.
líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe serious unproven allegations
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí chuig a chara Sam Smyth.
cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta serious terrorist charges
" Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF.
fadhbanna tromchúiseacha serious problems
" Dúirt an cigire leo go raibh fadhbanna tromchúiseacha leis an pharáid, mar shampla go bhfacthas duine amháin agus deoch mheisciúil ina lámh aige.
iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo very serious about these causes
" Bhí a iníon iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo agus chuir sin a sheacht n-iontas air.
lándáiríre totally serious
" Tá ár bpolaiteoirí lándáiríre agus iad ag déanamh ceap magaidh díobh féin.
damáiste tromchúiseach serious damage
" “Sea, Guns 'n' Roses ainm an chomhrialtais!” De bhrí go bhfuil baint tar éis a bheith Gearóid leis an oiread sin fiontar i rith a shaoil, is beag agallóir nach mbeadh drogall air díriú isteach ar an stróc agus a shaol ar fad a laghdú go dtí an eachtra sin ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp.
thar a bheith tromchúiseach extremely serious
" Tromchúiseach Stróc thar a bheith tromchúiseach a bhí ann.
chomh tromchúiseach is a bhí an rud ar fad. how serious the whole thing was.
" Ní raibh nóiméad soilsithe ag Gearóid inar thuig sé chomh tromchúiseach is a bhí an rud ar fad.
dáiríre serious
" “Ní bheidh aon ní dáiríre ag tarlú i mo stiúideo inniu! Tá mé *bloody tuirseach* tar éis an t-albam a chríochnú libh.
éirithe thar a bheith dáiríre; become very serious:
" As sin amach, ní dhearna mé ach an méid a dúradh liom a dhéanamh an ar an gcéad lá; “ciceáil don touch”! Insím an scéal seo mar go gceapaim go bhfuil cúrsaí spóirt éirithe thar a bheith dáiríre; is cuma más faoi rugbaí, sacar, iománaíocht nó cibé rud a bhfuil muid ag caint.
chomh tromchúiseach how serious
" “Ní fheadar an dtuigtear go díreach é chomh tromchúiseach is atá sé.
míchruinneas tromchúiseach serious inaccuracies
" I gcomhráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge, COGG agus Gaelscoileanna ar na mallaibh, dúradh gur chúis díomá é go raibh míchruinneas tromchúiseach i meamram a cuireadh chuig an aire inar dúradh gur measadh nach ndéanfadh an treoir úr seo dochar ar bith do stádas na Gaeilge go ginearálta; sa phobal nó sna Gaelscoileanna.
ceisteanna tromchúiseacha serious questions
" ”* Fágfaidh mé faoi léitheoirí *Beo!* é a gcinneadh féin a dhéanamh maidir le cé acu an bhfreagraíonn sé seo na ceisteanna tromchúiseacha atá ardaithe faoin churaclam nó nach bhfreagraíonn.
is tromchúisí most serious
" B’fhéidir gurb é an eachtra is tromchúisí atá tite amach i saolré an Rialtais seo ná conspóid na mamagram i bPort Laoise.
dáiríre acadúil serious and academic
" In ainneoin an teidil, *Irish, Catholic and Scouse:* *The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939*, is leabhar dáiríre acadúil é saothar John Belchem.
ar cheist chomh tromchúiseach on such a serious issue
" Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
impleachtaí tromchúiseacha very serious implications
" Maítear gurbh é an IRA a mharaigh an fear óg agus más fíor é an líomhain sin, b’fhéidir go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ann don roinnt cumhachta ó thuaidh.
éadrom light (not serious)
" B'amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin! Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina.
teagmháil dháiríre serious contact
" Léiríonn sé nach raibh teagmháil dháiríre acu riamh le hamhránaí nó le ceoltóir cumasach.
faoin ghalar tromchúiseach about the very serious disease
" **Tromchúiseach**Tá cluinte ag achan duine faoin ghalar tromchúiseach sin Bertizheimers nó tá caint faoi le fada an lá.
teachtaireacht dháiríre a serious message
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
dáiríre serious
" Ba léir go raibh an t-arm dáiríre faoi seo, agus bhog gach mac máthar a raibh baint aige leis an bpobal Mormannach go Illinois, áit ar bunaíodh eaglais agus baile ar ar thug siad Nauvoo, ar bhruach thoir abhainn an Mississippi.
ag tabhairt a óráide tromchúisí giving his serious, important speech
" Más fíor sin, tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an chleasaíocht sin a dhéanamh arís agus é ag tabhairt a óráide tromchúisí ar an 2 Aibreán.
tromchúiseach serious
" **Naitsithe**Bhí a chaidreamh leis an CIA tromchúiseach go leor, ach tá sé curtha i leith an Dalaí Láma go raibh caidreamh ní bá chonspóidí fós aige roimhe seo – le beirt Naitsithe.
