Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teachtaireacht shimplí simple message
" Ag labhairt di le déanaí, bhí teachtaireacht shimplí ag Lin: go raibh sé tábhachtach go seasfadh an leacht do gach duine a maraíodh san uafás.
Uascán simple-minded, useless person
" Uascán nach dtig léi fiú greim bí a dhéanamh réidh .
an cruth is bunúsaí agus is simplí the most basic and simple shape
" Tá gach rud ann briste síos go dtí an cruth is bunúsaí agus is simplí, mar shampla plánaí geoiméadracha atá le feiceáil i bpíosaí ailtireachta.
dearadh simplí simple design
" Tá ag éirí leis an gcomhlacht fógraíocht den saghas seo a chur chun cinn toisc go bhfuil dearadh simplí ar na fógraí agus toisc go bhfuil baint acu leis an rud atá á lorg ag daoine.
ar shlí thrédhearcach, shimplí in a transparent and simple way
" Míbhuntáistí ======= Tá míbhuntáistí áirithe ag baint leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair - ach tá buntáiste mór amháin aige: is féidir na páipéir bhallóide a fheiceáil agus a chomhaireamh ar shlí thrédhearcach, shimplí.
míniú iontach simplí a very simple explanation
" Cad é mar a tharla sé sin? Bhail, tá míniú iontach simplí ag Balor na Gaoise ar an cheist dhoghrainneach sin.
comhpháirteanna simplí leictreonacha simple electronic components
" Go dtí seo is maighnéid agus comhpháirteanna simplí leictreonacha a bhí in úsáid sna clibeanna frithghadaíochta i siopaí.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
míniú an-simplí a very simple explanation
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
réiteach simplí simple solution
"réiteach simplí ar an éagothroime seo.
suáilcí simplí an tsaoil the simple pleasures of life
" "D'imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil.
baileach chomh simplí sin quite that simple
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
Uascáin simple-minded person
" Bhí Banríon Shasana ar cuairt rúnda ar Bhanríon na hÉireann in Áras an Uascáin.
fíorshimplí extremely simple
" "Cheannaigh muid an phaitinn agus is córas fíorshimplí, ach fíoréifeachtach é.
Sindeacáitiú An-Simplí Really Simple Syndication
" Tá cineálacha eile teicneolaíochta ar an suíomh chomh maith, mar shampla, Sruth SAS (Sindeacáitiú An-Simplí), nó *RSS Feed *as Béarla.
Sindeacáitiú An-Simplí Really Simple Syndication
" Tá cineálacha eile teicneolaíochta ar an suíomh chomh maith, mar shampla, Sruth SAS (Sindeacáitiú An-Simplí), nó *RSS Feed *as Béarla.
réiteach simplí simple solution
" Cén dóigh gur féidir le hotharlanna smacht a fháil ar an fhadhb, mar sin, nuair a bhíonn othair ag teacht isteach chucu le mianach marfach den ghalar? Arís eile, níl aon réiteach simplí ar an scéal ach b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag na hotharlanna móra córas scagtha a chur ar bun sula dtugtar leapacha d’othair.
foinn shimplí simple airs
" foinn shimplí ======= Tháinig amhránaíocht na salm seo chun cinn mar gheall ar an Reifirméisean.
tuiscint shimplí simple understanding
" Cheap mé nach mbeadh ach cúpla focal agam agus tuiscint shimplí ar an ngramadach.
Neamhchas simple
" Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, *an t-eagarthóir*, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le *<ainm ag an eagarthóir>* cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara charthanach chomhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
carachtair shimplí ildaite simple colourful characters
" Bhí carachtair shimplí ildaite acu, a bhíodh bunaithe go minic ar phearsantachtaí clúiteacha, agus léiríodh a gcuid cartún mar a léireofaí *sitcom* beo.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta that she would share her political wisdom with him in simple agricultural terms
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
ba shaothair an-simplí iad they were very simple works
" ” Cáineadh géar Na chéad trí leabhar a scríobh sé, ba shaothair an-simplí iad a bhí dírithe ar an léitheoir óg.
i dtéarmaí simplí talmhaíochta in simple agricultural terms
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
Fonn réasúnta simplí. A fairly simple tune.
ag babhtáil línte beaga simplí. exchanging little simple lines.
" Mé féin agus Rossa ag babhtáil línte beaga simplí.
chomh simplí sin; as simple as that;
" “Bhí sé chomh simplí sin; bhí Channel Four ag an am ag cuartú ábhair agus thug léiritheoir Breathnach darbh ainm Karl Francis cuireadh dom dul chun na Breataine Bige le bheith mar léiritheoir cúnta ar scannán dá chuidsean.
seift shimplí a simple device
" “Bhí mé ag iarraidh seift shimplí a úsáid a léireodh gurbh as áit choimhthíoch iad na lads seo agus go raibh rud acu a dtiocfadh leo greim a choinneáil air - is é sin, a bhféiniúlacht.
rud iontach simplí a wonderfully simple thing
" Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn.
scéal thar a bheith simplí very simple story
" ” Tá scéal thar a bheith simplí i gceist sa scannán álainn seo.
sonraí simplí simple details
" Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothar – d’fhéadfadh sé, mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.
rudaí a choinneáil simplí to keep things simple
" Is fiú go mór rudaí a choinneáil simplí agus gairdín nua á chruthú agat.
