Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
smacht control
" 'Tá sé scríofa sa chonradh nach bhfuil cead acu ár gcuid ceoil a athrú, go bhfuil smacht iomlán againne ó thaobh an cheoil de, *artistic control*.
smacht control
" smacht Blair ======= Phléigh mé an cheist le Steve Taylor, atá ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre le fiche bliain agus a bhí ina chathaoirleach ar an pháirtí i dtoghcheantar Hampstead and Highgate i Londain tráth.
smacht control
" Idir uimhreacha cártaí creidmheasa agus phleananna gnó, tá luach ard á chur ar eolas faoi láthair - agus tá comhlachtaí agus rialtais ag iarraidh smacht a choimeád ar a gcuid rún féin.
smacht control
" Gach uair a úsáideann duine an t-idirlíon bailítear eolas faoi, agus is beag smacht atá ag aon duine ar an rud a dhéantar leis na sonraí sin.
smacht control
" "Cad ina thaobh go dtabharfaimis smacht ar chodanna éagsúla d'ár ngeilleagar do chomhlachtaí mar seo? An trioblóid ná go bhfuil na príomhpháirtithe ar meisce leis an bhfealsúnacht chaipitleach agus dá bhrí sin ní fheiceann siad aon slí eile chun rudaí a dhéanamh ach géilleadh don chumhacht atá ag na comhlachtaí móra ilnáisiúnta.
smacht control
" Tá an 54 suíochán eile faoi smacht na bpáirtithe, áfach.
smacht control
" Cosúlacht eile atá ann, ar ndóigh, ná go ndearna na Sasanaigh iarracht Éire agus an Afganastáin a choinneáil faoi smacht na hImpireachta.
smacht control
" Cé go bhfuil rudaí go dona ó thaobh cogaíochta de sa tSúdáin anois, is i ndeisceart na tíre a bhíonn an troid ag dul ar aghaidh agus, de bharr go bhfuil an tSúdáin chomh mór sin (47 uair níos mó ná an tír seo) agus mar gheall ar an smacht atá ag an rialtas ar na meáin chumarsáide, leanann daoine ar aghaidh lena saol beag beann ar na himeachtaí ó dheas.
ó smacht out of control
" Cuireadh i leith lucht timpeallachta go raibh a ndearcadh féin faoin gcineál sin dó ag cur leis an gcontúirt a bhíonn ann nuair a imíonn na tinte ó smacht.
smacht control
" Táthar i gcónaí ag cur i leith na heite deise go bhfuil siad ciníoch de bharr gur mian leo go mbeadh polasaithe inimirce i bhfad níos déine i gceist a choinneodh smacht ar an líon daoine a bheadh ag teacht chun na tíre agus a chinnteodh go mbeadh saol ceart acu siúd a dtabharfaí cead dóibh lonnú go buan sa tír.
faoi smacht under control
" "Is breá liom iad, agus coinníonn siad an féar faoi smacht.
smacht control
" Tháinig sé chun solais de réir a chéile go raibh tionchar láidir ag Erika ar Omar, go raibh smacht iomlán aici air agus go ndearna sé mar a iarradh air.
as smacht out of control
" I gcás Eithne, a dúirt sí, bhí sí ag iarraidh a bheith ina máthair, ina múinteoir agus ina ceoltóir agus d'imigh a saol as smacht.
smacht control
" Tá an Trimbleach ar ndóigh ag smaoineamh anois ar an chéad olltoghchán Tionóil eile ar an chéad lá de Bhealtaine 2003, agus chan é amháin go bhfuil sé ag déanmah na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile ach tá an síorsceitheadh líomaintí ó "fhoinsí slándála" ag cur an-bhrú air; agus tá caint arís ann fá smachtbhannaí in éadan Shinn Féin, constaic eile ar an bhóthar iarainn a bhfuil traein na síochána air.
smacht acu ar a gcinniúint féin control of their own destiny
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
smacht control
" Tá riarthóir fostaithe acu a choinníonn smacht ar chúrsaí, chomh maith le clár na bhfógraí a choinneáil suas chun dáta maidir le taispeántais, deontais, srl.
