Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shlat tomhais criterion
" Ach tá mé cinnte go bhfuil sé ina shlat tomhais ag daoine atá ag iarraidh bheith mar iarrthóirí ag an pháirtí sin gan leamhóg gháire a bheith briste acu le sé mhí roimh ré.
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach his penis makes contact with the electric wire
" Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
slata tomhais criteria
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá go leor curtha i gcrích maidir leis na bunaidhmeanna sa mhéid is gur leagadh síos slata tomhais maidir le ceapadh na téarmaíochta, gur ceapadh prionsabail traslitrithe don téarmaíocht theicniúil agus gur faomhadh corpas fairsing tearmaíochta de réir na bprionsabal sin, gur foilsíodh fiche éigin foclóirí saintéarmaíochta agus go bhfuil roinnt eile socraithe ach gan a bheith in eagar go fóill.
ar shlat a ndroma flat on their back (drunk)
" Nuair a bhí bunús na mac léinn eile ar shlat a ndroma ag cóisir inteacht, bhí Joan ansin agus ní ligfeadh sí deoir amháin biotáilte nó leanna thar a béal.
cúpla slat a few yards
" Ní raibh a fhios aige go raibh údar an leabhair curtha cúpla slat ó bhalla an phríosúin ina raibh sé.
fá cheann cúpla slat within a couple of yards
" D'éirigh leis sa deireadh cibé agus tharraing sé an veain suas fá cheann cúpla slat de dhoras tosaigh an tí.
shlat tomhais criterion
" Ní miste liom cad é chomh cumasach le fidléir nó le ceoltóir uirlise ar bith, tá an t-ionracas agus croí mór mar shlat tomhais agam! AÓF: Nár laga Dia thú a Mhairéad! Suíomh gréasáin: (www.
slata tomhais criteria
" Céard a thaitníonn liom fúithi? Cad iad na tréithe a bhaineann léi? Céard iad na slata tomhais a d'úsáidfinnse chun portaireacht duine éigin a mheas? Céard iad na rudaí nó na tréithe a lorgóinn ón bportaireacht a chabhródh liom an chéad, an dara nó an tríú háit a bhronnadh ar dhuine? An bhfuil aon rud fúithi nach dtaitníonn liom? Seo thíos cuid de na rudaí a luaigh mé leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht éisteachta an lá sin.
shlat tomhais criterion
" Síleann amhránaithe áirithe gur sna leabhra atá na leaganacha is údarásaí de na hamhráin, agus úsáidtear na leaganacha clóite mar shlat tomhais chun breith a thabhairt ar leaganacha béalaithrise.
shlat tomhais criterion
" Critéir teanga Scéim Thithíochta Roinn na Gaeltachta a bheas mar shlat tomhais agus ní bheifear ábalta na tithe a dhíol nó a ligean amach ar cíos le daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu.
sé shlat tomhais éagsúla six different criteria
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
slat draíochta magic wand
" Níl aon slat draíochta againn anseo chun rudaí a athrú thar oíche, ach sílim gur léiriú é bunú na hoifige seo go bhfuil an Stát dáiríre faoi Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm.
dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin if the Commission's criteria were adhered to
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
shlat tomhais yardstick
" Agus samplaí mar seo á n-úsáid againn mar shlat tomhais ar áilleacht agus dhraíocht an cheoil.
óir dhá chéad slat ón stáitse for two hundred yards from the stage
" Ní hamháin sin, ach tá rud níos pearsanta ag tarlú anseo dó, óir dhá chéad slat ón stáitse tá dealbh de chuid a athar – Bikki.
an tslat tomhais the yardstick
" Is iad Tom and Jerry a leag síos an tslat tomhais do gach rud a tháinig ina ndiaidh i gcúrsaí beochana agus níor sáraíodh riamh iad.
an tslat tomhais the yardstick
" Is iad an Gúm an teach foilsitheoireachta is mó a aithnítear le leabhair do pháistí agus is iad is mó a leagann síos an tslat tomhais don réimse seo léitheoireachta.
