Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slogtha siar swallowed
" Cinnte, ní aontódh bunadh an SDLP go bhfuil sé slogtha siar ag Sinn Féin, ainneoin gur léir go bhfuil fadhbanna móra ag páirtí Mark Durkan ó thaobh íomhá, eagair, ballraíochta agus go leor leor eile de i gcomparáid le páirtí Gerry Adams.
slogtha swallowed up
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
slogtha swallowed
" Ní raibh ach súmóg amháin slogtha agam as an gcupán caife nuair a thosaigh lucht an chlub dom' chiapadh le ceisteanna.
na súile slogtha ina cheann eyes sunk back in his head
" Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann.
slogtha ag swallowed up
" Faoin am seo, tá 200 baile slogtha ag an ngaineamh ina cheantar dúchais.
slogtha agus báite uilig swallowed up and completely swamped
" Tá Oireachtas na Gaeilge molta agus mise im’ thost as na Gradaim a reáchtáil is gan ligean do na comhlachtaí seo, na craoltóirí Gaeilge ar na stáisiúin Bhéarla a bheith slogtha agus báite uilig gan aitheantas ar bith ag lucht tráchtála Bhéarla na tíre.