Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunseirbhísí basic services
" (c) Éileamh ar an statchóras, agus na pearsana laistigh de a ghríosadh, le bunseirbhísí a chur ar fáil.
má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir if services and esteem are distributed accordingly
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
seirbhís péas police service
" Ní tharlóidh sé sin go dtí go bhfuil muinín ag an phobal náisiúnaíoch (agus deirim náisiúnaíoch in áit Caitliceach mar caithfidh muinín a bheith ag poblachtánaigh níos mó ná dream ar bith eile, is dócha) i cibé seirbhís péas a bheas ann.
soláthraithe seirbhíse service providers
" Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán.
fhórsa péas pobail community police service
" "Ba mhaith liom sibh bhur dtacaíocht a léiriú don fhórsa péas pobail ab fhearr ar domhan - na B-Speisialaigh," a dúirt sé.
seirbhís chúiréireachta courier service
" com le seirbhís chúiréireachta mar DHL, nó United Parcel Service nó Federal Express sna Stáit Aontaithe.
seirbhísí tarrthála rescue services
" D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.
seirbhisí éigeandála agus tarrthála emergency and rescue services
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
seirbhís thrialach trial service
" Seirbhís i mBéarla amháin a bhí inti go dtí 1995, tráth a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge bunchaipiteal ar fáil d'Aertel, le maoiniú ó scéim Choimisiún an Aontais Eorpaigh, a chuir ar chumas RTÉ seirbhís thrialach i nGaeilge a sholáthar ar feadh bliana féachaint conas mar a d'éireodh léi.
seirbhís fhaisnéise information service
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí in the local hospitality and service economy
" Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary's Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú.
stáisiún seirbhísí d'fhearaibh a service station for men
" Bhraitheas ag an am go raibh drochmheas ar na mná, nach raibh ionainn ach meaisín chun leanaí a thabhairt ar an saol, stáisiún seirbhísí d'fhearaibh.
seirbhísí éigeandála emergency services
" "Tá muid ag caint faoi shibhialtaigh agus saighdiúirí, daoine ó na seirbhísí éigeandála, teaghlaigh saighdiúirí, daoine a gortaíodh in ionsaithe buamaí, daoine atá díbeartha as Tuaisceart na hÉireann agus mar sin de," a dúirt Joe Dover liom.
scothsheirbhísí premium services
" Is scothsheirbhísí iad sin agus cuirfidh muidne an tseirbhís ar fáil do chomhlachtaí tríú páirtí.
rúnseirbhís secret service
" I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide.
soláthraí seirbhísí idirlín internet service providor
" Go luath ina dhiaidh sin, dhiúltaigh Freeserve, an soláthraí seirbhísí idirlín, glacadh le suíomh an *Portadown News* níos mó.
seirbhísí riachtanacha necessary services
" Thig leat d'fhaoistin a dhéanamh i nGaeilge anseo go fóill ach ní hamhlaidh atá maidir le cúram leighis ná na seirbhísí riachtanacha eile.
seirbhís chuimhneacháin memorial service
" "Táimid ag cineál teacht chugainn féin," a dúirt Driscoll, as Lake Carmel, Nua-Eabhrac liom, le linn cumarsáide giorra a bhí agam léi roimh dheireadh seachtaine Lá na Máithreacha, agus í tar éis bheith ag seirbhís chuimhneacháin in Albany.
Aonad Seirbhísí Éigeandála Emergency Services Unit
" " Cuimhní ceanúla ======= Bhí Driscoll ina bhall den NYPD ó bhí Eanáir 1992 ann, agus ceapadh é mar bhall den Aonad Seirbhísí Éigeandála i mí Lúnasa 1998.
chraoltóir seirbhíse poiblí public broadcasting service
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge? In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
fíorghanntanas seirbhísí leighis a great shortage of medical services
"fíorghanntanas seirbhísí leighis trí mheán na Gaeilge ar fáil sna Gaeltachtaí.
