Pota Focal Intergaelic
slád | lad | sad | salad | sead
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slad havoc
" An mbeadh a gcuid fuinnimh uilig de dhíth le slad a dhéanamh ar an phobal náisiúnaíoch? Smaoinigh air: 10-15,000 ball den UDA ag máirseáil fríd Bhaile Bhláinséir nó Áth Luain nó Luimneach - nó, i gcead do Mhargaret Thatcher, tá Béal Feirste chomh hÉireannach le Baile Munna nó Killiney féin - agus gan an Taoiseach a dhath a rá.
Slad thrashing
" Cill Chainnigh iad féin sna seachtóidí, le Eddie Ó Cathaoir, Pat Mac Einrí, Nollaig Mac Sceacháin agus eile ar bord, bhuadar Craobh na hÉireann i 1972, 1974 agus i 1975, ach gan coinne ar bith rinne Loch Garman Slad orthu i gcluiche ceannais Laighean i 1976.
ag déanamh slada spoiling, ruining
" Tá muidne ag déanamh slada ar ár n-oidhreacht féin, mar a tharla d'oidhreacht na nIndiach Dearg i Meiriceá, ach gur sinne féin atá freagrach as an slad.
slad slaughter
" Tar éis trí lá inar imir muintir Chorcaí slad ar mhuintir na hAlban, agus a mhalairt ar feadh trí lá eile, bhí sos comhraic ann.
shlad devastation
" Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d'ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.
slad slaughter
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
ag déanamh slada ar a gcuid uan slaughtering their lambs
" ) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan – rud nach raibh amhlaidh – agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
slad devastation
slad devastation
" Sna gnáthscoileanna lán-Bhéarla – tá breis is 3,000 acu ann – is measa atá an scéal ach níl na scoileanna Gaeltachta slán ón slad ach an oiread.
slad destruction
" Éireannaigh ab ea formhór na ndaoine a cúisíodh as na círéibeacha, agus leis an slad a rinneadh ar an Fighting 69th, thuigfeá dóibh.
slad plundering
" Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
slad slaughter
" Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse.
slad slaughter
" An tseachtain seo caite, tháinig na Brockton Rox anuas as Massachusetts agus rinneadar slad ar na Jackals, ag buachaint orthu 10-1.
slad slaughter
" Ní cuimhin liom a leithéid cheana, ach i gcás amháin, b’fhéidir, is é sin nuair a rinne an Mhí slad ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann in 2001 leis an scór 2-14 i gcoinne 0-5.
slad slaughter
" Bhí rian den slad a rinneadh ar na Tóraithe i dtoghchán na Breataine i 1997 ina gcliseadh sa bhliain 2002.
slad devastation
" Maraíodh na mílte díobh agus rinneadh slad ar a gcultúr agus ar a slí mhaireachtála.
amharclann an tslada. the theatre of slaughter.
" Más *showtime* é forógra an olltoghcháin, is é seo amharclann an tslada.
ag déanamh slada ar a gcuid uan slaughtering their lambs
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
an cur síos ab uafásaí den slad the most terrible account of the slaughter
" Nuair a mharaigh Cho Seung-Hui 32 dá chomhscoláirí in Virginia Tech in Aibreán 2007, ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca.
slad plunder
" Déanadh slad ar Údarás na Gaeltachta, mar shampla, agus baineadh ionann is €3m dá mbuiséad bliantúil.
an slad the damage
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
slad slaughter
" D’fhoilsigh tionscal scannáin Hollywood a leagan siadsan den slad faoin teideal ‘Black Hawk Down’.
slad slaughter
" Grád: D Mary Coughlan (An Tánaiste agus Aire Talamhaíochta, Iascaigh agus Bia): Is doiligh easaontú leis an slad atá déanta ag na meáin uirthi, cé gur cháineadh róphearsanta a bhíonn ann ar uairibh.
slad slaughter
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
slad death
" Cruthaíonn an carr, nó an bealach ina n-úsáidtear é, an t-uafás fadhbanna - truailliú aeir, brú tráchta agus slad ar na bóithre - agus is é an rothar, dar le Augé, an tuar dóchais is substaintiúla dá bhfuil againn.
