Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sholáthraíonn which supply
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
soláthraí seirbhísí idirlín ISP
" Ansin chuaigh an teachtaireacht go dtí an Micí eile, a oibríonn don soláthraí seirbhísí idirlín.
Soláthraíonn muidne we supply
" "Soláthraíonn muidne teicneolaíocht do chomhlachtaí ar nós Digifone chun gur féidir leo cluichí agus a leithéid sin a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
soláthraí seirbhísí idirlín internet service providor
" Go luath ina dhiaidh sin, dhiúltaigh Freeserve, an soláthraí seirbhísí idirlín, glacadh le suíomh an *Portadown News* níos mó.
soláthraí cúraim sláinte health care provider
" Tar éis tarchur a fháil óna soláthraí cúraim sláinte, thóg oibrithe deonacha an ASP rampa adhmaid 79 órlach timpeall a tí chun cur lena hinghluaiseacht.
a sholáthraítear ar shlite eile which are supplied in other ways
" Ach in ionad na seirbhísí a sholáthar thar an nguthán soghluaiste faoi mar a bhí i gceist go dtí seo, tá an fhéidearthacht ann anois an fón a úsáid mar ghléas chun íoc as seirbhísí a sholáthraítear ar shlite eile - bíodh sé sin ar an idirlíon nó tríd an bpost.
a sholáthraíonn which provides
" Anois, beidh sé ag obair leath na bliana i rannóg na Nuachta agus Cúrsaí Reatha, agus an leath eile le Nations and Regions - faoi Pat Loughrey, Beal Feirsteach atá ina cheannaire ar an tionscadal seo a sholáthraíonn cláracha dúchasacha do réigiúin an BBC.
soláthraíonn siad they supply
" Tá conradh acu le TG4/RTÉ agus soláthraíonn siad trí phacáiste nuachta dóibh chuile lá sa tseachtain.
an slabhra soláthair the supply chain
" Is buntáiste mór é do mhiondíoltóirí uimhir thagartha faoi leith a bheith ag gach earra mar is féidir leo é a leanúint tríd an slabhra soláthair ón monarcha go dtí an teach.
a sholáthraíonn who provide
" Faigheann muid tacaíocht freisin ón gCumann Gaelach, a sholáthraíonn seomra ranga agus áiseanna múinteoireachta dúinn.
leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad with the standard of image which they provide
" Ar ndóigh, is fearr iarraidh orthu méid beag a phróiseáil ar dtús báire ionas gur féidir leat a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad.
soláthraímid sainseirbhís specialised service
" Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá? Déanaimid aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla agus soláthraímid sainseirbhís in aistriúchán an dlí sa dá theanga sin.
a sholáthraíonn an tseirbhís which provide the service
" Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil.
soláthraíonn siad lóistín they provide accommodation
" I nGleann, bíonn feirmeoirí ag obair mar cheannairí ar chúrsaí siúl sléibhe, agus go minic soláthraíonn siad lóistín fosta.
soláthraí provider
" Ní gá go mbeadh buiséid ollmhóra ag soláthraí ag an tús.
soláthraí provider
" Ní gá go mbeadh buiséid ollmhóra ag soláthraí ag an tús.
Soláthraíonn siad they provide
" Soláthraíonn siad pictiúir do na meáin chumarsáide chomh maith le dánlanna, fógróirí, agus iarsmalanna ar fud an domhain.
soláthraíonn sé áis it provides a resource
" Tugann sé tacaíocht d’eagraíochtaí eile trí bholscaireacht agus aitheantas a thabhairt dá gcuid feachtas agus imeachtaí agus soláthraíonn sé áis i gcomhair plé oscailte faoi chúrsaí a théann i bhfeidhm ar an bpobal.
an ciorcailín soláthair raithní the hash supply circle
" Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun.
chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, to act as providor of social finance.
" Bunaíodh an fhondúireacht seo chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, chun iasachtaí a thabhairt a thacóidh le tionscadail shóisialta agus forbartha agus le fiontraíocht shóisialta i bpobail áitiúla.
Soláthraíonn siad cláracha They supply programmes
" Soláthraíonn siad cláracha do TG4, RTÉ agus TV3.
sholáthair siad they provided
" Bhí saol crua ag an gcuid ba mhó acu, gan amhras, ach is mór an méid a sholáthair siad do luathfhorbairt na tíre seo.
soláthraíonn provides
" Tá an fheadóg mhór, an fhidil, an bosca ceoil an-traidisiúnta mar uirlisí, ach ar an láimh eile, soláthraíonn an mandola agus an bouzouki úire ó thaobh fuaime de.
