Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stiall phéint dhearg a stip of red paint
" Cuireann an chomhairle contae stiall phéint dhearg ar chuid de lána bus agus sin lána rothair?! Tchím i mo cheann na cruinnithe ann a bpléitear a leithéid – “Cá gcuirfidh muid an dream is leochaillí ar na bóithre?” “Caidé fá brúite isteach i mbóithríní atá fá choinne beathaigh d’fheithicil a chuirfeas suas ar an chosán iad?” Cúis gháire amach atá sna lánaí rothaíochta; tagann siad chun deiridh go tobann gan chúis ar bith; bíonn carranna páirceáilte orthu cuid mhaith den am; bíonn siad i dtólamh mar chuid de lána na mbusanna; agus tá sin níos contúirtí ná a bheith amuigh i lár bealaigh.
sé stiall six strip(s)
" Bhí sé stiall “Marley” (cineál líonóla speisialta don damhsa) curtha síos ar an ardán; soilsiú éifachtach – ach simplí agus saor; agus sin é.
stiallacha strips
" Tá saol suarach á chaitheamh ag an bpobal Endorois ó shin i leith, ar stiallacha de thalamh breacthur ar chladach an locha.
Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile everyone is generous with other people's property
" Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr.
stiall chaol narrow strip
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
ag lorg stiall fhiall feola looking their bite of flesh
" Seans gur mór an teist ar éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga é gurb é a thairg Roinn na Gaeltachta mar íobairt nuair a tháinig mactírí an Aire Howlin ag lorg stiall fhiall feola.
stialladh was torn up
" Amhábhar Luachmhar ======== Is ansin a rith an smaoineamh leis go dtógfadh sé áit agus go mbainfeadh sé feidhm as ábhar tógála an-neamhchoitianta – brící déanta de nótaí euro bainc a díchoimisiúnaíodh agus a stialladh.
a luach stiallta as torn the value out of
" Tá ballaí an árasáin déanta le brící den amhábhar an-luachmhar seo (a bhfuil a luach stiallta as) agus tá gach bríce thart fá 15 x 6 cm agus tá idir 40- 50 nóta euro i ngach ceann acu.
leis an ionsaí ar Stiall Gáza by the attack on the Gaza Sliver / Strip
" Féachadh teicneolaíocht chogaidh na hIaráin roinnt leis na heitiltí ‘spiadóireachta’ agus leis an ionsaí ar Stiall Gáza.
níos cúramaí faoi stiall de do chraiceann more careful about slating you
" (Beidh siad níos cúramaí faoi stiall de do chraiceann an chéad iarraidh eile.
go bhfaigheann tú stiall sa phus that you get a slap in the face
" N’a’ haon chor a thógann tú braitheann tú go bhfaigheann tú stiall sa phus.
stiallacha éadaigh strips of clothing
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.