seirbhísí in éide uniformed services
" Dúradh fiú in altanna faoin 11 Meán Fómhair a foilsíodh sa *New York Times* le déanaí gurbh é an cogadh fuar idir na seirbhísí in éide ba chúis leis na deacrachtaí cumarsáide ar an lá tubaisteach sin.
neamh-infheidhme not fit for service
" 'Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.
seirbhís luachmhar valuable service
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag CIC? Cuireann an comhlacht seirbhís luachmhar ar fáil.
gurb é leas na seirbhíse that it is for the good of the service
" Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm "ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor".
seirbhís rúnda na Breataine the British secret service
" " Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979? Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
PSNI Police Service of Northern Ireland
" Tá an UUP ag iarraidh earcaíocht 50/50 don PSNI a stopadh.
seirbhís phóilíneachta police service
" seirbhís phóilíneachta ======= Ach dá bhfaigheadh poblachtánaigh seirbhís phóilíneachta a dtiocfadh leo a bheith páirteach inti, bheadh *raison d'etre *an IRA sciobtha ar shiúl.
seirbhís mháithreachais maternity service
" Ní féidir seirbhís mháithreachais a chur ar fáil do mhuintir Mhuineacháin ina gcontae féin ach táthar breá sásta liúntas saor ó cháin a thabhairt do lucht capall Chill Dara agus na milliúin á saothrú acu cheana féin.
seirbhís aistriúcháin translation service
" Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil agus scaiptear stáiseanóireacht, cártaí gnó, féilirí Gaeilge, etc.
faoi chúram na seirbhísí síciatracha in the care of the psychiatric services
" Tá John faoi chúram na seirbhísí síciatracha ó a bhí na seascaidí ann agus is taobh amuigh den ghnáthshaol atá a thaithí phearsanta.
seirbhís rialta regular service
" Thosaigh Inis Mór Ferries dhá bhlian ó shin agus cuireann siadsan seirbhís rialta ar fáil freisin.
seirbhíse léarscáileanna maps service
" Tá triail á baint ag Ireland On-Line as an modh seo le tamall anuas i gcás na seirbhíse léarscáileanna atá acu.
easpa seirbhísí lack of services
" Ag tús na 1980í bhí an t-oileán beagnach bánaithe de bharr easpa seirbhísí agus de bharr neamhshuim an rialtais, agus bhog leath de mhuintir an oileáin amach le cónaí a dhéanamh ar an Fhál Carrach ar an tír mór.
seirbhísí bunaithe ar an láthair location-based services
" Tá an córas GPS mar chuid de roinnt fón soghluaiste nua den tríú glúin atá ag teacht ar an margadh anois agus, cé gur féidir suíomh aon fón soghluaiste a aimsiú cheana féin, cuirfidh an cruinneas nua seo go mór leis na seirbhísí bunaithe ar an láthair atá ar fáil.
seirbhís dubála dubbing service
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Macalla chun seirbhís dubála a sholáthar do Theilifís na Gaeilge (TnaG) agus chun cláracha teilfíse agus scannáin a dhéanamh.
chun seirbhís dubála a sholáthar to provide a dubbing service
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Macalla chun seirbhís dubála a sholáthar do Theilifís na Gaeilge (TnaG) agus chun cláracha teilfíse agus scannáin a dhéanamh.
seirbhís eagarthóireachta editing service
" Chomh maith leis sin, tá seirbhís eagarthóireachta á sólathar againn do chúpla comhlacht teilifíse agus tá taighde agus forbairt á déanamh againn faoi láthair ar thionscadal úrnua a thosnóidh an samhradh seo.
seirbhís rialta farantóireachta a regular ferry service
" Reáchtáiltear cúrsaí teanga agus cúltúir ar an oileáin, tógadh tithe saoire agus brú galánta, tá córas maith lóistín ann agus seirbhís rialta farantóireachta.
chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge it would create a demand for services through Irish
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
béalghrá lip-service
" Ach ar nós na Gaeilge tugtar neart béalghrá don iomáint: "an cluiche páirce is sciobtha ar domhan"; "is breá liom dul chuig Craobh na hÉireann"; "tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt" (an saghas cainte a chloisfeá i bpub sa Ghaeltacht sa samhradh).