slata éagsúla tomhais various yardsticks
" Baintear úsáid as slata éagsúla tomhais chun breithiúnas a thabhairt ar chathair.
gluaiseacht deich slat chun tosaigh, to move 10 yards forward,
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
mar shlat tomhais as a yard stick
" I ndeireadh na dála, ámh, níl i gceist le Cácas Iowa ach toghchán a bheas ag feidhmiú mar shlat tomhais.
slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách effective and independent means of measuring
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
an tslat tomhais chéanna the same criterion, yardstick
" Chinn comhairlí contae éagsúla go mbainfí úsáid as an tslat tomhais chéanna is a bhí ann cheana féin do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta.
mar shlat tomhais. as a criterion.
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
slat draíochta magic wand
" Níl slat draíochta ag *Lá Nua* ná ag an dream eile a réiteoidh na fadhbanna sin thar oíche.
slat is fiche 21 yard(s)
" Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí.
slat yard(s, measure)
" Páirc an Phiarsaigh I mbliana reáchtáladh an comórtas peile i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara cúpla céad slat ó theach an Phiarsaigh.
slata tomhais measures
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
slat yard(s)
" Thug muid faoi deara anuraidh go raibh crann cumarsáide, le muileann gaoithe, tógtha cúpla slat ón charn.
shlat yard(s)
" Bhí dhá rogha eile ar fáil don réiteoir ag an nóiméad áirithe sin agus b’in iad gnáthphoc saor ceithre shlat déag a bhronnadh ar Chill Chainnigh de bharr calaois a bheith déanta ar Risteárd de Paor (agus i gcomhthéacs an mhéid a cheadaigh an réiteoir go dtí sin sa chluiche maidir le sárú na rialacha ba éadromchúiseach go leor an chalaois í), é sin nó poc saor amach do Thiobraid Árann ar an údar gur iompar de Paor an sliotar ar feadh ocht nó naoi gcéim gan iarracht dá laghad á dhéanamh aige ar é a imirt.
shlat tomhais rule of thumb
slata loine pistons
" Bogann an bulla iomlán suas agus síos leis na tonnta, agus tiomáineann an dá phíosa slata loine eatarthu a ghineann an aibhléis.
slat yards
" Tá fiche troigh curtha ag Dermo le hairde na mballaí thart ar a dhúnáras, geataí a fuair sé ó champa Arm na Breataine i gCrois Mhic Lionnáin; agus meaisínghunnaí móra suite i neadacha iarainn gach deich slat óna chéile fá bharr na mballaí.
slat yard(s, measure)
" Tá gach ceann de na tithe Dé seo cúpla céad slat ó láthair an Ionad Trádála.
mar shlat tomhais a criterion
" I ndáiríre, is suarach an tsuim airgid é 25 milliún i ré seo na mbilliún, agus ar aon chaoi, ba chóir nach mbeadh an costas róthábhachtach mar shlat tomhais ar dhearadh ár gcuid foras daonlathach.
céad slat hundred yards
" Lean mé ar aghaidh in aice leis an Ribble cúpla céad slat go dtáinig mé go teach folctha Rómhánach agus chuig gráinseach.
slata sticks
" Is saothar idirghníomhach é Silent Barrage a úsáideann lear mór slata róbataice, ríomhaire agus cealla inchinne le gluaiseacht a spreagadh sna slata, nuair a ghluaiseann daoine thart timpeall orthu.
na slat tomhais yardsticks
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
iascairí slaite anglers
" Ag Iascaigh ar chósta Shligigh chaith muid roinnt ama ag féachaint ar mharcaithe toinne ar an fharraige agus ar iascairí slaite ar a sáimhín só san abhainn.
an tslat tomhais the criterion
" Is é an t-innéacs corpmhaise an tslat tomhais idirnáisiúnta le meáchan an duine a mheas.
an tslat tomhais rule of thumb
" Is é an síorardú i gcostas na hartola an tslat tomhais is fearr atá ann go bhfuil an soláthar ola ar domhan ag ídiú agus ag éirí gann.
