Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rialú stoic stock control
" Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí.
laghdaítear an stoc a thuilleadh the stock is further reduced
" Leanann na hiascairí ar aghaidh ansin ag marú na n-iasc ag leibhéal atá ró-ard, agus laghdaítear an stoc a thuilleadh.
stoc fógartha megaphone
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
stoc cloigthí the stump of a round tower
" Plódaithe ======= An lá dár gcionn chuaigh mé go Cill Áirne, ach bhí sé an-phlódaithe, mar sin lean mé ar aghaidh agus chuaigh mé suas ar chnoc go dtí áit ársa álainn darb ainm Achadh Deo, a bhfuil seaneaglais agus stoc cloigthí le fáil ann.
ar na stoic stárthacha blind drunk
" Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na stoic stárthacha ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le *Foinse *a léamh.
stoc storrúil an chrainn the strong trunk of the tree
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
stoc cartlainne archive stock
" Ar nós "Family at War" bhí an tsraith ar Ó hEochaidh snasta agus baineadh úsáid dheas as stoc cartlainne.
sa gcaoi go mbeidh stoc póraithe acu so that they will have breeding stock
" I Victoria, tá feilméaraí ag cur a gcuid beithíoch go dtí an Tasmáin, in ainneoin costas $100 an ceann a bheith ag baint leis, sa gcaoi go mbeidh stoc póraithe acu nuair a bheas deireadh leis an triomach.
luacháil stoic íslithe lowered stock value
" Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.
hinnéacsaí stoic stock indexes
" Agus na hinnéacsaí stoic ag titim ar fud an domhain, táimid ag teacht ar an eolas de réir a chéile cé a bhí ag infheistiú le hairgead ar iasacht agus ar chreidmheas, agus cé a bhí ag úsáid a chuid airgid féin.
stoc fógartha a loudspeaker
" Nuair nach raibh sé ag bladar leis bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
séideadh ar stoc blowing a trumpet
" Feictear buachaill óg sa phictiúr á dhúiseacht as a chodladh ag spiorad sciathánach atá ag séideadh ar stoc.
stoc na hinchinne brainstem
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
stoc an bhua victory’s trumpet
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
stoc fógartha trumpet
" Bhí idir sheanchaithe agus sheansálaithe ann; bhí idir cheoltóirí agus cheoláin ann; bhí idir dhamhsóirí agus dhruncaeirí ann; agus istigh ina measc bhí Éamó Ó Caoimhnis ag dul thart le stoc fógartha, ag insint do dhuine ar bith nach raibh an scéal cluinte acu cheana féin, go raibh ardú céime faighte aige agus go raibh sé anois ina Aire Imirce Sóisialta (nóta ón eagarthóir: Coimirce Sóisialta, a Bhaloir! Coimirce, le do thoil.
bheatha stoic animal fodder
" Rinneadh an-dochar do na barraí agus díolfar an chuid ba mhó d’fhómhar an arbhair faoina luach mar bheatha stoic.
stoc gunna gunbutt
" Seans maith go raibh sé ag tabhairt gréasála do dhaoine, agus go cinnte bhí sé in aice láimhe nuair a chuaigh cúrsaí as smacht ar fad os comhair bialann mearbhia i gceantar Cloverdale, nuair a thosaigh Davis agus a chairde ag bualadh meisceora le stoc gunna.
malartáin stoic stock exchanges
" Beidh sé le feiceáil sna malartáin stoic i dtosach thar thréimhse coicíse nó mar sin.
Ar an stoc ronna amongst those being held
" Agus í ag féachaint ar dhealbh na Maighdine Mhuire, ritheann an smaoineamh seo léi féna clann chaillte: ‘A bheith ró-shalach le slánú, ró-ghlan le damnú…Ar an stoc ronna nach raibh Dia ná an diabhal ag éiliú seilbhe air a bhíodar ‘in áit dorcha gan aon phian’.