Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
staid stadium
" Níl staid mhór mhillteach acu: 13,500 atá staid Lerkendal in ann a thógáil, i gcomparáid le 10,000 ag Shelbourne.
staid náisiúnta spóirt national sports stadium
" Ar an gcéad dul síos, le tamall maith anuas tá plean ag an rialtas staid náisiúnta spóirt a thógáil i mBaile na nAb, i mBaile Átha Cliath thiar.
stáideanna stadiums
" Fad agus a bhí an Cumann Lúthchleas Gael i mbun atógála agus athnuachana, bhí an FAI agus an Rialtas ag cur ama agus airgid amú ar phleananna agus ar chur agus cúiteamh maidir le stáideanna agus áiseanna nua i gcomhair sacair (agus rugbaí).
staid stadium
" De réir an tseanchais, ós rud é gur tógadh an staid díreach os comhair reilige, b'in an chéad rud a a d'fheicfeadh an dream slánaithe nuair a d'osclódh a gcónra! Daingníodh an nasc Éireannach nuair a leag an chéad phátrún, an tírghráthóir agus bunaitheoir Chonradh na Talún, Micheal Davitt, fód as Éirinn ar an gciorcal i lár na páirce.
staid stadium
" Nuair a fheiceann duine cluiche mór peile nó iománaíochta ó Pháirc an Chrócaigh ar an teilifís, mar aon leis na dathanna agus an t-atmaisfear speisialta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith, tuigeann sé/sí go bhfuil an staid nua seo inchurtha le haon staid sacair nó Oilimpeach ar fud an domhain agus gur faiseanta agus gur taitneamhach an rud é bheith páirteach san atmaisféar agus sa "chraic" a ghabhann leis na cluichí Gaelacha.
staideanna stadiums
" Dá dtiocfadh an bille seo i bhfeidhm (agus is beag seans go dtarlóidh sé sin go luath), bheadh impleachtaí aige do hallaí, tithe tábhairne, amharclanna agus staideanna.
staid ollmhór nua a massive new stadium
" Ar an 27 Eanáir 2004, sé bliana ar aghaidh ón gcéad lá a d'fhógair an rialtas go raibh fúthu staid ollmhór nua a thógáil i mBaile Átha Cliath, tá an Bertie Bowl curtha ar leataobh agus tá cinneadh tógtha Bóthar Landsdún a atógáil ina ionad.
staid sacair soccer stadium
" D'inis Sheila Coleman, ball den HJC anseo i Learpholl, dom go mbíonn imeachtaí mar seo ar siúl go rialta in Éirinn le cuidiú a thabhairt don fheachtas, a bunaíodh tar éis na tubaiste ag cluiche leathcheannais Chorn an FA i 1989 idir Learpholl agus Nottingham Forest i Hillsborough, staid sacair Sheffield Wednesday.
staid náisiúnta national stadium
" (Sampla maith an cur chuige seo do Rialtas na hÉireann atá ag cur is ag cúiteamh faoi staid náisiúnta le blianta agus gan tada déanta faoi.
staid stadium
" Agus scríofa go soiléir ar an fhógra ar dheis bhí na focail *Babhla Bhertie*, agus taobh thiar den fhógra sin chonacthas dóibh staid a bhí ní ba mhó agus níb fhairsinge agus ní ba scópúla ná Páirc an Chrócaigh féin, agus é lán go poll an phaidrín le daoine.
staideanna móra big stadiums
" Ba iad na *Major Leagues* an leibhéal ab airde, agus ba bhrabúsaí, agus níorbh fhada go raibh foireann *Major League* i ngach cathair mhór i Meiriceá, agus bhí staideanna móra ag freastal ar phobail na gcathracha seo.
chuile mhionshonra sa staid, every small detail in the stadium,
" Má dhéantar bainistiú ar chuile mhionshonra sa staid, is amhlaidh is iontaí an seó teilifíse.
go raibh an staid lán that the stadium was full
" Ní hiontas ar bith é dá bhrí sin go raibh an staid lán do na cluichí rugbaí sin.
don staid san Aithin, for the stadium in Athens,
" Bhí díomá ar dhaoine anseo roimh an chluiche fosta nuair a chuala siad nach bhfuair Liverpool ach 17,000 ticéad don staid san Aithin, cé go bhfuil spás ann do 63,000 duine.
mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid. because of the 90,000 extra people who fill the stadium.
" In Nebraska, mar shampla, déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.
Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. This is the biggest university stadium in America
" Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá.
thuas ar ardán staid na hollscoile up on the platform of the university stadium
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
plódaíonn na leantóirí isteach sna staideanna the supports pack into the stadia
" Gach samhradh, áfach, bíonn an-chuid cluichí idirnáisiúnta cruicéid ar siúl agus plódaíonn na leantóirí isteach sna staideanna le féachaint orthu.
staid bheag chompordach small comfortable stadium
" Is staid bheag chompordach é an “Gabba” ar féidir le suas go 42,000 duine a bheith i láthair ann.
staidiam stadium
" Ar an 27 Lúnasa, labhair an t-iaruachtarán Bill Clinton agus John Kerry, agus ar an 28 Lúnasa, ar ndóigh, labhair an t-iarrthóir é féin, Barack Obama, os comhair lucht éisteachta de 87,000 duine in Mile High Stadium, staidiam na foirne peile The Denver Broncos.
staid stadiums
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
bPáirc Semple Semple Stadium
" Is mar a chéile domsa lá an chomhairimh agus Cluiche Ceannais na Mumhan le Tiobraid Árann ag imirt i bPáirc Semple.
staid stadium
" Tógadh an tsiopalann millteanach seo ar staid chluiche corr na Minnesota Twins, agus sa suíochán sin a thit liathróid Harmon Killibrew, imreoir cáiliúil do na Twins, nuair a bhuail sé an Home Run ab fhaide a bhuail sé ariamh.
stáideanna stadiums
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
staid stairiúil historic stadium
" Ag an staid stairiúil Deepdale, baile Preston North End, a bhí sé.
an staid stairiúil the historic stadium
" Bhí siad ar an fhoireann sacair chéanna i Runcorn, Cheshire, agus bhí suim acu an staid stairiúil Deepdale a fheiceáil chomh maith leis an iarsmalann féin.
Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair soccer stadium food has a bad name
" Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair - pióga agus a leithéid a bhíonn ar fáil de ghnáth, agus cé go bhfuil an biachlár san iarsmalann bunaithe ar rudaí simplí mar sin, bhí gach rud de dhéantús baile agus an-bhlasta ar fad.