más é sin an tslat tomhais if that’s the rule of thumb
" I bhfocail eile, déanann imreoirí íobairtí móra ar son na cúise freisin agus más é sin an tslat tomhais a bhaineann le bainisteoirí a íoc is dóigh go mba chóir imreoirí a íoc chomh maith.
deich slat ten yards
" Ní raibh ach deich slat siúlta againn nuair a bhris an cóta liath amach ón scata ban.
cad é an tslat tomhais atá agat how do you measure
" Cad tá á lorg agat i ndáiríre, cad é an tslat tomhais atá agat nuair atá piosa scríbhneoireachta nó ceoil á lorg agat.
slat tomhais lom garbh a rough estimate
" Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh.
céad slat a hundred yards
" Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
an tslat tomhais the tally-stick
" 15% gach cúig bliain! Feictear domsa gurb é sin an tslat tomhais ar cheart a bheith ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ná 250,000 Gaeilgeoir rialta (á úsáid go seachtainiúil ar a laghad) a bheidh ann faoin mbliain 2031.
slat tomhais yardstick
" Is dóigh gur slat tomhais an-mhaith atá sna líonraí seo ar céard atá daoine ag ceapadh faoin ár gclaracha.
mar shlat as a cane
" Baintear úsáid go tráthrialta as an leabhar mar shlat dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh chomh beag agus is féidir a dhéanamh d'iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun tosaigh.
shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála a yardstick for commercial businesses
" Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin, is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha.
cúpla slat uathu a couple of yards from them
"cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní.
slat d'órshnáithe yards of gold braid
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.
cúpla céad slat a couple of hundred yards
" “Ní raibh muid ach cúpla céad slat ón teorainn.
sádh slat bhambú ina fhualfheadán a bamboo shoot was stuck into his urethra
" Gortaíodh go dona é is sádh slat bhambú ina fhualfheadán.
an turas deich slat trasna an bhóthair the ten yard trip over the road
" Tugadh teastas dúinn sa Líonán mar éiric ar ár gcuid iarrachtaí ach fán am a rinne muid an turas deich slat trasna an bhóthair go dtí an t-óstán bhí sé loite ag an bháisteach.
an tslat tomhais chéanna the same yardstick
" Dá réir sin, níor cheart dúinn an tslat tomhais chéanna a úsáid d’fhonn anatamaíocht na gcatagóirí seo a bhreithniú.
dá mba é sin an tslat tomhais if that were our rule of thumb
" Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis.
i bhfoisceacht 50 slat within fifty yards
" B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire dá mbeadh sé beartaithe tuirbíní móra a thógáil i bhfoisceacht 50 slat dá theach féin i gCluain Dolcáin.
ocht slata déag ar airde lena linn eighteen yards high at the time
" Bhí ballaí an dúin ocht slata déag ar airde lena linn – teach sé stór.
nó slat do bhuailte féin or someone you may regret meeting
" B’fhéidir go bhfaighfeá ‘súisteoir’ ceart as an gcleas, sin nó slat do bhuailte féin! Cinnte tá deacrachtaí faoi leith ag baint leis seo.
athraíonn an tslat tomhais i d’intinn your mental rule of thumb changes
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
cúpla céad slat a few hundred yards
" Tá sí ag fáisceadh orm! Ach más fíor do na daoine thart orm níl fágtha acu cúpla céad slat.
slat tomhais solúbtha a flexible means of assessment, measuring stick
" (Theip ar an reifreann mar gheall ar scoilt i measc na bpoblachtach – ar chuala tú a leithéid riamh?) Bronnfar na teidil ar gach Ard-Ghobharnóir as seo amach agus ar Astrálaigh “*of extraordinary and pre-eminent achievement*”, slat tomhais solúbtha.
crochta gach céad slat erected every hundred yards
" Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil comharthaí WAW crochta gach céad slat agus is beag an baol go rachfá amú ar an tslí seo.
slat tomhais measure, yardstick
" Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.