smacht control
" Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues," a dúirt sé le *Beo!* Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air.
le tinte a chur faoi smacht to control fires
" Bhí beagán báistí ann ag tús mhí na Nollag a chuidigh le tinte a chur faoi smacht ach ní raibh dóthain ann le triomach a leigheas.
smacht iomlán total control
" " Is fearr leis an ghrúpa a bheith neamhspleách agus smacht iomlán a bheith acu ar an cheol.
smacht control
" Bush go mbeadh smacht ag comhlachtaí Mheiriceá ar sholáthar ola na hIaráice as seo amach.
faoi smacht na Críostaíochta under Christian control
" Le cúpla aois anuas, snoíodh crosa ar bharr roinnt acu, nó Calvaire ar a dtaobh, leis na leachta págánacha seo a chur faoi smacht na Críostaíochta.
faoi smacht na Rómhánach under the control of the Romans
" Bhí teanga Cheilteach ag na Gallaigh fosta, ach bhí siadsan faoi smacht na Rómhánach, a raibh Laidin acu, ar feadh 400 bliain.
faoi smacht under control
" I gcás a bhformhór, bhí sé faoi smacht acu agus ba é an toradh ba mheasa ná go ndéanfaidís dochar éigin dá srón.
as smacht out of control
" Má dhéanann cócaon dul chun cinn sna ceantair seo, dar leis an Uasal Geoghegan, is dócha go rachaidh sé as smacht ar bhealach nach bhfuil tar éis tárlú, go fóill ar aon nós, i measc lucht na meánaicme.
smacht control
" "Dheara saol eile ab ea é sin, smacht is rudaí mar sin.
faoi smacht an stáit in state control
" Bhí an turas níos lú na trí huaire bealach amháin agus bhí ticéad fillte saor go leor, mar bhí an córas faoi smacht an stáit ansin.
smacht control
" Ach ba mhaith leis an Aontas Eorpach go mbeadh smacht iomlán acu siúd ar chóras satailíte freisin, agus tá sé i gceist acu an tseirbhís GALILEO a chur ar fáil sa bhliain 2008.
smacht control
" Fuair an Indinéis smacht ar an tír i 1963, ansin cuireadh cuma na dlíthiúlachta ar an socrú sin i 1969.
smacht control
" Tá toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
imithe ó smacht out of control
" Thug sé le fios, mar shampla, go rabhthas tar éis ceadúnas a dhiúltú don teacht le chéile seo i Rockaway, agus gur dúradh roinnt rudaí gríosaitheacha leis na póilíní faoi chuid d'íospartaigh 9/11 agus, ar chloisteáil na nithe seo dóibh, gur shíl roinnt oifigeach go raibh an t-ól imithe ó smacht cheana féin.
smacht control
" Ach macasamhail go leor eilimintí eile den bheatha, is gá smacht a choinneáil ar bhia go pointe áirithe - is féidir le heaspa bia nó an iomarca de dochar a dhéanamh.
choiste smachta disciplinary committee
" Bhí Patterson, cara dílis de chuid Trimble, le bheith ar an choiste smachta a bheas ag éisteacht chás Jeffrey Donaldson, David Burnside agus Martin Smyth.
easpa smachta lack of discipline
" Céard é a n-údarás agus a bhfreagracht - céard é tionchar lucht bainistíochta ar easpa smachta na n-imreoirí? Mo thuairim féin ná gur gá freagracht áirithe a chur ar bhainisteoirí as iompar a gcuid imreoirí agus as a n-iompar féin (is minic iad ó smacht leis) ar an bpáirc agus lasmuigh di.
cinntí coistí smachta the decisions of disciplinary committees
" Pléitear cinntí coistí smachta go mion go rialta, ach is fíorannamh a dhéantar plé ar ról an bhainisteora agus lucht bainistíochta.
smacht control
" Tá an dream atá i gcoinne an dlí nua ag rá gur sampla eile é den chlaonadh atá ag an stát a bheith ag iarraidh smacht róláidir a fháil ar shaol an tsaoránaigh.
