Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shamhlóinn I'd imagine
" Le linn an agallaimh, ní dhearna de Paor aon cháineadh ar éinne san ollscoil ach shamhlóinn nach mó ná sásta a bhí cuid de lucht léinn na Gaeilge sa choláiste nuair a cuireadh tús le hIonad an Léinn Éireannaigh ansin roinnt blianta ó shin agus nuair a ceapadh de Paor mar an chéad stiúrthóir.
ní shamhlóinn I'd imagine
" Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu.
ní shamhlóinn I wouldn't imagine
" Mar sin féin, ní shamhlóinn go mbeadh sé aon phioc níos claonta ná Sky, ná CNN, ná Fox TV.
ní shamhlóinn I wouldn't imagine
" Muna mbeadh cónaí orm i gConamara, ní shamhlóinn go mbeadh aon bhaint ar chor ar bith agam le cúrsaí Gaeilge.
Shamhlóinn go mbeadh seisiún maith ann I'd imagine that there would be a good session
" AÓF: Céard is seisiún maith ann, dar leatsa? HB: Shamhlóinn go mbeadh seisiún maith ann dá mbeadh Willie Clancy, Séamus Ennis, Pádraig O'Keeffe, Michael Gorman, Séamus O'Kane agus Barney McKenna i láthair! Caithfidh meas a bheith ag daoine ar a chéile, é a bheith sibhialta.
Ní shamhlóinn I wouldn't imagine
"Ní shamhlóinn gur duine é Mac Con Iomaire a dtaitneodh an cineál sin clú leis.
shamhlóinn I would imagine
" Díreach mar a shamhlóinn duine a bhfuil mioneolas aige ar chúrsaí fíona bhí sé mínráiteach fiosúil.
shamhlóinn I'd imagine
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
shamhlóinn I’d imagine
" Thit líon na ndaoine a théann ar Aifreann ar bhonn rialta ó 90 faoin chéad sa bhliain 1980 go dtí 62 faoin chéad i 1995 agus shamhlóinn go bhfuil sé níos lú ná sin faoi láthair.
Shamhlóinn I would imagine
" Shamhlóinn go bhféadfaí déileáil le dhá haoisghrúpa: déagóirí óga agus déagóirí a mbeadh an ardteist déanta acu cheana.