Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beidh faobhar á chur ar na sceana arís the knives will be sharpened again
" Tá mí na meala thart, agus muna dtagann feabhas mór ar chúrsaí idir seo agus an samhradh beidh faobhar á chur ar na sceana arís.
faobhar á chur ar an chorrán sickle being sharpened
" Cad chuige an t-airgead agus cén fáth nár déanadh iarratas i scríbhinn ar a shon? An bhfuil bealach ar fáil don Seanadóir Ó Murchú le hidirbheartaíocht a dhéanamh lena chuid comhleacaithe i bhFianna Fáil seachas dul tríd na gnáthrúibricí? Cén dóigh a bheidh a fhios ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuiltear ag fáil luach a gcuid airgid ón mhéid a tugadh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nuair nár leagadh aon phlean foirmeáilte os a gcomhair roimh Cáinaisnéis 2009? Cén chumhacht draíochtúil atá ag an Ard-Stiúrthóir nuair a d’éirigh leis 60 oiread airgead ná mar a bhí á lorg aige a chrú as an Roinn fad is a bhí faobhar á chur ar an chorrán? Is cinnte go mbeadh suim faoi leith ag Údarás na Gaeltachta i bhfreagra na ceiste sin.
ar bior sharpened
" Nuair a thagaim abhaile ní chodlaím néal: tá mo chéadfaí ar fad, mo chluasa ach go háirithe, ar bior: cloisim fuaimeanna nár thug mé suntas dóibh cheana.
Faobhrú a sharpening
" Faobhrú, nó tús saothair áirithe leis an bhfile Aifric Mac Aodha atá anseo.