Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
loscadh sléibhe wildfire
" Ó Oíche Nollag, nuair a thosaigh an loscadh sléibhe, bhí sé níos mó ná trí seachtainí sula raibh na tinte ar fad ceansaithe.
maidhmeanna sléibhe avalanches
" Maraíonn maidhmeanna sléibhe agus pléascanna mianadóirí ar an toirt ó am go chéile, agus tá go leor eile a mharaíonn galar na scamhóige duibhe, tinneas léanmhar análaithe a thagann ar dhaoine ó bheith ag sú isteach deannach guail.
fhoireann tarrthála sléibhe mountain rescue team
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
shiúlóidí fada sléibhe long mountain walks
" Beidh dáréag sa ghrúpa, ina measc Selwyn Williams, fear a bhfuil a lán taithí aige ar shiúlóidí fada sléibhe - uair amháin shiúil sé ó Chaerdydd go dtí a bhaile féin i Llanrug in aice le Caernarfon, 150 míle trasna na sléibhte.
cháiseanna sléibhe mountain cheeses
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
an earnáil siúl sléibhe the hillwalking sector
" Tháinig an tuarascáil seo sna sála ar fhigiúirí a d’eisigh Fáilte Ireland a léiríonn go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, de cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
i gcúlán sléibhe in a secluded spot on the mountain
" Bhí an siúlóir ag treabhadh ina threo, gan casadh ar leataobh mar a dhéanfadh manach ar ghnó éigin i gcúlán sléibhe.
trealamh sléibhe mountain equipment
" Dúirt an tiománaí go raibh trealamh sléibhe agat – ’ Comharthaí láimhe a rinne an tiománaí agus málaí Dixon á gcaitheamh amach sa Bhun-Champa aige.
an earnáil siúl sléibhe the hill-walking sector
" Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.
an t-ardchlár sléibhe is mó the biggest mountain plateau
" I mí Feabhra 1943 thuirling grúpa saighdiúirí Ioruacha, le cuidiú an RAF, ar an Hardangervidda, an t-ardchlár sléibhe is mó sa Eoraip (150 míle trasna), atá ó thuaidh ó Ryukan.
ó bharr sléibhe from the top of a mountain
" Leantar sruthán ó bharr sléibhe trí easa agus foraoisí go dtí gur abhainn é.
mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe as the leader of mountain-walking courses
" Tá teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
chúrsa siúl sléibhe mountain walking course
" " Tá Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael, ina LfCS.
loscadh sléibhe wild fire
" Is cuid de nádúr na tíre seo an loscadh sléibhe, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 10, Feabhra 2002).
droim sléibhe mountain ridge
" Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
siúlóirí sléibhe hill walkers
" Ainneoin seacht mbliana a bheith caite aige ina Roinn, mar shampla, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe is feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta.
sléibhe mountain
ina loscadh sléibhe like wild fire
" Scaip an galar eacnamaíoch ina loscadh sléibhe ar fud an domhain mhóir.
chinnirí sléibhe mountain leaders
" Bhí mé cláraithe ar chúrsa athfhoghlama geimhridh do chinnirí sléibhe ag Lóiste Gleann Mór, an t-ionad traenála cóngarach don bhrú.
An Scéal ina Loscadh Sléibhe news moving fast
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
Siúl Sléibhe hill walking
" Ar bharr an Chairn Deirg (945 méadar) le Cumann Siúl Sléibhe na Téide Deirge a bhí mé i Mí Feabhra.
e shiúl sléibhe
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
Cluain sléibhe a mountain pasture
" Mullach an Radhairc ========== Cluain sléibhe ansin.
treoraí siúl sléibhe geimhridh winter hill-walking guide
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
coillte móra sléibhe large mountain woods
" Glanadh na coillte móra sléibhe ann chun breis talún a fháil agus b’éigean do dhaoine a raibh cónaí orthu ann cheana, imeacht agus socrú in áit eile ar fad.
siúl sléibhe hill walking
" “Seo ceann de na háiteanna is áille go chonaic mé riamh,” a dúirt Níamh, bean ar mo chúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille, Co.
theastaigh an cimín sléibhe mountain commons were needed
" Chaithidís cuid den gheimhreadh ar na taltaí ísle, ach sa samhradh theastaigh an cimín sléibhe ó na beithí.
ar mhullach sléibhe ar bith on any mountain top
" An Ceamara Glibe =========== Ní bheidh mé ar mhullach sléibhe ar bith le péire ski i mbliana.
shiúlóirí sléibhe hillwalkers
" Tá piocóid oighir de dhíth ar shiúlóirí sléibhe sa gheimhreadh, chomh maith le dreapadóirí.
fear an tarrtháil sléibhe the mountain rescue man
" Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige.
raon sléibhe a mountain range
" Romhainn amach bhí ‘Mám Toirc an Tuaiscirt’, raon sléibhe nár thug mé faoi ariamh cheana.
Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe although I work as a mountain guide
" Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe sa Spáinn le comhlachtaí mar Ramblers Holidays, tugaim faoi deara go mbíonn níos mó ‘siúlóirí neamhspleácha’ amuigh ar na cnoic sa tír sin le roinnt bliana anuas.
i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe far too hot for hill walking
" Bíonn sé i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe sa samhradh ansin, an t-am is gnóthaí ó thaobh turasóireachta de go traidisúnta, ach tuigeann an rialtas ansin go bhfuil gá le tarraingt de sórt eile chun turasóirí a mhealladh an chuid eile den bhliain.
siúl sléibhe hill walking
" “Seo an teach inar rugadh an scríbhneoir cáiliúil Patrick McGinley i 1937,” a insím do mo scaifte ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael.
mo chúrsa siúl sléibhe my hill walking course
" Bhuail mé léi don chéad uair i 1994, nuair a d’fhreastail sí ar mo chúrsa siúl sléibhe.
Droim sléibhe ard, cúng a high narrow mountain ridge
" Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta.
cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe help a mountain rescue group
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.
súil sléibhe hill walking
" Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.
siúl sléibhe hill walking
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi walkers could put growth in
" com* go bhfuil siadsan ag seachaint na ceiste seo: cuireann siadsan béim ar Slí an Atlantaigh Fhiáin - is é sin, do charr a thiomáint thart ar an chósta! Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre go tapa.
ar bharr sléibhe on a mountain top
" Aimhréidhe Saoil, Aimhréidhe Intinne ============ Is le hEaglais Cheartchreidmheach na Rómáine an mhainistir lom bhocht seo, í ar bharr sléibhe, agus sagart amháin agus seisear ban rialta ag cur fúthu inti.
chúrsa siúil sléibhe hill-walking course
" Le linn dó a bheith ag obair ar chúrsa siúil sléibhe i nDún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh, chas Tony Birtill le ceathrar ban as an Iodáil a bhí an-tógtha leis an Ghaeilge agus leis an cheantar.
thubaistí an tsiúil sléibhe hill walking disasters
" Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.
siúl sléibhe hill-walking
" Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc.
dhroim sléibhe mountain top
" Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.