seirbhísí leathanbhanda broadband services
" San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe.
státseirbhísigh faoi éide uniformed civil service workers
" Tar éis an tsaoil, seo an áit a bhfuil go leor de na státseirbhísigh faoi éide ina gcónaí, gan trácht ar na fostaithe oifige sin ar fad nach saothraíonn milliún dollar sa bhliain, ná baol air.
sheirbhís rúnda na Breataine the British secret service
" Ach tá cáipéisí oifigiúla de chuid sheirbhís rúnda na Breataine, MI5, agus phóilíní Nua-Eabhrac feicthe ag Beo! a thugann léargas eile ar fad maidir leis an saghas duine is ea David Rupert.
ag soláthar seirbhíse providing a service
" Ach ní maith liom a bheith ag caint faoi dheontais, tá sinne ag soláthar seirbhíse- nuachtán Gaeilge - agus ba mhaith linn go n-íocfadh an dá rialtas as cuid den tseirbhís sin sa dóigh chéanna is a íocann siad as an iomad seirbhísí eile.
sheirbhísí rúnda na Breataine the British secret service
" I bhfad sula raibh aon trácht ar fhiosrúchán Barr, bhí *Magill *ag scríobh faoi dhrochobair sheirbhísí rúnda na Breataine in Éirinn.
táillí seirbhíse service charges
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
ardófar an táille seirbhíse the service charge will be increased
" Ardú sa táille seirbhíse ======= De réir na scéime atá molta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ardófar an táille seirbhíse ó €6,100 go €7,800 i gcás tithe nua i dTuaim, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riabhach, Gort, Uachtar Ard agus bailte eile sa gcontae.
béalghrá lip-service
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
ag soláthar seirbhísí providing services
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
réimse leathan seirbhísí a wide range of services
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
seirbhís chomhairleach advisory service
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
seirbhísí rúnaíochta secretarial services
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
seirbhísí gairmiúla professional services
" Mar aon leis seo, tá seirbhísí gairmiúla á gcur ar fáil do gach duine ar spéis leis an Ghaeilge nó atá ag iarraidh í a fhoghlaim.
státseirbhís civil service
" Nuair a fógraíodh an plean i dtús na míosa seo caite bhí neart olagóin le cloisteáil, más *sotto voce *féin é, ó na státseirbhísigh, agus cé thógfadh orthu é? An chuimhne is mó atá agam ó dhánta na hArdteistiméireachta ná an dán iomráiteach úd, "Stoite" le Máirtín Ó Direáin.
an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta the Environment and Heritage Service
" Carrchlóis ======= In áiteanna áirithe, cuireann an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta carrchlós ar fáil.
an tseirbhís sláinte the health service
" "Maidir liom féin, bheinn sásta gan an t-ardleibhéal cánach a bheith íslithe chomh mór sin dá rachadh an t-airgead chun an bochtanas agus na heaspaí eile atá i gcúrsaí sóisialta, an tseirbhís sláinte, cuirim i gcás, go bhféadfaí feabhas a chur orthu sin.
éiteas na seirbhíse poiblí the public service ethos
" " Tá éiteas na seirbhíse poiblí gar do chroí Whitaker i gcónaí.
"sheirbhísí" síolraithe breeding 'services'
" Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar "sheirbhísí" síolraithe an chapaill chéanna.
seirbhís riachtanach necessary service
" Ní gá a rá gur seirbhís riachtanach é an teileafón baile sa lá atá inniu ann agus, leis na hathruithe sa reachtaíocht maidir le CPS (*Caller Pre Selection*), tá a lán comhlachtaí nua tar éis teacht isteach sa tír seo chun dul in iomaíocht le hEircom, an seanfhondúir.
