Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slogadh swallowing
" Rud éigin fútsa agus go mbeadh ort a rá liom fanacht cairdiúil le Elin!" Rinne mo Neain slogadh de chineál éigin agus tháinig dath bándearg ar a haghaidh.
slogtha siar swallowed
" Cinnte, ní aontódh bunadh an SDLP go bhfuil sé slogtha siar ag Sinn Féin, ainneoin gur léir go bhfuil fadhbanna móra ag páirtí Mark Durkan ó thaobh íomhá, eagair, ballraíochta agus go leor leor eile de i gcomparáid le páirtí Gerry Adams.
Shlog Jemma an focal a bhí ar bharr a teanga Jemma bit her tongue (didn't say what she was about to say)
" Shlog Jemma an focal a bhí ar bharr a teanga agus rinne sí iarracht cur in iúl di féin gurbh fhearr an troid ná an t-uaigneas.
agus a shlog and which swallowed
" Tá sé seo oiriúnach, fosta, de bharr go dtosaíonn scéal McAuley ar an Aigéan marfach Atlantach, a d'iompar oiread Éireannach agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe, agus a shlog go leor acu sular éirigh leo an áit a bhaint amach.
mar a shlogfadh an talamh í as if the ground swallowed it up
" Tar éis tamaill, d'imigh an *Neue Deutsche Welle* mar a shlogfadh an talamh í.
shlog siad an gáire they stopped laughing
" Thosaigh na páistí ag gáirí ach nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil, shlog siad an gáire.
á slogadh swallowing her
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
slog maith leacht níocháin a good dose of washing-up liquid
" Líon sí buicéad le huisce galach agus chuir sí slog maith leacht níocháin ann.
Shlog mé I swallowed
" Shlog mé chuile shórt dar scríobhadh faoin sean-nós: Bodley, Ó Riada, Ó Canainn, de Noraidh, agus cuid altanna an Mhadagánaigh (a bhí úr san am) agus chreid mé a raibh á rá acu.
an choisíocht chrua a chur isteach to do the hard slogging
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
a gcuid tuairimí a shlogadh to swallow their opinions
" B’fhéidir faoi dheireadh an chomórtais go mbeidh Sasana ina seaimpíní arís agus má bhíonn beidh ar “shaineolaithe” áirithe darb ainm Johnny, Eamon agus Liam a gcuid tuairimí a shlogadh.
áit ar slogadh iad where they were swallowed
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
ag guí go slogfadh an talamh iad praying that the ground would swallow them
" Bhí an cluiche thart mar chomórtas tar éis 10 nóiméad (críochnaithe roimh an deireadh ar nós an ghailf!) Bhí daoine ag croitheadh a gcinn ag an bpointe sin agus ag guí go slogfadh an talamh iad.
nach raibh snag lena slogadh who didn't have a lump in their throat
" Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, a Charlie, ach is beag duine de lucht do cháinte agus do lochtaithe agus do chiontaithe nach raibh snag lena slogadh nuair a bhí tú ag dul faoin fhód i gCill Fhiontáin.
slog alcóil a gulp of alcohol
" Cheap me go ndéanfadh slog alcóil maitheasdo mo chomhgleacaí".
Breis is míle tonna lasta a shlogfadh an peileacán seo, this pelican would swallow over a thousand tonnes of cargo
" Breis is míle tonna lasta a shlogfadh an peileacán seo, agus bheadh sé ar an eitleán ba mhó riamh, níos faide ná páirc peile agus níos leithne ná dhá 747.
slogtha swallowed up
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh. while the Republicans have to swallow the poison.
" Tá na Daonlathaigh ionaclaithe anois in aghaidh an chogaidh, chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh.
gur cheart blaiseadh gan slogadh that one should taste without swallowing
" Deirtear gur cheart blaiseadh gan slogadh – ach ní thagann scil mar sin ach le cleachtadh! Tá fíonta geala na Nua-Shéalainne an-mhaith go deo agus tá siad níos éadroime ná cinn gheala na Fraince.
a shlogadh siar láithreach to swallow back immediately
" Ní mhothainn an t-am ag dul thart go dtí go dtagadh a cúig a chlog agus ansin, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán le buidéal Rosé a shlogadh siar láithreach – bhínn traochta tar éis a bheith ag damhsa i rith an lae.
shlogadh swallow
" Bhí glór mór ard aige is labhair sé chomh tapa sin go ndéarfá go raibh sé direach tar éis pota iomlán caifé a shlogadh siar.
shlogadh to gulp
" Bhí glór mór ard aige is labhair sé chomh tapa sin go ndéarfá go raibh sé direach tar éis pota iomlán caifé a shlogadh siar.
shlog swallow
" Bhí glór mór ard aige is labhair sé chomh tapa sin go ndéarfá go raibh sé direach tar éis pota iomlán caifé a shlogadh siar.
slogadh swallowed up
" Tá na taiscí sin á slogadh ag an gcine daonna chomh gasta agus is féidir leo, agus mar sin caithfidh go mbeidh deireadh leo tráth éigin, bíodh sé luath nó mall.
slogfadh would swallow up
" Sa bhreis ar sin, moladh go gcuirfí deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus go slogfadh an Roinn Oideachais a gcuid feidhmeanna.
slogtha swallowed
" Ní raibh ach súmóg amháin slogtha agam as an gcupán caife nuair a thosaigh lucht an chlub dom' chiapadh le ceisteanna.
slogtar mé I’m swallowed up
" Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
shlogann swallows
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
slogadh was swallowed
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
má shlogaimid if we swallow
" Tharla go mbíonn eolas faoin iliomad ábhar fad do mhéire ó gach éinne againn, is orainn féin an locht má shlogaimid an t-aineolas in áit an eolais.
na súile slogtha ina cheann eyes sunk back in his head
" Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann.
slogtha ag swallowed up
" Faoin am seo, tá 200 baile slogtha ag an ngaineamh ina cheantar dúchais.
na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís the idiots who swallow their tale of fear
" A bhuíochas de thionscal na ngunnaí agus de na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís, braitheann gach Meiriceánach anois gur thargaid é sa teach agus ar scoil.
shlog an t-údar an bhréag mhór siar the author swallowed the big lie
" Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.
shlogadh gan chogaint to swallow without some consideration
" Níor cheart ach an oiread na costais atá luaite ag an Roinn Sláinte a shlogadh gan chogaint.
deich n-abairt Polannaise a shlogadh to swallow ten sentences of Polish
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
slogtha agus báite uilig swallowed up and completely swamped
" Tá Oireachtas na Gaeilge molta agus mise im’ thost as na Gradaim a reáchtáil is gan ligean do na comhlachtaí seo, na craoltóirí Gaeilge ar na stáisiúin Bhéarla a bheith slogtha agus báite uilig gan aitheantas ar bith ag lucht tráchtála Bhéarla na tíre.