Pota Focal Intergaelic
síl | il | ísil | sail | sáil
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Sile Chile
" Tá an Astráil anois ar an gcúigiú tír is mó a onnmhairíonn fíon tar éis na Fraince, na hIodáile, na Spáinne, agus na Sile.
ag sileadh na ndeor shedding tears
" Thosaigh Cora ag sileadh na ndeor.
cé gur sileadh neart deora although a lot of tears were shed
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
teorainn na Sile the Chilean border
" Áit amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór air ná an Airgintín, cé go raibh sé sásta éalú on tír agus teorainn na Sile a bhaint amach.
go silfeadh an deoir dheireanach fola until the last drop of blood would drip (from him)
" Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b'fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile the hate the people of Chile
" Tá an chailliúint seo mar ghoin i meon na mBolavach go dtí an lá atá inniu ann agus tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile.
nach bhféadfaidís deoir a shileadh that they couldn't shed a tear
" thuirling an héileacaptarthe helicopter landed liáinblades of propeller crochtahanging níor rith sé leoit didn't occur to them bunoscionnwrong ródhéanachtoo late dírithe orthupointed at them inneallengine urchairbullets gan trácht ar an sléachtnot to mention the slaughter sa chlósin the yard ar a ghogaideon his hunkers lean a chomhghleacaithehe followed his colleagues socairstill reoitefrozen sceimhlitheterrified nach bhféadfaidís deoir a shileadhthat they couldn't shed a tear ar balllater á mbailiúbeing gathered sceimhlitheoiríterrorists idirbheartaíochtnegotiations á leagan go talamhknocking him to the ground ag screadaílscreaming sciath chosantaprotective shield sceonterror uafáshorror Téanam ort!Come along! róbónnarobots creathántremble sólássolace Ó bhaithis go bonn.
sil deoir shed a tear
" Féach na tubaistí go léir atá timpeall an domhain mar gheall ar ola, talamh agus airgead! A Mhuire, a mháthair, seinn port, abair amhrán, sil deoir, tabhair póg, réitigh do chás led' chomharsain más féidir.
le deora a shileadh to shed tears
" Cuireann na básanna fearg air, ach níl sé ansin le deora a shileadh.
ag sileadh ó na súile flowing from the eyes
" An chéad duine eile a casadh air bhí cosúlacht an Diabhail air, nó uirthi – dhá adharc ag gobadh suas ón chloigeann, aghaidh ghránna le fuil ag sileadh ó na súile anuas agus fiacla móra géara sa draid fhearchonta.
b’iomaí deoir a sileadh many tears were shed
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
silte shed
" Tá deora Sarajevo, Srebrenice, Vukovar agus Mostar go léir silte.
shil na deora liom my tears flowed
" Fearg, pian, brón, alltacht, bród, shil na deora liom agus bhuail mé agus bhuail mé.
ag sileadh uaidh flowing from him
" Tosaíonn an paisean ag sileadh uaidh.
réidh le sileadh ready to flow
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
ag sileadh go fras dripping copiously
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
allas ag sileadh go tiubh sweat flowing thickly
" uk/ An cúigiú míle déag – allas ag sileadh go tiubh 20/7/07: An Baile Mór, Contae Chill Dara – féile an bhaile.
Shilfeá You would think
" ” Maoiniú Shilfeá go mbeadh sé deacair go leor maoiniú a fháil do scannán mar Kings – scannán beag i nGaeilge - ach deir Tom go raibh sé an-éasca.
allas ag sileadh go trom uaidh, sweat falling heavily from him
" Is mian leis go mbeidh an t-amhrán mar a bheadh peacach ag teith – é ag saothrú anála, allas ag sileadh go trom uaidh, é ag lorg faoisimh nó maithiúnais.
ar shilte eile in other ways
" Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta is ea í ar shilte eile freisin - níl fágtha sa rás ach fear gorm agus bean.
ag sileadh astu pouring out of them
" D’fhágadh sé luchóga nó éin bheaga ar leac an dorais againn ó am go ham, fuil agus putóga ag sileadh astu.
mún ag sileadh urine trickling
" Gluaiseann an scannán go mall, rud a chuireann le teannas agus le fearg an atmasféir agus a ligeann do Mc Queen cur go healaíonta coscrach leis an atmasféar sin le radharcanna osréalaíocha mar mún ag sileadh go sioncróineach amach faoi dhoras gach cillín sa phasáiste.
fuil a sileadh in aisce blood which flowed for nothing
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
shilfeá you'd think
sileann flows
" An Tromchónaí Tá an chathair i gcontae Sør-Trøndelag, an áit a sileann an abhann “Nid” amach i bhfiord Trondheim.
