Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos goimhiúla more stinging/virulent
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
an ghoimh sting
" Anois, nach agam atá fuascailt gach faidhbe?" "Bíonn an ghoimh i gcónaí sa choinníoll aige," arsa Áine léi féin.
prioctha ag an bheach stung by the bee
" Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!" Bhí Balor prioctha ag an bheach.
tar éis a cheist a neodrú nó a goin a mhaolú after neutralizing the question or taking the sting out of it
" Níor chuir Simpleoir an cheist an dara babhta amhail is dá mbeadh meangadh an tsagairt tar éis a cheist a neodrú nó a goin a mhaolú.
chealg sting
" ” Ráiteas fadbhreathnaitheach ó dhuine atá ina chealg chruthanta i mbeo Phoblachtánaigh den uile dhath, ach a thuig nárbh iad briathra an trodaire sráide is fearr a d’oir don ócáid áirithe seo, ach saíocht an státaire.
greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean. humour which took the sting from the violence.
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
goin na mothúchán the sting of the emotions
" Téann goin na mothúchán i gcion ar an léitheoir.
prioctha started, stung
" Ón bhomaite sin ar aghaidh bhí Balor an Breallán smíochta; bhí sé prioctha ag an bheach Shasanach, agus ní raibh sí féin in ann mórán a dhéanamh as bealach de réir Laoch na Cealgaireachta.
faighirt fós san fhearg a sting still in his anger
" Léimeann siad ón altóir chugainn, faighirt fós san fhearg.
cealg a sting
" Tá leigheas an tslaghdáin ann, sólás don té a mbeadh piñata sna hailt air, agus úsáidtear ina ungadh é uaireanta dá mbeadh goimh, cealg nó dó craicinn ar dhuine.