faoi smacht na hEaglaise Saor-Phreispeitéirí under the control of the Free Presbyterian Church
" Tá an páirtí is mó tacaíochta ó thuaidh, an DUP, faoi smacht na hEaglaise Saor-Phreispeitéirí, na Wee Frees nó Taliban Lite.
smacht control
" "Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!" Ról an cheoil ======= Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór? "Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil," arsa Neil.
faoi smacht under control
" Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire.
smacht control
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
ó smacht ar fad totally out of control
" Taobh istigh de choicís, ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus mise ar ais slán sábháilte sa Spáinn, chuaigh an scéal ó smacht ar fad.
faoina smacht under their control
" Sa bhliain 1380 chuaigh an Iorua isteach in aontas leis an Danmhairg agus leis an tSualainn, socrú a d'fhág an Danmhairg ina máistir agus Oileáin Fharó faoina smacht, smacht atá ag an tír go dtí an lá atá inniu ann.
smacht control
" Ní hé amháin go bhfuil smacht acu ar an maoiniú ach tá na hacmhainní agus an chumhacht acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhar linn go léir.
smacht control
" "*Housekeeping*" a thugtar air seo in amanna, an eagraíocht ag coinneáil smachta ar a mbaill féin agus daoine atá naimhdeach dóibh.
ag coinneáil smachta ar a mbaill féin keeping control of their own members
" "*Housekeeping*" a thugtar air seo in amanna, an eagraíocht ag coinneáil smachta ar a mbaill féin agus daoine atá naimhdeach dóibh.
ag dul fiáin gan smacht going wild withour control
" "Bíonn daoine ag dul fiáin gan smacht i ndiaidh oíche ar an ól, ach i ndiaidh oíche ar thobac bíonn siad socair go fóill.
faoi smacht under the control of
" Cuirtear i leith na heagraíochta gur eagraíocht choimeádach í, agus í faoi smacht ag "fir na gcoillte cúil", "díneasáir" agus "lucht an mhana chrua.
faoi smacht under control
" Anois, d'fhéadfadh sé nach mbeinn ábalta na brionglóidí a choinneáil faoi smacht an t-am ar fad ach ar a laghad bhí seans ann go mbeadh brionglóid ar dóigh agam corroíche.
smachta control
" Dúirt grúpaí éagsúla nach raibh siad i gcoinne leathnú an Aontais agus nach grúpaí "frith-Eorpacha" iad, ach go raibh siad buartha faoin leagan amach a bhíonn ag institiúidí an Aontais maidir le cúrsaí eacnamúla, sóisialta agus comhshaoil, agus faoin easpa smachta a bhíonn ag an bpobal ar pholasaithe na n-institiúidí sin.
as smacht out of control
" Dóbair gur thug capall péas a bhí as smacht cic dom," arsa John liom.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
faoi smacht under control
" An é an toradh a bheas air seo uilig go mbeidh ar cheannaire nua Fhianna Fáil suí síos le Sinn Féin le comhrialtas a shocrú i ndiaidh an chéad olltoghchán eile nó, iontas na n-iontas, an dtiocfaidh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile leis an namhaid úr seo a choinneáil faoi smacht? Tá rud amháin cinnte: tá croitheadh tugtha ag Sinn Féin do phota polaitiúil na hÉireann agus is chun tairbhe na tíre a rachaidh sé sin go cinnte.
an t-ólachán gan smacht uncontrolled drinking
" Sampla de sin ná an t-ólachán gan smacht atá feicthe aige tar éis cluichí, go háirithe i measc daoine óga.
smachta control
" Seo an rud atá ag tarlú i Meiriceá, áit a bhfuil An Eite Dheas Reiligúnda ag méadú an smachta atá aici ar rialtas na tíre.
smacht "carthanach" charitable 'control'
" Ó thaobh na bpoblachtánach de, nuair a bhíonn an lámh láidir in úsáid acu, is é a bhíonn ar siúl acu ná "housekeeping" - ag iarraidh smacht "carthanach" a choinneáil ar a bpobal.
