Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na sinsir the seniors
" Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal.
na sinsir i bhfad siar the distant ancestors
" Is as áit éigin eile, mar sin, formhór na Meiriceánach, agus tá áit lárnach ag na sinsir i bhfad siar i *psyche *mhuintir na tíre.
ár sinsir our ancestors
" Tháinig ár sinsir anall anseo as timpeall deich n-áit éagsúla: Cill Dara, Muineachán, Ros Comáin, agus Uíbh Fháilí ina measc.
na sinsir the elders
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
na sinsir chríonna the wise elders
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
a sinsir their ancestors
" Tá an-tóir air, go háirithe mar gur mian leis na mílte duine ar tháinig a sinsir as Lios Mòr níos mó eolais a fháil faoina bhfréamhacha.
teanga ár sinsir the language of our ancestors
" D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda: “Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó.
ocht mbonn sinsir eight senior medals
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
oidhreacht ár sinsir our ancestral heritage
" Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha.
iaroifigeach sinsir a former senior officer
" Chuir iaroifigeach sinsir de chuid an CIA síos ar thacaíocht Iosrael le Hamas mar: “*a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative*.
sinsir senior
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
sinsir of (our) ancestors
" Nuair a leagas mo chos ar Oileán Í, bhraitheas macalla ár sinsir timpeall orm.
a sinsir of their forebears
" Cé go bhfuil na comhphobail seo sna limistéir ina raibh cónaí ar an muintir dhúchais le corradh is daichead míle bliain anuas, níl na daoine iontu ag maireachtáil ar modh traidisiúnta a sinsir, mar shealgairí-cnuasaitheoirí.
stair a sinsir their ancestors' history
" Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir.
abhcóidí sinsir senior counsel
" ” An bhfuil údair na tuarascála seo a mhaíomh i ndáiríre go bhfuil an líonra sóisialta Gaeilge ar aon dul leis an chumann rugbaí nó gailf nó le seancharbhat na scoileanna príobháideacha? Samhlaím an focal “elite” in Éirinn le dream beag daoine faoi phribhléid: lucht an rachmais, abhcóidí sinsir, amhantraithe airgeadais, forbróirí, baincéirí, comhairleoirí leighis, tiarnaí talún Angla-Éireannacha srl.
sinsir forebears
" Maíonn na ‘Moslamaigh Bhurmacha,’ mar a thugann siad orthu féin, go raibh a sinsir ag cur fúthu in Arakan na céadta ó shin.
fhoireann sinsir senior team
" Is é is ábhar don leabhar ná tuairisc Uí Sheancháin ina chuid focal féin ar a sheal mar iománaí ó bhí sé ina ghasúr go dtí an lá a d’fhág sé slán lena chomrádaithe ar fhoireann sinsir Phort Láirge.
iománaíocht sinsir senior hurling
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
a gcomhghleacaithe sinsir their senior comrades
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
sinsir forebears
" Ní deacair a shamhlú go mbíodh ár sinsir ar feadh na mílte bliain róghafa le cur chun cinn na beatha le bheith ag plé le caitheamh aimsire.
thagann anuas chugainn ó na sinsir comes down to us from our forebears
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
baill sinsir an rialtais senior members of government
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
mo cheap sinsir my family tree
" Cnoc Muaidhe ===== "Baineann ábhar na n-amhrán atá ar Clocks leis an taithí saoil as ar fáisceadh iad ach ní raibh mé iarraidh amhráin a scríobh agus iad bunaithe ar gach scéal i mo cheap sinsir.
Thit an croí as móramh ár sinsir most of forebears lost their courage
" Thit an croí as móramh ár sinsir d’aon léim amháin in aon ghlúin amháin.
nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir who can’t help the sins of their forebears
" Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir.
shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil sites where relics of our forebears are to be seen
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
nár múchadh an dé ina sinsir the spark of life in their forebears wasn’t extinguished
" Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma.
foireann sinsir senior team
" An chéad lá a thosnaíos in Ollscoil Luimnigh, ba é sin an chéad lá agam ag traenáil le foireann sinsir Chiarraí chomh maith - 18 Meán Fómhair 1993.
a gcuid sinsir a a leanstan to follow their forbears
" Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh.
ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan which our forebears fought fiercely against
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
ba bhinn lenár sinsir romhainn iad our forebears thought them sweet
" Tá míle mantra ag an dúlra agus ba bhinn lenár sinsir romhainn iad: Sgolghaire luin Doire an Chairn, búithre an daimh ó Aill na gCaor, ceól le gcolladh Fionn go moch, lachain ó Loch na dTrí gCaol.