Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghiorrú to shorten
" Chun iarracht a dhéanamh na scuainí fada a bhíonn taobh amuigh de leithris na mban a ghiorrú, thug beirt bhall de Chomhairle Chathair Nua-Eabhrac, Yvette Clarke agus Bill de Blasio, bille isteach a chinnteodh go mbeadh dhá leithreas do mhná i ngach áit phoiblí ina mbeadh ceann amháin do na fir.
giorraítear é sin that is shortened
" Tugtar clibeanna aitheantais radaimhinicíochta ar na gléasanna nua seo go teicniúil - agus giorraítear é sin go dtí "clibeanna RFID" de ghnáth.
leaganacha giorraithe shortened versions
" Den chuid is mó, is fearr leis na Francaigh leaganacha giorraithe dá gcuid focal féin a úsáid, mar shampla, *ordi *seachas *ordinateur *(ríomhaire), *asso *seachas *association *(eagras) agus *impec *seachas *impeccable *(togha).
giorraithe shortened
" Le déanaí cuireadh agallamh ar chúigear iarrthóirí don phost áirithe seo tar éis don liosta d’ocht n-iarrthóir déag a bheith giorraithe ó fógraíodh é.
a ghiorródh an t-am that would shorten the time
" Bhíodar ansin mar shos ó ghnáthchleachtais an lae - rud ar bith a ghiorródh an t-am idir maidin agus faoithin.
ghiortú to shorten
" Déanaim iarracht teacht amach as an ngluaisteán ag cúpla pointe i rith na slí lena turas sise abhaile a ghiortú, ach ní scaoilfidh sí liom go dtí go mbainfimid amach an cosán nach mór i mbéal doras mo thí.
ghiortú to shorten
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
Giorraíonn Beirt Eitilt two shorten a journey
" An raibh géarghá eitilt a ghlacadh ar na hócáidí sin uilig? Nárbh fhearr i bhfad ticéad chéad ghrád a fháil do na hAirí ar an traein? Nó, Dia idir sinn agus gach olc, go mbainfí leas as a gcarr stáit a íocann an cháiníocóir as go flaithiúil gach bliain? Ceist eile ar ndóigh é an drochshampla a bhí an rialtas ag léiriú maidir lena lorg carbóin de, bíodh is go ndéantar fritháireamh ina leith! Giorraíonn Beirt Eitilt! Tharraing na turais a rinne bean chéile an t-iar-Cheann Chomhairle, John O Donoghue, ina theannta le dornán blianta anuas go leor poiblíochta le linn an Fhómhair seo caite.
am a chiorrú to shorten the time
" An Cur Chuige ======= Muna bhfuil scannánóir sásta am a chiorrú trí mhontage seatanna gearra a cur le chéile, caithfidh sé gluaiseacht leanúnach a chruthú sna seatanna fada a úsáideann sé.
ghiorrú to shorten
" An Uathphéist is Mó ar Domhan ============== Is breá le muintir na hAstráile ainmneacha a ghiorrú, agus –y, nó –ie, a chur leis an leagan giorraithe.
ag dul i ngiorra shortening
" Tá an oíche ag dul i ngiorra arís agus an lá ag dul chun síneadh lena choiscéim coiligh, blah, blah, blah! Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus gé na Nollag anois ite agus díleáite; leann dubh agus Dutch Gold agus fíon saor Lidl agus Aldi na Nollag anois diúgtha; codladh sámh na Nollag os comhair an teilifíseáin anois déanta; agus an folcadh bliantúil anois faighte.
ainmneacha a ghiortú shorten names
" Bíonn sé de nós ag na hAstrálaigh ainmneacha a ghiortú agus an foirceann ‘–ie’ a chur leo, agus tugann siad *‘pokies’* orthu.
Giorróidh mé an bóthar I’ll shorten the road
"Giorróidh mé an bóthar mar sin,’ arsa mise.
fíorchasta a ghiorrú le háilleacht to shorten by means of beauty very difficult (matters)
" Dá bhféadfaí ceisteanna fíorchasta a ghiorrú le háilleacht, is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta.