Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
staidéar neamhbheo still-life studies
" Creideann sí gur áit é an stiúideo le maireachtáil ann chomh maith le háit le saothar a chruthú ann agus is iad na gnáthrudaí a bhíonn le fáil i stiúideo atá le feiceáil ina cuid staidéar neamhbheo.
ar fad still
" Bhí an nós ann ar fad a dhul ag tórraimheacha na gcomharsan sa dá pharóiste agus lean mac athar sa deasghnáth sin.
i gcónaí still
" ** Tá tú sáinnithe sa trácht i gcónaí, ach anois tá tú ag iarraidh an carr a chasadh agus malairt treo a thabhairt ort féin.
fiú fós even still
" Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom? An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
gan aitheantas fós still without recognition
" Tugaimid airgead do chúig scoil atá gan aitheantas fós ó thuaidh.
atá fós ar bhéalaibh daoine which are still being spoken of
" Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar "Bhád na nGort nDubh", ar an "Santa Maria de La Rosa", ar "Dhóiteán Bhailícín" agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste atá fós ar bhéalaibh daoine.
gan aitheantas fós still without recognition
" Tugaimid airgead do chúig scoil atá gan aitheantas fós ó thuaidh.
ag cur as dó go fóill having an effect on him still
" Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.
stáidéir neamhbheo still-life studies
" I measc na saothar bhí radharcanna éagsúla den Earagail, an timpeallacht áitiúil agus a háilleacht fhiáin, chomh maith le roinnt portráidí agus stáidéir neamhbheo.
níos bunúsaí fós more basic still
" Tá an dara ceist atá ag cur as do mhuintir an bhaile níos bunúsaí fós.
níos sine fós older still
" Ar an mhagh taobh thiar de Chnoc na Riabh, tá grúpa mór tuamaí meigiliteacha atá níos sine fós ná an carn féin.
ag gearán leis still complaining
" Bhí Seán ag gearán leis fán phéint, fán dath, fá na ballaí, fán tsaol.
ina stacán stock-still
" Shín sí bréid na haghaidhe chuig Cormac ach sheasaigh sé ansin ina stacán agus a lámh sínte leis.
ag tarlú go fóill still happening
" Tá na nithe seo ag tarlú go fóill i Meiriceá, agus tá Nua-Eabhrac ar cheann de na háiteacha is mó a bhfuil a leithéid ag gabháil ar aghaidh ann.
á gcasadh i gcónaí being sung still
" AÓF: An gceapann tú dá mbeadh Raiftearaí beo anois go mbeadh sé sásta le hamhránaíocht an lae inniu? ÉÓD: Is cinnte go mbeadh sé breá sásta go bhfuil a chuid amhráin á gcasadh i gcónaí.
staidéir neamhbheo still-life studies
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
Níos tromchúisí fós more seriously still
" Níos tromchúisí fós, bhí sí ina ball de pháirtí Poblachtánach na Stát Aontaithe agus throid sí go láidir le deireadh a chur leis an sclábhaíocht i Meiriceá.
gníomhach ar fad still active
" I gcuid de na cásanna seo, níl mórán fianaise ann gurb é an tIRA a bhí ciontach, ach níl amhras ar bith ann ach go bhfuil siad gníomhach ar fad.
á tairiscint go fóill still being offered
" Tá duais de $5 milliún á tairiscint go fóill don té a chuirfidh eolas ar fáil faoin ghadaíocht seo.
socair still
" thuirling an héileacaptarthe helicopter landed liáinblades of propeller crochtahanging níor rith sé leoit didn't occur to them bunoscionnwrong ródhéanachtoo late dírithe orthupointed at them inneallengine urchairbullets gan trácht ar an sléachtnot to mention the slaughter sa chlósin the yard ar a ghogaideon his hunkers lean a chomhghleacaithehe followed his colleagues socairstill reoitefrozen sceimhlitheterrified nach bhféadfaidís deoir a shileadhthat they couldn't shed a tear ar balllater á mbailiúbeing gathered sceimhlitheoiríterrorists idirbheartaíochtnegotiations á leagan go talamhknocking him to the ground ag screadaílscreaming sciath chosantaprotective shield sceonterror uafáshorror Téanam ort!Come along! róbónnarobots creathántremble sólássolace Ó bhaithis go bonn.
i dtólamh still
" Ach tá scáil an ghunnadóra ceangailte leo i dtólamh.
ní ba dhéine fós harder still
" Bhíothas ní ba dhéine fós ar an chlár ar an suíomh gréasáin Tviscrying.
ba threise fós stronger still
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
gléasta go fóill still dressed
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill it inspires the imagination still
" *An Duomo* Bhí cruinneog Brunelleschi, a sheasann ar bharr an Duomo, ina ábhar iontais nuair a tógadh é agus spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill.
ba threise fós stronger still
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
fós ag fulaingt still suffering
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
a mháirseálann go fóill who still march
" “Tar ar ais an bhliain seo chugainn!” Scríobh mé cúpla mí ó shin faoi bhriogáid na nÉireannach, The Fighting 69th as Nua-Eabhrac, a mháirseálann go fóill i dtosach mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
fanta sa chraobhchomórtas still in the championship
" Go n-éirí go geal leo siúd go léir atá fanta sa chraobhchomórtas.
ag brath fós go huile is go hiomlán still depending entirely
" Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.
fós ag oibriú still working
" Cuireadh iontas orthu nuair a bhí breis is 300 acu ann, ina measc cuid de na cinn a bhí páirteach i 1956 agus iad fós ag oibriú.
bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann the Irish economy was still booming
" Post nua Nuair a d’fhág Natasha a post le Fianna Fáil, bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann go fóill ach bhraith sí go raibh go leor daoine míshásta lena saol oibre.
níos dílse fós more loyal still
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
níos iontaí fós de bharr a muintire. even more wonderful still because of its people.
" Is tír iontach í agus tá sí níos iontaí fós de bharr a muintire.
Ach maireann an cur i gcéill. But the pretence is still there.
fós ag feidhmiú still functioning
" Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, díoladh an stiúideo i mí Iúil 2006 le triúr fear gnó áitiúil – Steve Macfarlane, Gary Millar agus Tom Lang – a raibh baint acu leis an áit agus, buíochas le Dia, tá sé fós ag feidhmiú mar láthair cheoil.
níos tarraingtí fós more attractive still
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
Níl aon mhaithiúnas inti go fóill. She is still unforgiving.
" Níl aon mhaithiúnas inti go fóill.
go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós that things could be better still
" B’fhéidir nár tuigeadh ag an am go raibh ré órga ag tarlú nó b’fhéidir gur ceapadh go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós – go mbeadh níos mo cluichí iontacha agus contaetha nua ag teacht chun cinn.
Baineann sé geit as daoine go fóill it still gives people a start
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
fós ina bhró mhuilinn anuas uirthi, still a millstone around her neck,
" Ar an dara dul síos, tá a fear chéile, Bill clúiteach, fós ina bhró mhuilinn anuas uirthi, agus ní fios cén tionchar a bheas aige ar dhearcadh na vótóirí.
a shéanann go fóill who still denies
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
ag brath fós still depending
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
go fóill, still,
" Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo.
atá fós ar a shon. who are still in favour of him.
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
ag maíomh go fóill still claiming
" Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.
braitheann tú go bhfuil tú fós óg, you feel that you're still young,
" Fiafraíonn na tuismitheoirí agus gach duine eile díot cén fáth nach bhfuil tú pósta ach anseo in Éirinn braitheann tú go bhfuil tú fós óg, nach bhfuil aon deifir.
frámaí socra stills
" Cuirtear frámaí socra i gcló sa nuachtán agus bíonn an físeán le feiceáil ar an suíomh idirlín.
fós ina steillbheatha, still large as life,
" Ní minic a thagann an cineama ardealaíne agus an cultúr coiteann le chéile in aon bhladhm inspioráide amháin! Tá Donie Wallace fós ina steillbheatha, buíochas le Dia.
agus mé fós i mo dhéagóir tútach, when I was still an awkward teenager,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
fós. still.
" De réir an tseanchais, nuair a scar na tuismitheoirí óna chéile, bhí Ruaumoko, duine de na mic, ina leanbh fós.
go fóill still
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill who show that there is such a thing still
" Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh.
