Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luamhán stiúrtha joystick
" Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
eagarthóir stiúrtha directing editor
" Is eisean eagarthóir stiúrtha an nuachtáin *Al-Ahram*, a fhoilsítear i gCairo.
córas stiúrtha aerthráchta air traffic control systems
" Dúirt sé nach raibh ach rud amháin idir lámha ag an ionad i nDoire: táirgeadh córas stiúrtha aerthráchta.
an choiste stiúrtha the steering committee
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
luamháin stiúrtha joystick
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
roth stiúrtha driving wheel
" Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha.
stiúrtha directed
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
den Ghrúpa Stiúrtha of the Steering Group
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
feithicil roth stiúrtha ar chlé left-hand drive vehicle
" Fadhb eile a thug sé faoi deara le déanaí ná go mbíonn roinnt tiománaithe ó Mhór-Roinn na hEorpa – iad siúd a bhfuil feithicil roth stiúrtha ar chlé acu – ag déanamh “*side swipes”* ar fheithiclí sa Bhreatain go minic.
grúpa stiúrtha steering group
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
bhord stiúrtha steering bord
" Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
lucht a stiúrtha it's directors
" Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha.
bord conspóideach stiúrtha controversial board of directors
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
gCoiste Stiúrtha steering committee
bhord stiúrtha board of directors
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
stiúrtha go mion finely choreographed
" Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta.
faoin aon eagras stiúrtha amháin under one umbrella organization
" **SMM: An dóigh leat go ndéanfar iarracht an dá sheirbhís Gaeilge/Gaeltachta, an teilifís agus Raidió na Gaeilge a chur faoin aon eagras stiúrtha amháin amach anseo?** ENíCh: Níl a fhios agam a Sheosaimh.
atá ag lucht a stiúrtha has its directors
" Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha? Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4.
Céad aiste stiúrtha the first directing work
" Céad aiste stiúrtha Tommy Lee Jones.
lucht stiúrtha spóirt sport management
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
fear stiúrtha director
" ” ‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
stiúrtha go dona badly directed
" I ngeall air sin, is minic na monarchana seo stiúrtha go dona.
cé nach bhfuil an roth stiúrtha although the steering wheel isn’t
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
roth stiúrtha steering wheel
" Mar gheall ar an dá chineál crochta seo, gluaiseann an 159 níos míne ná an 156 agus tá roth stiúrtha i bhfad níos cruinne inti.
Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach the steering wheel is really capable
" Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar.
roth stiúrtha déanta as leathair a leather steering wheel
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
an roth stiúrtha the steering wheel
" Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú! Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
foirfeacht stiúrtha perfect directing
"foirfeacht stiúrtha le fada an lá go dtí é.