as smacht out of control
" Tá sé an-deas an méid sin daoine a bheith ag clárú do na comórtais, ach (mo léan!) tá cúrsaí ag dul as smacht mar go bhfuil barraíocht iomaitheoirí againn.
smacht control
" Ní rud iontach deas é an cómhaíomh ach tá sé deacair ag náisiúnaithe smacht a choinneáil ar an gháire.
faoi smacht under control
" D'fhéach mé arís air chun a bheith cinnte: bhí bunús an fhoirgnimh an-aosta seo faoi smacht an chaife seo de chuid Starbucks, agus raidhse teampall seanda mórthimpeall air.
smacht control
" "Seo rud éigin nach bhfuil smacht ar bith againn air," a dúirt an Leas-Riarthóir Toghcháin Gisela Salas an tseachtain seo caite.
smacht control
" Níor chuir a bhua iontas ar mhórán ach is é an rud a chuir ná gur méadaíodh móramh an rialtais i dTeach na nIonadaithe agus go bhfuil seans maith go mbeidh smacht ag an rialtas ar an Seanad ó mhí Iúil seo chugainn, rud nach raibh ag aon rialtas ó 1980.
smacht rómhór too much control
"smacht rómhór, mar sin, ag Eircom go fóill.
smacht iomlán total control
" Cén míniú atá air mar scéal, má tá? An é go ndeachaigh fear óg éigin le báiní ar fad sa chluiche úd i gcoinne na Gaeltachta agus gur chaill sé smacht iomlán air féin? Agus, más ea, cén fáth ar tharla sé sin? Nó an é gur dúradh leis roimh ré, istigh sa seomra gléasta nó ar pháirc na traenála, gan aird a bheith aige ar stádas réaltach, idirchontae-ach mhuintir Uí Shé ach, ina ionad sin, a dhéanamh cinnte nach mbeadh tionchar rómhór acu ar thoradh an chluiche an Satharn dár gcionn? B'fhéidir go raibh an fear óg céanna sin i bPáirc an Chrócaigh coicís roimhe sin agus gach liú agus béic aige ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann Chiarraí.
iarchathaoirleach an choiste smachta the former chairperson of the disciplinary committee
" Tá gach coiste contae freagrach as imeachtaí ina chontae féin agus tá aithne ag gach duine ar (a) na réiteoirí (b) baill an choiste contae (c) uncail a d'imir leis an gcontae (d) iarchathaoirleach an choiste smachta, agus mar sin de.
smacht bitheolaíochta biological control
" Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí ag scrios an chána siúcra in Queensland.
smacht control
" Tuigim na laigí atá ionam go maith, ach níl mé ag ligean dóibh smacht a choimeád orm.
smacht control
" Ar dtús, ba bhuntáiste mór é don Bhreatain smacht a bheith acu ar chaolas na Meánmhara ach anois is beag tábhacht straitéiseach atá leis, ní hamháin don Bhreatain ach don Spáinn ach an oiread.
ó smacht out of control
" I measc na laigí, luadh go raibh easpa seirbhísí bunúsacha ar nós sláinte agus oideachais i gcuid mhaith den tír, go bhfuil cúrsaí airgeadais an rialtais imithe ó smacht, agus go bhfuil caimiléireacht le fáil go fairsing.
smacht control
" Níor leor McCreevy a chur chun na Bruiséile le go n-oibreodh an t-athphacáistiú seo - ba ghá smacht a ghlacadh ar na haireachtaí eile a bhí ag tiomáint idéil eacnmaíochta na heite deise.
faoina smacht under its control
" Bhí impireacht bheag ag an chathair, a raibh caladh agus loingeas aici, agus bhí an Chorsaic agus an tSairdín faoina smacht.
smacht control
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
smacht control
" Cloíonn siad le smacht an pháirtí.
smachta control
" Tá na cnaipí atá air níos simplí (tá dhá cheann i gceist chun “Mom” nó “Dad a mheardhiailiú), agus tugann sé níos mó smachta do na tuismitheoirí de bhrí go bhfuil rochtain cosanta ag pasfhocal i gceist chun na huimhreacha a chlárú ar féidir glaoch orthu nó glaonna a fháil uathu.