Níos measa fós, worse still
" Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
pianbhreith fós le gearradh sentence still to be imposed
" Gearradh ceithre bliana agus ocht mí príosúnachta ar Shaun Greenhalgh, gearradh bliain phríosúnachta ar an mháthair, ach cuireadh an phianbhreith ar fionraí, agus tá breithiúnas fós le déanamh agus pianbhreith fós le gearradh ar George.
go mbíodh daoine áirithe ag baint úsáide fós that some people were still using
" Is cuimhin liom go mbíodh daoine áirithe ag baint úsáide fós as an ráiteas ciníoch “*Two Wongs don’t make a white*”.
fós deacair still difficult
" Léiríonn an phraiseach a rinne úinéirí Facebook den tseirbhís nua seo d'fhógróirí go bhfuil sé fós deacair teacht ar shlite chun airgead a shaothrú as seirbhísí áirithe atá ar fáil ar líne.
fós still
" Mhínigh sé dom go mbíonn caochspota ag cúl chabhán leoraí, agus cé go mbíonn na taobhscatháin ina gcuidiú, bíonn an caochspota fós ina fhadhb.
go fóill in aigne an Bhéarlóra still in the minds of the English-speaker
" Is dócha go maireann íomhá den bhean Ghaelach go fóill in aigne an Bhéarlóra – seanbhean mhantach ag ól a píopa.
tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, he can still draw attention to his work
" Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
an bhfuil speach fós inti. if there is still a kick in them
" Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola, nó an bhfuil speach fós inti.
fós le sonrú still to be detected
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
go raibh na coireanna seo fós ar siúl that the crimes were still going on
" Deirtear go raibh na coireanna seo fós ar siúl le linn na mblianta a chaith mise sa scoil sin.
go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill that they are still discriminated against
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
fós ar siúl still underway
" Tá aitheantas tugtha, sa deireadh thiar thall, ag Rialtas na hÉireann don obair ar fad atá curtha i gcrích – agus don obair atá fós ar siúl – acu siúd a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh.
ní bá chonspóidí fós more controversial still
" **Naitsithe**Bhí a chaidreamh leis an CIA tromchúiseach go leor, ach tá sé curtha i leith an Dalaí Láma go raibh caidreamh ní bá chonspóidí fós aige roimhe seo – le beirt Naitsithe.
ról níos tábhachtaí fós a more important role still
" Ach, seans maith go bhfuil ról níos tábhachtaí fós ag an gcuntasóir! Is í an cheist atá agam faoi seo uile ná an bhfuiltear ag dul thar fóir i gcúrsaí spóirt agus an bhfuiltear ag cur brú ar imreoirí atá thar cionn cheana féin a bheith níos fearr agus níos tapúla? Is cuid den saol iad athruithe, agus ní féidir stop a chur leo.
na dúshláin atá fós le sárú the challenges which must still be overcome
" Cé go bhfuil dul chun cinn bainte amach ó thaobh na reachtaíochta de agus ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na n-aerach, is gá aghaidh a thabhairt chomh maith ar na dúshláin atá fós le sárú le comhionannas iomlán a bhaint amach dóibh.
fós thall still over there
" Cé go raibh mo cholainn ar ais san Eoraip, bhí mo chroí fós thall faoi spéir ghorm na hAfraice.
fós le sonrú still to be detected
" Ach d'ainneoin sin, is léir ó na hionsaithe thuasluaite go bhfuil a ndearcadh agus a gcuid tuairimí fós le sonrú go láidir i measc daoine áirithe i Learpholl.
é a choimeád ina shuí go socair to keep him sitting still
" Ach tá King chomh lán fuinnimh gur dheacair, déarfainn, é a choimeád ina shuí go socair ar feadh i bhfad!*Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.
fós in airde, still standing
" Ní dhearnadh a lán damáiste do Craców, áfach, agus toisc go bhfuil seanfhoirgnimh agus seanbhallaí na cathrach fós in airde, fágann sé sin go bhfuil atmaisféar stairiúil, spéisiúil san áit.
bhíos ní ba shásta fós I was happier still
" Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir.
fós in uachtar still more prevalent (in this context)
" Faoi 1750, bhí an Béarla ag teacht chun cinn sna bailte móra, ach bhí an Mhanainnis fós in uachtar in áiteanna eile.
