Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scáth shade
" MacNeven sa reilig sin, díreach faoi scáth na dTúr.
i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile together and in each other's shade
" Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin nó cois cladaigh sna "cloigíní", dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.
scáth shade, shadow
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
gan scáth without shade
" Cosán fada gan scáth go dtí pointe feiliúnach don lón - áit le scáth agus gan seangáin.
scáthanna shades, shadows
" Bhain mé abairt amháin amach as an alt sin mar léiriú ar na scáthanna atá a gcaitheamh nuair is gá an solas.
tearmann faoi scáth crann a refuge under the shade of trees
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
boird faoi scáth tables under a shade
" Preabann mo chroí nuair a thagaim ar chaifé-bheár nua-aimseartha a bhfuil boird faoi scáth amuigh ar an b*patio*.
idir sholas agus scáil both light and shade
"idir sholas agus scáil sa dá phríomhcharactar ban – rud a thaispeánann aibíocht shocair an léiritheora.
scáth na sléibhte ceannasacha prominent mountain shade
" Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin.
faoi scáth na sléibhte shaded by the mountains
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
faoi scáth na mullaí scáfara in the shade of the tremendous mountain peaks
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
scáth dhírbheathaisnéis McGahern the shade of McG’s autobiography
" Agus cur síos Hamilton á dhíleá ar a mháthair Ghearmánach agus a athair Gaelach, is deacair éalú ó scáth dhírbheathaisnéis McGahern mar shampla, Memoir (2005) ach go háirithe na líntí sin a thugann láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais.
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna in all its glory throwing colour and shade
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth who live or who work in the shade (of)
" Déanann Sacro GRA cur síos ar shaol daoine éagsúla a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth an Grande Raccordo Anulare, an cuarbhóthar a ritheann mar chiorcal timpeall na Róimhe.
ag dul fá bhun dídine agus foscaidh going into shade and refuge
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
faoi scáth shaded
" Níor aithin mé i dtosach é cumhdaithe mar a bhí faoi scáth a chaipín ó theas láidir an lae.
faoi scáth na gcrann in the shade of the trees
" Cé déarfas nach raibh Caitlín Triall agus Cathal Buí faoi scáth na gcrann ar an ard thall ag dearcadh anuas orm sular bhog mé an carr chun siúil aríst?