Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Deineadh an scéal a thairiscint The story was offered
" Deineadh an scéal a thairiscint d'iriseoirí éagsúla ach níor tugadh aon aird air seachas sa News of the World agus i gceann de na nuachtáin áitiúla.
ruball ar an scéal more to the story
" " Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d'aithin sé go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin.
Seanscéal agus coincleach air a tired old story
" " "Seanscéal agus coincleach air," arsa Cian leis féin.
ruball ar an scéal more to the story
" " Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d'aithin sé go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin.
Seanscéal agus coincleach air a tired old story
" " "Seanscéal agus coincleach air," arsa Cian leis féin.
chun an scéal a dheimhniú to confirm the story
" Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán chun an scéal a dheimhniú.
an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin to investigate that story in detail myself
" Bhí an-spéis agam i gcónaí i scéal an tuaiscirt agus bhí fonn orm an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin.
scéalta idirghníomhacha interactive stories
" Ina measc tá na scéalta idirghníomhacha *Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill agus Drochlá Ruairí*.
an scéal a mheá to weigh up the story
" ' Dúirt mise leo go rabhas ag obair anseo agus go gcaithfinn an scéal a mheá agus dúradar, 'You don't want the job, so.
seanchaithe story-tellers
" Nuair a bhíonn amhránaithe sean-nóis agus seanchaithe óga an lae inniu ag foghlaim a gceirde is minic iad ag brath ar an fhocal scríofa nó ar thaifeadadh a rinneadh i bhfad siar.
traidhfil scéalta beaga a small number of little stories
" "Tuairim is ar dhá bhliain ó shin d'iarr Raidió na Gaeltachta orm traidhfil scéalta beaga a chur le chéile le cur amach ar an aer.
i lár a staraíochta doilsí in the middle of his sorrowful story-telling
" 'Stop! Stop!' a scairt na moltóirí agus an t-amhránaí i lár a staraíochta doilsí.
D'insíodh sé scéal he used to tell a story
" D'insíodh sé scéal faoin dóigh ar ghnách le daoine i mBéal Feirste fiafraí de cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú ag seinm ceol traidisiúnta "sa Phoblacht".
chumacht na scéalta the power of stories
" Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha.
ag spréadh scéalta spreading stories
" (I Meiriceá, tá oifig eolais Ambasáid na Breataine ag spréadh scéalta fá uafás an IRA.
Sin seanscéal agus coincleach air That's a mouldy old story
" "Sin seanscéal agus coincleach air.
dulta i dtaithí ar dhrochscéalta gotten used to bad stories
" Bhí Meiriceá, gan amhras, dulta i dtaithí ar dhrochscéalta - an 11 Meán Fómhair, na hionsaithe antraisc, caint faoi ionsaithe eile sceimhlitheoireachta, faoi chogadh thar lear.
seanchaí story-teller
" Ba é déanamh an scannáin sin agus an griothal agus an rachmas a lean é a chuir bonn faoi mhórán daoine agus "an rialtas ab fhearr a bhí againn ariamh", mar a dúirt an seanchaí, Cáit "Bab" Feiritéar, atá fós linn, bail ó Dhia uirthi.
cnuasach gearrscéalta a collection of short stories
" "Sé amhrán de mo chuidse," a deir sé, "agus bheadh gach duine ag caoineadh!" D'fhoilsigh Colm cnuasach gearrscéalta, *Turasóireacht*, i 1995 agus ba mhaith leis an dlaoi mhullaigh a chur leis na scéalta atá á scríobh aige le tamall de bhlianta anois don chéad chnuasach eile.
Scéal a shamhlófá a story you'd imagine
" Scéal a shamhlófá i saghas Bananaphoblacht atá anseo, meascán den ghreann agus den tragóid.
tar éis an scéal seo a bhréagnú after denying this story
" Go dtí seo níl Ambasáid na Breataine tar éis an scéal seo a bhréagnú.
an tseanliodáin chéanna the same old story
" Thosaigh sé ag cur thairis an tseanliodáin chéanna: "Cad é a d'fhág agam tú? Slúiste gan úsáid.
gearrscéalta short stories
" Tharraing an scríbhneoir Liam Ó Flaithearta aird idirnáisiúnta ar an gceantar lena chuid leabhra: an leabhar gearrscéalta *Dúil *i nGaeilge; *Famine, The Informer, Skerret, Thy Neighbour's Wife *agus leabhra eile i mBéarla.
scéal rúnda secret story
" Taobh amuigh den stiúideo tá cairn seiceamair agus feá le feiceáil ag triomú, ag fanacht leis an scéal rúnda atá iontu a bheith ligthe saor.