Simplí ach casta. Simple but complicated.
míniú simplí simple explanation
" Féachfaidh mé anois le míniú simplí a thabhairt ar cad é go díreach is féidir leis an tseirbhís seo a dhéanamh.
sónta simple
" Is duine, go díreach, cineál sónta ann féin é Pat.
dhíreach shimplí straight and simple
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
tuiscint shimplí shoineanta a simple innocent reading
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
dearcadh simplí seanda old simple view
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
Duine le Dia a simple person
" ”* Duine le Dia ina Dhuine faoi Chúiseamh ================= Ar an lá céanna ag preasócáid i Halla na Cathrach, chuir Méara Bloomberg agus Coimisinéir Kelly i leith Ahmed Ferhani agus Mohamed Mamdouh go raibh sé beartaithe acu *“to blow up the largest synagogue in Manhattan and to kill as many Jews as possible.
sealgairí/cnuasaitheoirí diúide simple hunter/gatherers
" Meastar go forleathan san Astráil fós nach mbíodh i muintir dhúchais na tíre roimh theacht an chine ghil ach sealgairí/cnuasaitheoirí diúide.
ar chúis diúide amháin for the simple reason
" Le go mbeadh an tionchar is mó ag an deireadh seachtaine ar an dtír, mholfainn go mbeadh cuid mhaith dhó eagraithe i mBéarla ar chúis diúide amháin: má eagraítear é i nGaeilge ar fad, ní thabharfar mórán aird air sna meáin náisiúnta.
rún simplí soiléir a clear simple resolution
" Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile.
diúide simple
" Amach ó dhream beag i mBaile Cliath (tugaimis na liobrálaithe orthu), d’amharc na daoine orthu féin mar phobal diúide Caitliceach tuatach agus ní mar shaoránaigh an domhain shaoir.
diúideacha simple
" Tá moltaí agus slite diúideacha éasca agus feidhmiúla ann chun do rian coise a laghdú agus do lámhlorg a mhéadú.
d’ithidís bia diúid they ate a simple fare
" Chaithidís éadaí bunúsacha gan dath, níor nigh siad iad féin ach cúpla uair sa bhliain, d’ithidís bia diúid a dhéanaidís nó a chuiridís féin – arán, pasta, glasraí, cáis.
níl an scéal chomh diúid leis sin the matter’s not as simple as that
" Faraor, níl an scéal chomh diúid leis sin in aon chor agus mura mbímid cúramach lenár gcuid deonaíochta, d’fhéadfaimis a bheith ag cabhrú le hoibríocht dhomhanda a dhéanann níos mó dochar ná leas.
mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin as well as the deep and simple definition
" Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; *‘the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’*, *‘the quiet dogmas of the past’*, *‘ a new birth of freedom’*, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg sé féinig i reilig Gettsburg, *‘government of the people, by the people, for the people’*.
dhearadh simplí an tseit the simple set design
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
ceist diúide a simple question
" Mar shampla, ceist diúide mar "An bhfaca tú an cluiche mór inné?" Ag brath ar an duine a bhfuil tú ag caint leis, caithfidh tú oibriú amach go fo-chomhfhiosach agus go hiontach gasta an bhfuiltear ag caint ar *Manchester United* in éadan *Arsenal* nó ar Thír Eoghain in éadan Bhaile Átha Cliath sa Chraobh.
polcaí simplí bunscoile simple national school polkas
" Turasanna ceoil, U2, Steve Jobs, polcaí simplí bunscoile, comórtais Fheis Átha Cliath, agus raidhse ábhar eile atá faoi chaibidil.
Neamhchas simple
" Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
an lascáil neafaiseach, shimplí sin that simple irrelevant lashing (of the ball)
" Sin é an rud is mó a bhraithimse uaim mar imreoir caide, an lascáil neafaiseach, shimplí sin i gcoinne na binne.
bhfuil sé soineanta ná mothaolach he’s innocent or simple
" Deirtear gur fear simplí é a chaitheann saol simplí, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé soineanta ná mothaolach.
an rannóg neamhchas the simple quatrain
" Bhí an gligín le cloisteáil i bhfógra teilifíse, cuid d’fheachtas fógraíochta ar son mhonaróir na ngluaisteán, Holden, agus ní haon áibhéil a rá go raibh an rannóg neamhchas mar chuid de theanga na coitiantachta abhus.
fáth neamhchas le seo a simple reason for this
" Agus tá fáth neamhchas le seo: tá faitíos ar an rialtas roimh na húinéirí talaimh.
Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis the simple penalty points matter demonstrates
" Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis go bhfuil an chontúirt i gcónaí ann go mbainfí mí-úsáid as eolas atá íogair nó pearsanta.
chun míniú simplí a chur air to give it a simple explanation
" An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist: “Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
Dhá cheist neamhchasa two simple questions
" Dhá Cheist Shimplí ======== Dhá cheist neamhchasa i gcúrsaí gnó is ea, cá bhfuil do chuid custaiméirí agus cá bhfuil an iomaíocht? Más ea, tá 60 milliún duine sa Bhreatain, roinnt de bhunadh na hÉireann ina measc agus suim sa tír chéanna féin acu.
reachtaíocht shimplí, shoiléir clear simple regulation
" Is é an rud atá de dhíth, go práinneach, ná reachtaíocht shimplí, shoiléir (cosúil le hAlbain) chun cearta fánaíochta a thabhairt do dhaoine sa tír seo.
ar mhodh aoibhinn éasca upon a simple pleasant method
" Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.