Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag baint smeacha as a liopaí smacking their lips
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
thug sí cúpla smeach siar she did a few head-over-heels flips
" Ar an Chéadaoin, 23 Meán Fómhair, go díreach tar éis don taispeántas oscailt in iarsmalann an Hamburger Bahnhof, rinne an bhean 35 bliain d'aois ionsaí ar *"Office Baroque", *saothar de chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Gordon Matta-Clark; thosaigh sí ag béicíl go hard, thug sí cúpla smeach siar, thuirling sí ar an saothar, áit ar sheas sí ar a lámha, ansin chuir sí a dhá lámh tríd.
sna smeachanna deireanacha in her death throes
" "Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
sna smeachanna deireanacha. taking its last gasps.
" Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, ní hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha.
mar a bhainfeá smeach in the flick of an eye
" Thit an tóin as an airgeadas poiblí mar a bhainfeá smeach.
smeachanna snaps
" Nuair a bhuaileann Gael le Gael eile, níl amaidí ar bith leis, bíonn an nasc sin ann láithreach (baineann Rónán smeachanna ordóige mar threisiú anseo), tá sé sa bhád chéanna leat, go bhfuil muid iontach bródúil, ag iarraidh rud maith a dhéanamh ó thaobh na teangan.
mar a bhainfeá smeach like you'd click your fingers
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
mar a bhainfeá smeach bingo, hey presto
" Ní raibh i gceist aige ach go ndéanfaí an doiciméad a chur os comhair an Chomhchoiste Oireachtais, a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus, mar a bhainfeá smeach, bheadh sé réidh le cur os comhair an Rialtais roimh an Nollaig agus á cur i bhfeidhm ó thús na bliana.