seirbhís téacsála texting service
" Bhí Seán ina Stiúrthóir Bainistíochta cheana féin ar Zamano - comhlacht a chuireann seirbhísí SMS ar fáil - agus bhí Ruairí ar dhuine den ghrúpa a bhunaigh WonderText, iad siúd a chuireann *bustext *ar fáil - seirbhís téacsála trínar féidir fáil amach cathain a bheidh an chéad bhus eile de chuid Bhus Átha Cliath ag teacht i do threo! Go dtí seo tá na nuálaithe seo an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag pobal na Gaeilge i Rua.
breis seirbhísí more services
" Tá tú in ann maitheas a dhéanamh don teanga trí chabhrú le pobal Gaeilge a chruthú agus íomhá a chruthú go bhfuil cumhacht cheannaigh ag an bpobal seo, agus trí sheasamh le chéile go mbeidh deis breis seirbhísí a fháil trí mhargadh ceart a bhunú.
seirbhísí nua frith-thurscair new anti-spam services
" Go deimhin, tuigeann comhlachtaí ríomhaireachta go bhfuil airgead mór le déanamh as daoine a "chosaint" ón turscar agus tá siad ag cur seirbhísí nua frith-thurscair ar fáil.
fheidhmiú na seirbhíse poiblí the functioning of the public service
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
Sheirbhís Rúnda Mheiriceá the American Secret Service
" Luaim an figiúr seacht míle dhéag nó sin ga an chiorcail atá tarraingthe ag muintir Sheirbhís Rúnda Mheiriceá thart ar an chaisleán.
na Seirbhísí Inimirce the Immigration Services
" Fiú amháin inniu, is iomaí Éireannach atá ag obair i Meiriceá go himníoch, iad neirbhíseach faoi shúil ghéar na Seirbhísí Inimirce.
D'uireasa na seirbhíse in the absence of the service
" D'uireasa na seirbhíse le 30 bliain anuas bheadh an teanga níos boichte agus níos scáinte agus ní bheadh sí chomh beo ná chomh fairsing, dar liom.
Seirbhís chuimhneacháin memorial service
" Seirbhís chuimhneacháin 15 bliana tar éis na tubaiste a spreag na hiníonacha le ceangal a dhéanamh idir an corp agus a n-athair.
an tseirbhís phríobháideach glantóireachta the private cleaning service
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
seirbhísí riaracháin/tacaíochta administrative and support services
" Soláthraíonn muid seirbhísí riaracháin/tacaíochta d'eagrais chultúrtha, ina measc Conradh na Gaeilge Thrá Lí - Oirthear Dhuibhneach, Coiste Dúiche Chiarraí, Abhainn an Scáil, Ógras Thrá Lí, Glór na nGael Thrá Lí, agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann Thrá Lí.
chun seirbhís ghairmiúil chuimsitheach a dheimhniú to ensure a professional comprehensive service
" Tá géarghá le buanacht agus leanúnachas i gcúrsaí pleanála, gníomhaíochta agus fostaíochta chun seirbhís ghairmiúil chuimsitheach a dheimhniú.
pianseirbhís trí bliana three years' penal service
" Cuireadh a cheannfort, Éamonn Ó Dálaigh, chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann in éineacht leis na ceannairí eile agus ghearr an Chúirt Mhíleata pianseirbhís trí bliana ar Bhéaslaí féin.
seirbhísí teoranta limited services
" An múnla a bhí ag Bus Éireann - seirbhísí teoranta ar chuid de na príomhbhóithre réigiúnacha - níor fheil sé do phatrún lonnaíochta na tuaithe, agus ní raibh daoine in ann úsáid cheart a bhaint as na seirbhísí dá bharr.
soláthraímid sainseirbhís specialised service
" Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá? Déanaimid aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla agus soláthraímid sainseirbhís in aistriúchán an dlí sa dá theanga sin.
seirbhís fotheidealaithe subtitling service
" Cuireann EUROPUS seirbhís fotheidealaithe ar fáil do TG4 agus do RTÉ.
soláthraithe seirbhísí idirlín internet service providers
" "Tá dream darb ainm Ildána ann agus is soláthraithe seirbhísí idirlín iad.