Slad havoc
" Tiús Tráchta a Thugann an Slad Má dhéantar na staidrimh a scrúdú, tugtar faoi deara go bhfuil dlúthbhaint ag an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre agus líon na dtimpistí bóthair iad féin.
slad slaughter
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
slad ceart a proper defeat
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
Slad de Leataobh collateral slaughter
" Slad de Leataobh ========== D'fhoilsigh WikiLeaks a chéad tacar doiciméad i 2006, agus tá eolas foilsithe acu ó shin i leith faoi chaimiléireacht sa Chéinia, Eaglais na hEoleolaíochta, agus taisme eithneach san Iaráin, fágaim.
Bhí an slad déanta the slaughter was done
sladadh slaughtered
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
láthair naofa an tslada sacred spot of the slaughter
" Dá mba iontas an tost urraime a fearadh roimh ‘God Save The Queen’ i gceannáras an CLG siar i 2007, ba mhíorúiltí ná sin fós go dtáinig col seisir na Banríona Eilíse 1 (ocht nglúin déag ar aghaidh, is cosúil) ar láthair naofa an tslada.
slad slaughter
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
slad slaughter
" Sa tuairisc a thug Glass ar an slad a rinne an rialtas ar an gcathair, léigh mé go raibh na ceardaithe gníomhach san eachtra agus go raibh deireadh leis na daoine ar fad a bhíodh ag cur éadach cáiliúil Hama i gcló.
slad slaughter
" Sinne faoi gheasa na bruíne freisin, an sceimhle céanna á bhlaiseadh againn leosiúd istigh - tá sinne comhpháirteach leo sa slad, rannpháirteach leo sa díothú.
ní mór an slad the damage was slight
" Má bhí na ceithre scór aici fán dtráth ar thug gnó na teilifíse an doras chuici isteach mé, ní mór an slad a d’imríodar na blianta céanna ar a corp, nó ar a hanam, nó ar a héirim, nó ar an gcuimhne fhinscéalach.
ndearna an sioc slad ar an mbarr frost killed of their crop(s)
" Chuir tuilleadh agus 300 feirimeoir lámh ina mbás féin san Ind ag tús na bliana seo toisc go ndearna an sioc slad ar an mbarr.
Dhein físeanna áirithe slad certain visions created slaughter
scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad bloody movies caused the slaughter
" Dar leis, b'iad na cluichí ríomhaireachta agus na scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad.
curtha i mbun slad ar a chéile put to killing each other
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
Slad pillage
" Fearann fola críoch Cruinne, Bíodh cách slán fá chomhartha Go bhfuil d’oidhreacht ar Chlainn Ádhaimh Slad, Slad, Slad.
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir why is everyone heedless to the slaughter
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
ina ndearnadh slad ar where they slaughtered
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
a nocht lámh a uncail sa slad which showed his uncle’s part in the slaughter
" Lú ná sásta a bhí Maurice Neligan, Máinlia Croí, lem’ scannán ‘*Ballyseedy*’ (RTÉ, 1997) scannán a nocht lámh a uncail sa slad.
ina slad in a slaughter
" Chríochnaigh sé ina slad ar na sráideanna.
slad havoc
" Beidh slad ar chearta an duine agus ar chóipcheart ar siúl, tharla gur cuma le gach éinne, Google agus YouTube san áireamh, an duine, nó an leabhar, a cheapfar le ceamara feasta.
slad agus sléacht slaughter
" Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh".
an tslada mharfaigh of the murderous slaughter
" Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.
an tslada of slaughter
" Boladh na staire agus an tslada a fuair Diarmuid Johnson ar a chamrian trí Dubrovnik, Mostar agus Sarajevo.
slad idirnáisiúnta international slaughter
" Is dhá dhream iad ar féidir leo slad idirnáisiúnta a dhéanamh le scríob den pheann.
slad millteanach desperate slaughter
" Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.