fós ina dhéagóir still a teenager
" Mura bhfuil stíl mhaireachtála na meánaicme saibhre inbhuanaithe, is cinnte nach bhfuil stíl mhaireachtála leithéidí Maurice Strong amhlaidh! Ach cá bhfuair Strong a chuid airgid leis na tithe uile agus an rainse ollmhór a cheannach? **Tionscal fuinnimh**Rugadh Strong i gCeanada sa bhliain 1929 agus thosaigh sé ag obair sa tionscal fuinnimh agus é fós ina dhéagóir.
go raibh airgead le híoc go fóill acu linn. that they still owed us money
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
a bheadh ní ba thubaistí fós, which would be more disastrous still
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
rinneadar cónaí they stood still
" B'iad seo fathaigh thionscal na gcarr tráth, ach rinneadar cónaí le fiche bliana anuas a fhad is a bhí na comhlachtaí eile as an Eoraip agus as an Áis ag breith orthu.
tá an scéal amhlaidh it's still the same
" Dochar na heitilte Fiú amháin agus an geilleagar ag cúlú go géar, tá an scéal amhlaidh.
is lúide (shall be) less still
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
is measa fós worse still
" Más olc é an scéal i leith céimithe nua i mbliana, is measa fós a bheidh sé an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain, fiú amháin.
fós beo still on the go
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
Fós féin still however
" B'éigean do na comhlachtaí móra cairr, mar shampla, dul ar a nglúine go Washington mí Feabhra chun iasachtaí a lorg ón rialtas nua, agus Fós féin, táthar ag tuar go mbeidh ar an ollchomhlacht General Motors (a dhéanann Opel, Saab, agus Vauxhall, mar shampla, san Eoraip) bancbhristeacht a fhógairt.
Braithim fós I still feel
" Braithim fós tionchar na cainte sin orm.
is deise dó a léine his shirt is closer still
" ‘Mar is deas do dhuine a chóta, is deise dó a léine’ a deir an seanfhocal, agus is deise agus is glaise domsa mo léine ná cóta ar bith, má thigeann tú leat mé, a Bhaloir.
más ann dó fós if it's still around
" Bhéarfadh sé seo an deis don Aire Ó Cuív, más ann dó fós mar Aire, na hathruithe a bhí á lua aige do bhonneagar an Údaráis a chur i gcrích.
i do bheatha while still alive
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
Is measa fós worse still
" Is measa fós an éagóir seo atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo i bhfianaise an méid airgid a thuilleann idir Shell is an Stát Nigéireach as an ola.
fós ag comhaireamh still counting
" Cúig réalt agus fós ag comhaireamh! An réamhléiriú: http://www.
fírinne sa léamh sin fós that's still true
"fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug sé mé i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad.
baineann tromchúis fós leis it still has implications
" Ach ar chóir a bheith buartha faoi na milliúin tonna de phlaisteach a bheith ar snámh i bhfarraigí iargúlta? Fiú mura gceapann tú nach smaoineamh díobhálach é dramhaíl an domhain a chartadh i bhfarraige, baineann tromchúis fós leis an scéal a thabharfas ábhar tábhachtach machnaimh duit.
is léanmhaire fós sadder yet still
" Ó a bhean ba léanmhar, is léanmhaire fós anois thú.
ag dáileadh leo still delivering
" com> mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil is ag dáileadh leo go dtí sin.
Níos Deisiúla Fós even finer still
" net/2009/06/the-20-most-inappropriately-hilarious-yahoo-answers-questions> Níos Deisiúla Fós ======= Tá neart suíomhanna téacs agus meáin saibhre ann a mhíníonn conas rudaí a dhéanamh is a fhreagraíonn ceisteanna (VideoJug)(http://www.
sheasamh mar chuaille standing perfectly still
" Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe.
fós i réim still reigns
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
i gcónaí all the while, still
" Tá an láib uileláithreach i gcónaí agus tá eagla ar mhuintir na háite roimh lucht gadaíochta atá ag creachadh na dtithe millte.
arís still
" arís, cuireadh fáilte romhainn, áfach.
fanta ionam (still) left in me
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
Níos measa arís worse still
" Níos measa arís, bhí gaoth láidir ó dheas ann agus bhí a fhios agam go mbeadh sé im' aghaidh an lá uilig, ag dul suas Beinn a' Chlachair.