raon seirbhísí riachtanacha eile a range of other essential services
" Chomh maith leis sin bheadh raon seirbhísí riachtanacha eile curtha ar fáil ar an láthair do dhaoine a chónaíonn in oirthear agus i dtuaisceart na Gaillimhe, i ndeisceart Mhaigh Eo agus i ndeisceart Ros Comáin.
an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta the Environment and Heritage Service
" Is í an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta a eagraíonn an deireadh seachtaine.
rannóg na seirbhísí réigiúnacha regional services department
" Tá an Dr McMaster ag obair le rannóg na seirbhísí réigiúnacha do pháistí atá ag an mbord sláinte.
réimse seirbhísí agus sochar range of services and benefits
" Deir John Guerrera, ar leas-uachtarán de chuid an Irish Business Organization é, gur cheart do na grúpaí sóisialta Éireannacha sna Stáit Aontaithe na hÉireannaigh atá i Nua-Eabhrac a chur ar an eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus sochar atá ar fáil dóibh.
easpa seirbhísí bunúsacha a lack of basic services
" I measc na laigí, luadh go raibh easpa seirbhísí bunúsacha ar nós sláinte agus oideachais i gcuid mhaith den tír, go bhfuil cúrsaí airgeadais an rialtais imithe ó smacht, agus go bhfuil caimiléireacht le fáil go fairsing.
seirbhísí taca support services
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
seirbhísí sláinte health services
" Tá deacrachtaí ag baint freisin le seirbhísí sláinte.
Oibleagáid Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Is iad conarthaí Oibleagáid Seirbhíse Poiblí, nó OSP, atá mar bhonn faoi fhormhór na seirbhísí atá ag na haerfoirt réigiúnacha, agus a ghineann cuid mhaith d'ioncam Aer Arann.
Tháillí Seirbhíse Paisinéara Passenger Service Charges
" Nach ait an rud é, mar sin, nuair a théann tú ar shuíomh gréasáin Ryanair chun ticéad a cheannach ó Shionainn, go n-iarrtar €3 ort le cois an phraghais, do Tháillí Seirbhíse Paisinéara, nó costaisí aerfoirt? B'fheidir gur seo sampla eile de chumas cruthaitheach Ryanair i gcúrsaí airgid a d'fhéadfadh an tÚdarás um Chaighdeáin Fógraíochta a fhiosrú? *Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.
státseirbhís na Breataine the British civil service
" Thug na Bráithre comhairle do Sheoirse dul faoi scrúdú státseirbhís na Breataine.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
ag tairiscint a gcuid seirbhísí offering their services
" Ach ní rabhadar in ann saincheadúnas a thabhairt do chomhlacht eachtrannach agus comhlacht Éireannach ag tairiscint a gcuid seirbhísí.
Oibleagáide Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Cinneadh eile a fhoilseofar i rith mhí na Bealtaine ná toradh na n-iarratas Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) is déanaí.
seirbhísí rúnda secret service
" * D'imigh eilimintí i seirbhísí rúnda na Breataine ó smacht sna 1970í mar gur shíl siad go rabhthas ag géilleadh don IRA.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
seirbhísí éigeandála emergency services
" Agus is cinnte go mbeadh siad úsáideach do na seirbhísí éigeandála, chun áit a aimsiú go tapa.
earraí agus seirbhísí postdíola mail order goods and services
" Ach is gnó ollmhór é: sa Bhreatain, caitear £25 billiún ar earraí agus seirbhísí postdíola gach bliain, timpeall £400 i gcás gach aon duine, páistí san áireamh.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
seirbhísí éigeandála emergency services
" Agus is cinnte go mbeadh siad úsáideach do na seirbhísí éigeandála, chun áit a aimsiú go tapa.
earraí agus seirbhísí postdíola mail order goods and services
" Ach is gnó ollmhór é: sa Bhreatain, caitear £25 billiún ar earraí agus seirbhísí postdíola gach bliain, timpeall £400 i gcás gach aon duine, páistí san áireamh.
a sholáthraíonn an tseirbhís which provide the service
" Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil.