Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corraithe stirred, worked-up
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
corraithe stirred, worked-up
" ” Tá mo sháith ráite agam!” Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú.
ag cothú na feirge seo stirring up this anger
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
suaitheadh stir up
" Meas tú, cén áit? Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht.
a ladar a chur i meadar to stir things up
" Mar a bheifeá ag súil leis, thapaigh na polaiteoirí an deis a ladar a chur i meadar gan suaitheadh.
Músclaíodh muinín confidence was stirred up
" Músclaíodh muinín sna hoibrithe baile as OR.
ag cothú mioscaise stirring up trouble
" Dúradh go raibh na *“wags”* (mná céile agus cailíní na n-imreoirí) ag cothú mioscaise sa chúlra, go raibh teannas idir Terry agus Gerrard agus go raibh an ghabháil a rinne Terry ar Gerrard ar an bpáirc traenála thar cailc ar fad.
ngríosfadh sé an slua he’d stir up the crowd
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
ghríosadh faoin gceist stirred up about the matter
" Dá mbeidís naimhdeach go hoscailte faoin nGaeltacht, bheadh sé níos fearr: d’fhéadfaí daoine a ghríosadh faoin gceist.
is mo a d'adhain an tine bheo who more than any stirred up the burning ember
" Ceathrar de Ghaeil na Cathrach a bhronn an achainni ach fágfaimid an focal scoir do Shéamas Mhac Seáin, duine de na daoine is mo a d'adhain an tine bheo i gcuideachta mhuintir eile Bhóthar Seoighe.
ag iarraidh an pobal a ghríosadh trying to stir up the community
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
mhúscail sé sin machnamh it stirred up thinking
" Nuair a cuireadh Margaretta isteach ar an bpláta beag, mhúscail sé sin machnamh sna daoine.
ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh an act which would stir up great opposition
" Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúil” le cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh.