Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sileadh na ndeor shedding tears
" Thosaigh Cora ag sileadh na ndeor.
cé gur sileadh neart deora although a lot of tears were shed
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
ag sileadh ó na súile flowing from the eyes
" An chéad duine eile a casadh air bhí cosúlacht an Diabhail air, nó uirthi – dhá adharc ag gobadh suas ón chloigeann, aghaidh ghránna le fuil ag sileadh ó na súile anuas agus fiacla móra géara sa draid fhearchonta.
b’iomaí deoir a sileadh many tears were shed
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
ag sileadh uaidh flowing from him
" Tosaíonn an paisean ag sileadh uaidh.
réidh le sileadh ready to flow
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
ag sileadh go fras dripping copiously
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
allas ag sileadh go tiubh sweat flowing thickly
" uk/ An cúigiú míle déag – allas ag sileadh go tiubh 20/7/07: An Baile Mór, Contae Chill Dara – féile an bhaile.
allas ag sileadh go trom uaidh, sweat falling heavily from him
" Is mian leis go mbeidh an t-amhrán mar a bheadh peacach ag teith – é ag saothrú anála, allas ag sileadh go trom uaidh, é ag lorg faoisimh nó maithiúnais.
ag sileadh astu pouring out of them
" D’fhágadh sé luchóga nó éin bheaga ar leac an dorais againn ó am go ham, fuil agus putóga ag sileadh astu.
mún ag sileadh urine trickling
" Gluaiseann an scannán go mall, rud a chuireann le teannas agus le fearg an atmasféir agus a ligeann do Mc Queen cur go healaíonta coscrach leis an atmasféar sin le radharcanna osréalaíocha mar mún ag sileadh go sioncróineach amach faoi dhoras gach cillín sa phasáiste.
fuil a sileadh in aisce blood which flowed for nothing
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
sileadh dripping
" Baineadh geit asam an oíche faoi dheireadh, nuair a d’fhreagair mé mo dhoras agus bhí vaimpír bánlíoch, fuil ag sileadh as a bhéal agus a raibh straois ghrinn air, ina sheasamh os mo chomhair.
sileadh dripping
" Chomh maith leis sin, is minic a fheictear iománaí ag caitheamh uaidh a chlogaid le linn chluiche ar lá brothaill agus an t-allas ag sileadh sna súile air nó má bhraitheann sé an clogad míchompordach nó tuathalach ar bhealach éigin.
sileadh trickling
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
ag sileadh dripping
" Tá rabharta eolais (íomhánna agus fuaimeanna ach go háirithe) ag sileadh isteach ina intinn an t-am ar fad.
ag sileadh streaming
" Nuair a d’fhéach Balor suas ar ghnúis a athar, chonacthas dó deora móra goirt ag sileadh anuas as súil aonair iata a dhaidí.
ag sileadh seeping
" Mar sin, bhí an ghné sin i gcónaí ag sileadh fríd chuislí an Phrotastúnachais.
ag sileadh deor crying
" Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
ag sileadh leaking
" Torann ó na leithris: bhí píobán ag sileadh ann.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
sreangán cas ar sileadh uaidh a looped wire hanging from it
" ’Sé an lasc dubh bacailite, sreangán cas ar sileadh uaidh, meafar duairc na mblianta sin domhsa.
ag sileadh go bog flowing softly
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.
an galar ag sileadh isteach the virus is seeping in
"an galar ag sileadh isteach chuig an damhsa ar an sean-nós agus a shliocht air, beidh an halla lán go buimbéal arís ag Oireachtas na Gaeilge amach sa bhliain.
sileadh na n-ionoirfiní úd the release of those endorphins
" Go bunúsach, oibríonn gáire rialta sa tslí chéanna agus sileadh na n-ionoirfiní úd a bhíonn á lorg againn – ag bogshodar ar na sráideanna agus ár marú féin ar mhuileann coise seo na beatha.
ag sileadh lena dhá ghualainn flowing down his back
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin an oozing of puss from some boil commenced
" Ar feadh i bhfad a deirim, ach le himeacht ama, ba léir gur thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin i mball aineoil.
bhfacthas sobal gallúnaí ag sileadh anuas soapy foam was seen dripping down
" Tá fianaise againn go bhfacthas sobal gallúnaí ag sileadh anuas thar chótaí báistí roinnt acu.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
Níor sileadh deoir in achan áit a tear wasn’t shed in every place
" Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir.
ag sileadh chugainn dripping down to us
" D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
sileadh deoir a tear was shed
" Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.