Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sléibhte mórthaibhseacha spectacular mountains
" Téann an bóthar suas isteach i sléibhte mórthaibhseacha, ansin tá líne sléibhte le feiceáil agus carn ollmhór déanta as clocha bána ar bharr achan cheann acu.
sléibhte ceomhara misty mountains
" Tá sé dochreidte chomh fada léi mar thrá - síleann tú nach bhfuil deireadh ar bith léi - agus sléibhte ceomhara i bhfad uait trasna na farraige.
fíor na sléibhte the outline of the mountains
" Bhí fíor na sléibhte le feiceáil go doiléir i bhfad uainn.
lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin full of valleys and mountains and twists in the path
" Tosaíonn Martin agus Dennis ar an bpíosa – píosa an-fhada atá ann, lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin.
ag éagnach ar na sléibhte groaning on the mountains
" Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas agus ag éagnach ar na sléibhte nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr.
na Sléibhte Apaláiseacha the Appalachian Mountains
" Ceol traidisiúnta na Sléibhte Apaláiseacha is ea an *Bluegrass*.
ar shiúlóidí fada sna sléibhte, on long mountain walks,
" Tugann na *Kiwis* *tramping* ar shiúlóidí fada sna sléibhte, ach diabhal *tramping* a bhí ar siúl ag an gcumann an deireadh seachtaine sin! Bhí féasta mór san uaimh, agus coinnle timpeall na háite ar mhaithe le solas, teocht agus boladh.
ag casadh trí na sléibhte glasa. twisting through the green mountains.
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
i Sléibhte na Himiléithe in the Himalayan Mountains
" Bíonn bratacha mar seo le fáil i Sléibhte na Himiléithe de ghnáth, ar Everest (8848 méadar), cuir i gcás.
Cath na sléibhte battle of the mountains
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte the mountains were gods and heros
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
Phléasc na sléibhte le háthas, The mountains exploded with happiness,
" Phléasc na sléibhte le háthas, agus bhí an spéir dearg le laibhe agus clocha leáite.
B'éigean do na sléibhte The mountains had to
" B'éigean do na sléibhte eile an ceantar a fhágáil chun a gcuid ríochtaí féin a bhunú.
tá seans go bhfillfidh na sléibhte there is a chance the mountains will return
" De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
Sléibhte Creagacha Rocky Mountains
" Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha.
gona sléibhte with its mountains
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
sléibhte is airde highest mountains
" Is é sin, na sléibhte is airde in Albain a dhreapadh ceann i ndiaidh a chéile, gach ceann acu níos airde ná 3,000 troigh.
sléibhte mountains
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
dorchaíonn na sléibhte the mountains darken
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
sléibhte of mountains
" Cibé is mian leat a cheapadh ann, beidh siopa ann duit, ó shiopa choirníní go siopa d'asarlaithe! Tá siopa amháin nach ndíolann ach Lego! Bhí siopa Éireannach, fiú amháin (gan arán sóid, faraor, ach lán le seodra, caipíní speice, agus le pictiúirí sléibhte).
scáth na sléibhte ceannasacha prominent mountain shade
" Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin.
faoi scáth na sléibhte shaded by the mountains
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
Sléibhte maorga magnificent mountains
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
mar thír sléibhte as a mountainous country
" Bíonn mórán siocracha le seo: is é an príomhrud go bhfuil eolas ag níos mó siúlóirí anois ar An Spáinn mar thír sléibhte.
Tá talamh coillte ar na sléibhte there are woodlands are on the mountains
" Tá talamh coillte ar na sléibhte cheana féin agus dá ndúnfaí na portaigh sléibhe ní bheadh i gcoinne feirmeacha gaoithe ar na sléibhte ach ‘lucht cantail’ na mbailte móra.
don rothaí a chríochnaíonn céim na sléibhte for the cyclist who completes the mountain section
" Ní hamháin go bhfuil geansaí bándearg ann don bhuaiteoir sa Giro ar fad, ach tá geansaí gorm ann don rothaí a chríochnaíonn céim na sléibhte i dtosach.
ar na sléibhte on the mountains
" Bíonn an trealamh ceart i gcónaí le Tony Birtill nuair a théann sé amach ar na sléibhte ach tá go leor daoine ann nach mbíonn chomh cúramach céanna.
sléibhte mountains
" Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.