Soláthraíonn provides
" Soláthraíonn an comhlacht seo banda leathan, rud atá de dhíth chun BEO a fháil amach as Gleann lena léamh i gceithre aird an domhain, ach an bhfuil aon ghá leis an tírdhreach a scriosadh chun é sin a dhéanamh? Nach féidir leo an tírdhreach a dheisiú arís tar éis togra den chineál seo? Tá Gleann Cholm Cille ina ‘Limistéir Chaomhantais Speisialta’ (LCS) faoi chúram an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (féach ar www.
sholáthraíonn provide
" Tá comhlachtaí taistil go leor abhus agus i Nua-Ghuine Phapua a sholáthraíonn turais ann.
sholáthraíonn provide
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
sholáthair provided
" ’ Agus deir Máirín Nic Eoin: ‘Cé nach raibh sna cainteoirí Gaeilge ach an cheathrú cuid den líon daoine a sholáthair eolas faoin nGorta do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna tríochaidí agus sna daichidí, is díol spéise gur i nGaeilge atá daichead faoin gcéad den ábhar a bailíodh an uair sin agus mar a deir Cormac Ó Gráda: ' Má thugtar sracfhéachaint ar na freagraí, is léir go raibh caighdeán eolais an ábhair i nGaeilge i bhfad nios saibhre ná mar a bhí sa Bhéarla'.
soláthrófaí would be provided
" Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
soláthair provision
" Tá sé i gceist acu iniúchadh teangan a dhéanamh ins an chéad bhliain de ghníomhú an phlean ar na ceantair agus na seirbhísí a chaithfear breis soláthair a dhéanamh orthu.
Soláthraíonn provides
" Soláthraíonn an Ghaeilge méan ídéalach a fhréamhaíonn acmhainní sa dúchas.
soláthraítear are provided
" Vótaí ó Cheann Ceann na Cruinne =============== Anuas air sin, soláthraítear vótaí neamhláithreacha do dhaoine ar lá vótaíochta ag bothanna speisialta i ngach toghcheantar agus bíonn vótaí poist ar fáil freisin, pé áit a bhfuil tú ar fud na cruinne.
soláthraíodh were provided
" Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.
Soláthraíonn provides
" Soláthraíonn an bhaineannach idir 200 agus 300 ubh.
lucht soláthair seirbhíse service providers
" Deis ag na scoileanna sciála, ag lucht óstlainne agus bialainne agus ag lucht soláthair seirbhíse eile iad féin a chur in aithne dúinn.
Bord Soláthair an Leictreachais ESB
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
Soláthraíonn provide
" Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir.
sholáthair provided
" Ghabh sé buíochas le Comhairle na Cathrach, a sholáthair suíomh don leacht.
sholáthair provided
" Níor tháinig aon athrú ar an scéal go dtí 1964, nuair a sholáthair an rialtas náisiúnta deontais do mheánscoileanna na tíre go léir le saotharlanna a thógáil.
sholáthraítear provided
" Ní thugtar foinsí do na tuairimí a luaitear agus ní thugtar mórán sonraí sa tuarascáil faoi sheirbhísí Ghaeilge RTÉ: líon na n-uaireanta craolta, costas na gclár Ghaeilge a sholáthraítear ná líon an lucht féachana.
ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr for the things which shall provide a better future
" Tá súil agam féin go bhfeicfidh muid léirsithe eile de chuid na ndílseoirí ach iad ag iarraidh oideachais níos fearr, in éadan na ngiorruithe a mbeidh drochthionchair acu ar shaol na bProtastúnach is boichte, iad ag troid ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr dá gcuid bpáistí.
a sholáthraíonn léargais which gives insights
" Cad é an tairbhe duitse PoetryBeo?Áis fhoghlama dhátheangach is ea PoetryBeo a sholáthraíonn léargais agus nótaí ar an 10 ndán atá ar chúrsa Gaeilge Ghnáthleibhéal agus Ardleibhéal na hArdteiste, chomh maith le haisteoirí á léamh agus cluiche a ghabhann leo.
Tá stiúradh na slabhraí soláthair the directing of provision chains
" Tá stiúradh na slabhraí soláthair ag croílár na n-iarrachtaí seo.
sholáthraíonn míreanna gearra eolais provides short snippets of information
" ** Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae.
a sholáthraíonn ábhar saor in aisce which provide material free of charge
" Ardáin nua chumarsáide a sholáthraíonn ábhar saor in aisce agus an tobar fógraíochta a bheith tráite is ea an dá chúis is mó a luaitear leis an mheath seo.
cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais ESB trade union
" Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais.
a sholáthair an fhuascailt which delivered emancipation
" B’iad focail Merrick seachas seift na bpóilíní a sholáthair an fhuascailt.
an tsaoirse a sholáthraíonn na meáin shóisialta the social media freedom(s)
" Tharraing gach dúshlán aird na meán ar scéal Corby arís agus baineadh feidhm as an tsaoirse a sholáthraíonn na meáin shóisialta le líomhaintí sa bhreis a chur i leith daoine eile.