Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meon an léigir siege mentality
" Tá spiorad na nAontachach in isle brí, meon an léigir níos láidre ná mar a bhí riamh.
faoi léigear under siege
" Toisc é a bheith tamall maith ón bhfarraige - agus toisc an chathair a bheith faoi léigear go minic ag a naimhde - b'éigean dóibh bia mara a leasú.
faoi léigear under siege
" Ar an 19 Meán Fómhair, a fhad is a bhí mise ag baint sult as an *salar de Uyuni *agus *na lagunas *máguaird, shocraigh an rialtas teacht i gcabhair ar ghrúpa turasóirí agus dúchasach a bhí faoi léigear i bpobal darb ainm Sorata.
faoi léigear under siege
" "Bhí an foréigean ag teacht is ag imeacht ó na tríochaidí ar aghaidh, ach bhí sé ag cuidiú leis na haontachtaithe; bhí siad ábalta a rá go raibh siad faoi léigear, go raibh siad i gcónaí faoi ionsaí agus choinnigh sé an *monolith *aontachtach le chéile.
faoi léigear under siege
" Bhí na Gaeil faoi léigear.
láthair léigear Waco the site of the Waco siege
" Tugann clár faisnéise Jeremy Deller, *Memory Bucket 2003*, atá suite in Texas, an lucht féachana go dtí láthair léigear Waco agus baile dúchais an Uachtaráin George W.
meon seo an léigir this siege mentality
" Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.
faoi léigear láidir under a strong siege
" Is annamh a fheictear rialtas ag titim i Meiriceá mar a fheictear ag tarlú do rialtais san Eoraip, fiú nuair atáid faoi léigear láidir, mar atá rialtas George Bush faoi láthair.
Léigear siege
" Is beag lá sa Léigear nár chaith na Seirbiaigh corrshliogán eile isteach i bhfothrach na seanleabharlainne.
céad lá an léigir the first day of the siege
" Ar an 5 Aibreán 1992, céad lá an léigir, séideadh as a sheasamh breis is míle bliain den léann Moslamach.
faoi léigear under siege
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
léigear na gCeithre Cúirteanna the siege of the Four Courts
" Tá Liam Ó Maoilíosa le feiceáil ag caint i mBaile Uí Bhódáin, léigear na gCeithre Cúirteanna agus cath i Sráid Uí Chonaill agus go leor eile.
do mheon an léigir to the siege mentality
" Is iomaí tagairt do mheon an léigir i measc na n-aontachtaithe agus, le teacht na síochána, in áit an chaint seo a bheith ag dul i léig, tá sí le cloisteáil ar bhonn níos forleithne.
imshuí danartha cruel siege
" " In ionad Rialtas Iosrael a cháineadh mar gheall ar an imshuí danartha a dhéanann siad ar an limistéar, leag Emanuel an milleán ar an trodaíocht idir Hamas agus Fatah.
bheith faoi léigear to be under siege
" Béal Feirste a bheith faoi léigear Cuir i gcás muintir Phort Laoise, nó na Gaillimhe, nó Bhéal Feirste agus gan iad ábalta an chathair a fhágáil, gach a bhfuil istigh sa limistéar sin, sin a saol iomlán.
léigear under siege
" Tá a hEaglais faoi léigear, le daoine i mbun feachtais sa stát chun ginmhealladh a choimeád agus pósta aeracha a cheadú.
imshuí siege
" Bhain sé an Turner Prize i 2004 le scannán faisnéise a rinne sé ar bhaile dúchais George W Bush in Texas agus ar an imshuí tubaisteach a chuir na póilíní ar an dream a bhain leis an haicme creidimh Davidian i Waco sa stát sin.
aigne an léigir siege mentality
"aigne an léigir beo beathach go fóill! Búistéireacht ====== Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic.
le linn Imshuí Dhoire during the siege of Derry
" Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street* ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
an meon faoi léigear the siege mentality
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
tar éis léigear after a siege
" Gabhadh an Ceallach tar éis léigear ar theach tábhairne in Glenrowan, baile beag ina dhúiche, ach maraíodh triúr eile na droinge sa léigear, deartháir an Cheallaigh ina measc.
faoi léigear under siege
" Chaith Corby trí seachtaine tar éis a scaoilte san ionad saoire thuasluaite agus í faoi léigear ag gramaisc na meán.
faoi léigear under siege
" Dream na calaoise ar Shráid Wall a bheith faoi léigear ag Anonymous agus a chairde a tharraing aird Bhriain Uí Bhroin.