Bhí Cú Chulainn ar ais ina nead beag suaimhnis i mBearna an Tuaiscirt, a theileascóp ina leathláimh aige, agus é ag faire go glinnsúileach orthu siúd a fuair de chroí cos a leagan thar theorainn s’aigesean isteach in Ulaidh.
Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.