Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lonnaithe situated
" Cuirtear a saothar i suímh phoiblí de ghnáth agus mhothaigh mé gur cailleadh cumhacht a cuid píosaí de bharr go raibh siad lonnaithe i ndánlann.
suite situated
" Tá páirc na féile suite cois locha, taobh le Loch Michigan, agus tá an suíomh sin breis is deich n-uaire níos mó ná Páirc an Chrócaigh.
lonnaithe situated
" Is beag cumann spóirt, gan trácht ar chumainn de chuid Chumann Lúthchleas Gael, atá lonnaithe sa cheantar lárchathrach.
lonnaithe situated
" Beidh an Spíce lonnaithe ar an suíomh ar sheas Piléar Nelson air agus, de réir cosúlachta, beidh sé chomh conspóideach céanna.
lonnaithe situated
" De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread.
lonnaithe situated
" Tá an tAonad féin lonnaithe i Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir, Ollscoil Luimnigh ach tá freagracht orm maidir le forbairt na Gaeilge agus sheirbhísí Gaeilge san Ollscoil go léir.
suite situated
" Tá sé suite timpeall tríocha míle amach ó chathair na Gaillimhe agus naoi míle ó chósta Chonamara.
suite situated
" Tá an teach suite i mBinn Éadair, ar cheann de na suímh is áille a chonaic mise riamh i mBaile Átha Cliath.
suite situated
" Ba mhór an t-ionadh agus an lúchair a tháinig orm nuair a chonaic mé go raibh rang Gaeilge ar siúl i mo chathair féin, i dTeach na hÉireann, ionad cultúrtha atá suite ar imeall páirce poiblí darb ainm Balboa Park.
suite situated
" Is pobal beag feirmeoireachta é Lubbock, atá suite ar imeall thiar Chrios an Bhíobla, agus deirtear go bhfuil níos mó tithe pobail ann *per capita *ná mar atá in aon chathair eile sa náisiún.
lonnaithe situated
" "Borradh Buan" atá mar theideal ar an mionfhéile seo, agus is cosúil go bhfuil an teideal sin ag tagairt don fhorbairt bhuan atá de dhíth i ndrámaíocht na Gaeilge *agus *don tionscadal athnuachana atá ag tarlú sa cheantar ina bhfuil Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe.
lonnaithe situated
" Tá Spuaic Shráid Uí Chonaill le bheith lonnaithe ar shléibhte Chiarraí, áit a mbeidh sé le feiceáil ó gach aon chearn den chontae.
lonnaithe situated
" Tá Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe faoi scáth na dtúr i mBaile Munna, túir a bhfuil an liathróid treascartha i ndán dóibh.
a bhíodh suite which used to be situated
" Ansin, lá amháin, chuaigh mé chuig rang beag Gaeilge sa siopa leabhar Éireannach, *Green Ink*, a bhíodh suite ag bun tí spéire i dTuaisceart Londan.
suite situated
" Tá sé suite i seansráid atá pábháilte le duirleoga, agus *campanile *- nó cloigtheach - shéipéal San Frediano le feiceáil ag a deireadh.
suite situated
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
suite situated
" Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir 30 páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar churám sláinte acu.
suite situated
" Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir 30 páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar churám sláinte acu.
suite in oirthuaisceart na hAlban situated in the northeast of Scotland
" Is sráidbhaile ciúin cois trá é Portmahomack, atá suite in oirthuaisceart na hAlban ar leithinis darb ainm Tarbat Ness.
suite ar bhá situated on a bay
" D’fhan mé thar oíche i mbrú óige san Òban, baile gleoite atá suite ar bhá mór idir cnoic agus oileáin.
suite in aice leis an phríomhbhóthar. situated beside the main road.
" Is gleann fada, cúng, domhain é Vestfjorddalen, thart 20 ciliméadar ar fhad, agus tá bailte mar Rjukan suite in aice leis an phríomhbhóthar.
suite ar leithnis. situated on a peninsula.
" Shocraigh mé go gcaithfinn seal i dtuaisceart na Nua-Shéalainne le cúpla cara, agus ar aghaidh liom chuig Coromandel, baile atá suite ar leithnis.
atá suite which is situated
" Sampla maith de na grúdlanna nua seo is ea grúdlann Cricket Hill, atá suite deich míle uaim in Fairfield Nua-Ghéirsí ar eastát tionsclaíoch.
suite situated
" Tá ceathrar acu suite i lár Shráid Uí Chonaill agus iad ag siúl go leanúnach.
suite situated
" Is scéal é atá suite i mBaile Átha Cliath an lae inniu agus is í Anna Kelly Sweeney an príomhcharachtar atá ann.
lonnaithe based, situated
" D'inis bainisteoir an ionaid, Lucinda Antal, dom gur leagadh an teach mór chun talaimh sna caogaidí, ach go bhfuil an t-ionad lonnaithe sna seanstáblaí.
suite situated
" Ach bhí an chuid ba mhó de na hinstitiúidí náisiúnta suite in Melbourne faoin am sin, foirgneamh sealadach na parlaiminte san áireamh.
suite situated
" Is ar oileán fada caol atá an chathair suite agus ní féidir dul ann ach trasna tóchair agus droichid atá ceithre mhíle ar fhad.
suite situated
" Ach d'ainneoin sin, leag an Chomhairle seandroichead eile chun talaimh an mhí seo i bparóiste Chill Cartha atá suite in aice linn.
Tá sí suite it is situated
" Tá sí suite ar láthair fhíorálainn atá díreach in aice na farraige.
lonnaithe situated
" Bhí mé féin ann, ó Chonradh na Gaeilge i Learpholl, agus bhí Conraitheoirí eile as Glaschú agus as Manchain ann fosta, chomh maith le baill den Manchester Irish Language Group (MILG) Coventry Irish Society agus as Coláiste na nGael, atá lonnaithe i Londan agus in Essex.
lonnaithe situated
" Tá sé lonnaithe sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath.
lonnaithe situated
" Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú? Foghlaim na Fuaime ========= Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.
lonnaithe situated
" Táthar á iniúchadh go fóill, ach ceaptar go bhfuil an cnap bruscair seo, lonnaithe i Mórghuairneán an Atlantaigh Thuaidh, chomh mór arís lena mhacasamhail san Aigéan Ciúin.
Suite situated
" ‘Certified Copy’, ‘Copy conforme’, Cóip Dheimhnithe … ================ Suite sa Toscáin, seo an chéad scannán fada atá déanta san ‘iarthar’ ag fear na hIaráine, Abbas Kiarostami.
lonnaithe situated
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
Lonnaithe situated
" Lonnaithe idir dhá shiopa a bhí sé, an staighre íseal, agus é clúdaithe ó shúile na sráide le cuirtín.
a gcuid ceannáras lonnaithe their headquarters were situated
" In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.
lonnaithe situated
" Níl fágtha ón tréimhse sin anois ach seacht gcinn de na portráidí uiscedhatha a phéinteáil Gottliebova, iad ar fad lonnaithe in Iarsmalann Stáit Auschwitz-Birkenau.
suite situated
" In alt na míosa seo, tá cur síos ag Anne Marie Nic Ruaidhrí ar Thoraigh, an t-oileán atá suite amach ó chósta an iarthuaiscirt.
lonnaithe situated
" Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.