Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cladach shore
" Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
chladach shore
" Tá paróiste Chill Chartha, idir chladach, ghleann agus chnoc, cuachta istigh idir paróistí na gCeall, Ard an Ratha agus Ghleann Cholm Cille, agus cósta thuaidh Bhá Dhún na nGall in iardheisceart na contae.
chladach shore
" Chuaigh mise agus Cristín ar thuras staire báid a d'eagraigh an National Trust, a thugann aire do chladach an locha.
i gcuntais eischósta in off-shore accounts
" Tá na bancanna ciontach as a bheith ag cuidiú le lucht rachmais a gcud airgid a chur i bhfolach i gcuntais eischósta.
chladaí shores
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh on the shores of the Atlantic Ocean
" Is baile é a d'fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.
ar an chladach ó thuaidh on the north shore
" Bhí roinnt mhaith tiomána le déanamh againn ag an am seo, trasna bhuirg Staten Island ar fad, go hOspidéal Naomh Uinsionn ar an chladach ó thuaidh, ónár n-áit chónaithe ar an chladach ó dheas.
ag síneadh síos go cladach extending to the shore
" Tá an talamh roinnte suas ina phíosaí caola fada, ag síneadh síos go cladach.
chladach shore
" Ba ghnách linn suí síos ar leac leathan bán in aice leis an chladach ansin le lón a ithe tar éis an tsiúil fhada ó Ghleann.
chladaí shores
" Mhínigh Finbar dúinn go raibh cuid mhaith taighde déanta ag triúr seandálaithe eile, Wes Forsythe, Thomas McErlean, agus Rosemary McConkey, a chaith trí nó ceithre shéisiúr ag siúl ar chladaí an locha.
clocha duirlinge rounded shore-pebbles
" Caithfidh an chéad duais sa chomórtas seo dul chuig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, as an deontas de €9,000 a thug sé le haghaidh an bhóthair díreach trí na leaca agus clocha duirlinge síos go dtí an ché ag an Phort.
comhthreomhar leis an chladach parallel with the shore
" Tá dhá shráid comhthreomhar leis an chladach agus tithe agus siopaí atá péinteáilte bán le fáil orthu.
in aice leis an chladach. beside the shore.
" Oileán lom glas a bhí ann agus cnoic ísle air, agus cúpla foirgneamh scaipthe in aice leis an chladach.
ar chladach uaigneach on a lonely shore
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
na cladaigh charraigeacha. the rocky shores.
" Agus é óg, bhíodh sé ag fánaíocht go minic le buachaillí eile ar na haillte agus ar na cladaigh charraigeacha.
gar go maith don chladach, quite close to the shore,
" Bhí muid gar go maith don chladach, bhí bád againn, mar sin bhí an fíoruisce agus an sáile ag teacht le chéile díreach ag tóin an tí.
tríd an chladach through the shore
" Sa deireadh, thóg siad bóthar díreach tríd an chladach síos go dtí an ché.
cois farraige by the shore
" Dúradh linn fanacht cois farraige ag am díthrá agus thuirling an muireitleán anuas chun sinn a thabhairt ar bord.
Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis it’s just an unseen sand particle on the shore of dejection
" Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis.
dá bpillfidís ar a dtír dhúchais were they to return to their native shores
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
ar bhruach na Mara Duibhe on the shore(s) of the Black Sea
" Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.
téad tíre gan tarraingt a shore line not pulled in
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
chladaí shores
" Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin.
bhruach bank, shore
" Tá sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann.
lámh le cuain close to shore (i.e. nearly survive)
" An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seo nó an mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.