Cailliúint an-tromchúiseach a very serious loss
" Cailliúint an-tromchúiseach a bheadh anseo do thíortha beaga, ach go háirithe.
shraith íomhánna to a serious of images
" Sraith íomhánnaTá tús áite tugtha sa dánlann do shraith íomhánna le Mohammed al-Hamdany dar teideal *Laylat al-Nar* (Oíche na Tine), ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003.
an-dáiríre very serious
" Tá sé an-dáiríre mar dhuine agus measaim go mbraitheann sé go bhfuil sé ag maireachtáil ar an imeall.
meathlú tromchúiseach very serious recession
" Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.
an-dáiríre very serious
" Bíonn comórtais éagsúla ar siúl d’fhir, do mhná agus do dhaoine óga, agus cé go mbíonn na hiomaitheoirí an-dáiríre fúthu, bíonn an-spraoi i gceist chomh maith.
tromchúiseach serious
" Rud amháin a bheadh áiféiseach, murach go raibh sé chomh tromchúiseach, ná an dóigh ar láimhsigh na húdaráis agóidí i rith na gCluichí.
galar tromchúiseach serious disease
" Ligfeadh sé do dhuine fanacht sa leaba dá mbeadh galar tromchúiseach air, nó fanacht ar saoire dá mbeadh spriocdháta foilsithe an ailt ann agus an scríbhneoir bocht ag iarraidh teacht aniar as cúpla lá scíthe agus é fós ar phócaí folmha agus ar chloigeann tinn.
dáiríre serious
" Is iomaí cur síos atá déanta ar shamhradh 2008 cheana féin: cinn mheitéareolaíocha, cinn bhéaloidis, cinn atá greannmhar agus cinn atá thar a bheith dáiríre.
cé chomh tromchúiseach how really serious
" Is é sin an fáth a bhfuil áthas orm – más féidir an focal ‘áthas’ a úsáid – go bhfuil sé clúdaithe sa chlár: tuigfidh daoine cé chomh tromchúiseach agus atá cúrsaí thall.
ní ba thromchúisí more serious
" Thuig muid ansin go raibh cúrsaí ní ba thromchúisí ná mar a shíl muid ar dtús.
galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha serious physical and mental diseases
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
giota maith níos tromchúisí a good bit more serious
" Cnámh spairne eile atá giota maith níos tromchúisí is ea Comhairle Arm an IRA.
tromchúiseach serious
" Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.
tromchúiseach serious
" An t-aon rud cineál tromchúiseach a tharla ná gur rith fear amháin, a chaill srian air féin, amach as an bpuball agus micreafón – ar fiú go leor airgid é – ina ghlac aige.
brachán bocht a serious mess
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
fiacha móra ar in serious debt
"fiacha móra ar dhaoine agus bhí siad ag caitheamh níos mó airgead ná mar ba chóir dóibh.
tromchúisí (more) serious
" An mhí seo, áfach, is mian liom tabhairt faoi easnamh i bhfad níos tromchúisí i gcomhaid na Roinne sin.
líomhaintí tromchúiseacha serious accusations
" Ach in ionad imscrúdú a chur ar bun maidir lena líomhaintí tromchúiseacha, bhris an FBI as a post í ag deireadh Mí Márta, 2002.
rabhadh tromchúiseach a serious warning
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
níos tromchúisí more serious
" Sa chéad áit (agus na cluichí idir chontae is mó atá i gceist agam mar bheadh sé deacair ag leibhéal na gclubanna é a dhéanamh), ba mhaith liom féin go mbeadh dualgas níos tromchúisí ar na maoir shleasa agus chúil, agus go mbeadh ról níos gníomhaí acu, maidir le feallanna agus calaoisí a chur in iúl don réiteoir a thúisce a tharlaíonn siad.