as smacht out of control
" An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo! I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré.
smacht control
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
faoi smacht under control
" Bean rúndaingean a bhí inti agus choinnigh sí faoi smacht muid.
faoi smacht na Rúiseach under Russian control
" Fuair an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain píosa san iarthar, agus faoi smacht na Rúiseach a bhí an t-oirthear.
smacht control
" ” Nuair a bunaíodh RTÉ, ní raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an scannánaíocht seo a thuilleadh, áfach, ach de bharr gníomh amháin a dhein Gael Linn, cinntíodh go bhfanfadh smacht ar chúrsaí teilifíse in Éirinn i lámha na nÉireannach.
smachta discipline
" ” *Dúirt an Breitheamh Morris gur toradh tubaisteach a bheas ar an chreimeadh leanúnach atá ag teacht ar chúrsaí smachta sna Gardaí.
ó smacht out of control
" * D'imigh eilimintí i seirbhísí rúnda na Breataine ó smacht sna 1970í mar gur shíl siad go rabhthas ag géilleadh don IRA.
faoi smacht na Rúiseach under Russian control
" Fuair an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain píosa san iarthar, agus faoi smacht na Rúiseach a bhí an t-oirthear.
smachta discipline
" ” *Dúirt an Breitheamh Morris gur toradh tubaisteach a bheas ar an chreimeadh leanúnach atá ag teacht ar chúrsaí smachta sna Gardaí.
smacht control
" De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
faoi smacht na Rúiseach under Russian control
" Fuair an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain píosa san iarthar, agus faoi smacht na Rúiseach a bhí an t-oirthear.
chun smacht a chur air to get it under control
" Ina dhiaidh sin caithfear é a chanadh go poiblí roinnt mhaith uaireanta chun smacht a chur air.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
smacht control
" Bhí géarghá lena leithéid ag an am mar nach raibh smacht ag pobal na hÉireann ar a gcuid talún féin.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
faoi smacht an tionscadail láir under the control of the central project
" Rianaíonn sé fosta an dóigh ar fhás agus ar leath an Chríostaíocht amach as seict áitiúil de thoradh na bhforbairtí ar theicneolaíocht na scríbhneoireachta a chuir ar chumas *élite *sagartúil téacsanna beannaithe a iompar agus a shíolteagasc ach iad a choinneáil faoi smacht an tionscadail láir i rith an ama.
ag imeacht ó smacht getting out of control
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
rialacha smachta disciplinary rules
" B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht! Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu.
ó smacht out of control
" B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht! Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu.
an choiste smachta the disciplinary committee
" Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad, rud a chuireann daoine le báiní go minic.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
faoi smacht an tionscadail láir under the control of the central project
" Rianaíonn sé fosta an dóigh ar fhás agus ar leath an Chríostaíocht amach as seict áitiúil de thoradh na bhforbairtí ar theicneolaíocht na scríbhneoireachta a chuir ar chumas *élite *sagartúil téacsanna beannaithe a iompar agus a shíolteagasc ach iad a choinneáil faoi smacht an tionscadail láir i rith an ama.
faoi smacht under control
" Tá na milliúin sicín, lacha agus gé maraithe ar fud na hÁise de bharr orduithe rialtais ach níl an galar fós faoi smacht.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
smacht control
" “I gcuid mhór áiteanna ar domhan, is í an eite chlé an t-aon institiúid a chuirfeadh smacht ar chogaíocht bunaithe ar reiligiún.
smacht control
" Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú.
smacht control
" B’fhéidir go mbeadh mí-ádh ar bhainisteoir imreoir a chailleadh tré ghortú nó tinneas agus gan imreoir chomh cumasach aige lena áit a thógáil, ach taobh amuigh de na gnéithe sin atá taobh amuigh de smacht an bhainisteora, is ar an mbainisteoir atá an fhreagracht.
faoi smacht under control
" Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas.
chíor thuathail faoi smacht controlled chaos
" Bhí tús á chur agam le lá eile de chíor thuathail faoi smacht.