Is beag deor a shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor a shilfear sa Roinn Oideachais, fágaim, má chuirtear deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar atá molta – teist mhaith ar a gcuid éachtaí oibre mar dhream a shnámh go minic in aghaidh na Roinne céanna.
sileadh dripping
" Baineadh geit asam an oíche faoi dheireadh, nuair a d’fhreagair mé mo dhoras agus bhí vaimpír bánlíoch, fuil ag sileadh as a bhéal agus a raibh straois ghrinn air, ina sheasamh os mo chomhair.
sileadh dripping
" Chomh maith leis sin, is minic a fheictear iománaí ag caitheamh uaidh a chlogaid le linn chluiche ar lá brothaill agus an t-allas ag sileadh sna súile air nó má bhraitheann sé an clogad míchompordach nó tuathalach ar bhealach éigin.
sileadh trickling
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
ag sileadh dripping
" Tá rabharta eolais (íomhánna agus fuaimeanna ach go háirithe) ag sileadh isteach ina intinn an t-am ar fad.
ag sileadh streaming
" Nuair a d’fhéach Balor suas ar ghnúis a athar, chonacthas dó deora móra goirt ag sileadh anuas as súil aonair iata a dhaidí.
silim deora I cry
" (Ná) Smaoinigh Air ======= Cé go smaoiním ar gan smaoineamh air, smaoiním air mar sin féin is silim deora is mé ag smaoineamh air.
ag sileadh seeping
" Mar sin, bhí an ghné sin i gcónaí ag sileadh fríd chuislí an Phrotastúnachais.
ag sileadh deor crying
" Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
ag sileadh leaking
" Torann ó na leithris: bhí píobán ag sileadh ann.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
sreangán cas ar sileadh uaidh a looped wire hanging from it
" ’Sé an lasc dubh bacailite, sreangán cas ar sileadh uaidh, meafar duairc na mblianta sin domhsa.
Is beag deor i shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor i shilfear i Sráid Mhaoilbhríde mar sin faoin ghreasáil a tugadh don Oifig.
ag sileadh go bog flowing softly
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.
an galar ag sileadh isteach the virus is seeping in
"an galar ag sileadh isteach chuig an damhsa ar an sean-nós agus a shliocht air, beidh an halla lán go buimbéal arís ag Oireachtas na Gaeilge amach sa bhliain.
shileann tú í bheith aimsithe agat you think you’ve figured her out
" Cad é mar a chuireann tú síos ar Julie Feeney? Chomh luath is a shileann tú í bheith aimsithe agat, nochtar gné eile dá pearsantacht, dá cuid ceoil, dá hintleacht.
sileadh na n-ionoirfiní úd the release of those endorphins
" Go bunúsach, oibríonn gáire rialta sa tslí chéanna agus sileadh na n-ionoirfiní úd a bhíonn á lorg againn – ag bogshodar ar na sráideanna agus ár marú féin ar mhuileann coise seo na beatha.
ag sileadh lena dhá ghualainn flowing down his back
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin an oozing of puss from some boil commenced
" Ar feadh i bhfad a deirim, ach le himeacht ama, ba léir gur thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin i mball aineoil.
Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann I’ll never ever cry over there
" Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann i Meiriceá.
beagán allais a shileadh to break a sweat
" Agus nárbh bhreá an rud é sna tráthnónta fada, geala samhraidh úd a bheith in ann dul amach faoin aer agus cúpla míle nó ciliméadar a rith nó a shiúl, beagán allais a shileadh agus corghram meáchain a chailleadh.
bhfacthas sobal gallúnaí ag sileadh anuas soapy foam was seen dripping down
" Tá fianaise againn go bhfacthas sobal gallúnaí ag sileadh anuas thar chótaí báistí roinnt acu.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
Níor sileadh deoir in achan áit a tear wasn’t shed in every place
" Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir.
ag sileadh chugainn dripping down to us
" D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
sileadh deoir a tear was shed
" Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.