Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
múnlaithe shaped
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
a colainn dhea-chumtha her nicely-shaped body
" “Och, cad é atá déanta agat, a Artair?” Ba trína allas, agus é ar crith, a chonaic sé a colainn dhea-chumtha.
cé a mhúnlaigh sibh? who shaped you?
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
fuinte shaped
" Óglach fuinte i gcearta na coimhlinte.
a mhúnlaigh Haughey dó which Haughey shaped for him
" Eite nua I 1992, trí bliana déag tar éis ar luíodh isteach ar dhroim an Loingsigh leis an mbata a mhúnlaigh Haughey dó, tháinig eite “Country and Western” Fhianna Fáil, fá shirriamacht Albert Reynolds, chun cumhachta nuair a ghríosaigh bean Sean Doherty a fear chun an fhírinne d’insint.
dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach to get used to the egg-shaped ball
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
brioscaí i gcruthanna difriúla, different-shaped biscuits,
" Stainníní margaidh atá sa *Weihnachtsmarkt* a dhíolann bréagáin áille adhmaid, scailtín fíona agus arán sinséir i bhfoirm cístí, brioscaí i gcruthanna difriúla, agus go leor rudaí eile.
múnlaithe modelled, shaped
" ** Labhraíonn comhghleacaí dá chuid leis lá amháin faoi mhainicíní sileacóin, ar a dtugtar Real Dolls, atá múnlaithe i bhfíorchruth mná.
dea-chumtha well shaped
" Go traidisiúnta sa mheánaois, ní bhíodh cead ag mná a bheith ar an ardán ar chor ar bith agus gi gur tháinig athrú ar an riail seo de réir a chéile, ní bhíodh sé go fóill inglactha go mbeadh íomhá mná rótharraingteach! San aois victeoiriach, nuair a bhí cosc ar chosa cuaracha pianó a thaispeáint, ba mhór an faoiseamh ag fir é go raibh cead acu súil a chaitheamh ar chosa dea-chumtha an ‘principal boy’ gan náire a bheith orthu! Tá an traidisiúin geamaireachta beo beathach go fóill agus bíonn amharclanna in iomaíocht lena chéile le hainmeacha móra a mhealladh leis na príomhpháirteanna a ghlacadh ina gcuid seónna.
Mhúnlaigh shaped, moulded
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
coirceogach beehive shaped
" Tá an tobar i nDíseart Aoidh Mhic Bhricne, ina bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach.
mhúnlaigh shaped, formed
" Iadsan a bhí in adharca a chéile, agus sa deireadh thiar thall, b’iadsan a mhúnlaigh an t-aontú deireanach.
mhúnlaigh shaped
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
mhúnlaigh mé mar ealaíontóir shaped me as an artist
" “Ba é an t-am sin i mBéal Feirste a mhúnlaigh mé mar ealaíontóir”.
Chroíchruthach Hearth-shaped
" Bhí scoth na háilleachta bainte amach ag an Mórsceir Chroíchruthach a chonaic muid ón muireitleán ar an mbealach go dtí an lamairne ar maidin.
mhúnlaigh shaped
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.