Scéal éadrom fantaisíochta a light fantasy story
" Scéal éadrom fantaisíochta a bhí ann, fite fuaite le ceol agus damhsa.
scéal a gcaidrimh the story of their relationship
" Labhraíonn sa deireadh agus insíonn scéal a gcaidrimh di.
an fíorscéal the true story
" an fíorscéal ======= Shíl muid go raibh sé an-ghreannmhar ar dtús, agus d'inis Bruce Scott an fíorscéal do na meáin chumarsáide anseo agus in Éirinn.
nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach that a lot of truthful stories weren't published
" Ach chinntigh sé leis nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach agus a raibh géarghá ann go bhfoilseofaí iad.
dá dtabharfainn an scéal uilig duit if I told you the whole story
" "Bheadh muid anseo an lá ar fad dá dtabharfainn an scéal uilig duit," arsa Aindí.
lenár scéal féin a chumadh to make up our own story
" D'úsáid sé an seomra céanna arís agus arís eile ina phictiúir - d'athraigh sé an troscán agus uirlisí éagsúla chun scéal úr a chruthú agus muid a mhealladh isteach ina dhomhan rúnda lenár scéal féin a chumadh.
ag plé le scéalta dealing with stories
" Tá tú ag plé le scéalta agus carachtair nár chum tú féin agus tá tú ag cur le rudaí a cheap daoine eile.
a chumadh bhrí an scéil making up the meaning of the story
" Ar léamh chuid focal an údair dúinn, tosaímid a chumadh bhrí an scéil a d'fhág seisean le hoidhreacht againn.
go léireofar sa scéal that it will be shown in the story
" Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin dó - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an dá ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince.
mar mhaithe le scéal a insint for the sake of telling a story
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
a mhalairt de scéal another story altogether
" Bhí ráiteas Stoker suimiúil mar, an oíche roimhe sin, dhamnaigh an comhairleoir na bileoga, ach nuair a chonaic sé an *graffiti* bhí a mhalairt de scéal aige.
scéalta grinn humourous stories
" Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
bailiúchán gearrscéalta collection of short stories
" " *The Springs of Affection *an bailiúchán gearrscéalta a mholann Bourke mura bhfuil i gceist agat ach leabhar amháin de chuid Brenann a léamh chun a saothar a bhlaiseadh.
scéal Thriail na nArm the story of the Arms Trial
" Creideann siad go bhfuil comhcheilg i gceist i gcás scéal a n-athar, comhcheilg atá fite fuaite le scéal Thriail na nArm.
scéal fírinneach a true story
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
dá cumas ceaptha scéalta her ability to make up stories
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
síscéalta fairy stories
" Ba chainteoir dúchais í a máthair agus is cosúil gur uaithise a d'fhoghlaim sí na síscéalta agus na scéalta miotais a bhailigh an tOllamh.
scéalaithe story-tellers
" Cén bhrí atá leis an choincheap "An Ghaeltacht" do dhaoine ag tús an 21ú haois? Smaoiníonn daoine áirithe ar an Ghaeltacht ina raibh na scéalaithe agus na hamhránaithe ina suí thart cois tine agus iad ag airneál go maidin.
Is amhlaidh an scéal it's the same story
" Is amhlaidh an scéal don lucht gnó, ar a laghad lucht ghnó na heitlíochta.
finscéal fictitious story
" MÁNAS: Cá gcuala tú an finscéal seo? DENIS: Bhí an sagart thuas aici.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
Nochtadh scéal ní ba mheasa fós an even worse story was revealed
" Nochtadh scéal ní ba mheasa fós ag deireadh na míosa seo caite nuair a rinne an clár “Primetime” ar RTÉ na coinníollacha a fhiosrú i dteach altranais Leas Cross i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
scéalta náireacha shameful stories
" Chuir céasadh Dholores an dlaoi mhullaigh ar shraith de scéalta náireacha a foilsíodh le leathbhliain anuas.
scéalta bréagacha false stories
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
réimse leathan scéalta all sorts of stories
" D’inis sé réimse leathan scéalta do na páistí faoina shaol in Éirinn, i dtosach le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh, ach ina dhiaidh sin chun ceachtanna a mhúineadh dóibh go slítheánta faoi reacaireacht agus struchtúr scéalta.
scéala eisiach exclusive story
" Bhagair sé íde fhisiciúil na muc is na madraí ar Bhalor Bocht dá bhfoilseodh sé mar scéala eisiach an méid a chonaic sé.
ag sceitheadh scéalta leaking stories
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
an t-uafás seanscéalta a great number of old stories
" ” D’éirigh sé an-chairdiúil go háirithe le fear bodhar a raibh an t-uafás seanscéalta aige, go leor acu faoi Bhalor.
bhí athrach scéil ag na cailíní the girls had another story
" Déarfadh duine gur rúplach mná a bhí inti ach bhí athrach scéil ag na cailíní.
réamhscéalta introductory stories
" Bheartaigh mé gan na réamhscéalta ar fad a bhaineann leis an Táin a chur leis.
a mhacasamhail de scéal such a story
" Bhí a mhacasamhail de scéal amhlaidh ó thuaidh le linn na dTrioblóidí.
cumadóireacht invention (of a story)
" Ba chuma faoi, d’fhágfainn ann é—­ní raibh ann ach cumadóireacht, ar aon nós.
scéalta uafáis horror stories
" Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.
líon teoranta scéalta a limited number of stories
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta.
mothúchán nó scéal a léiriú láithreach to show an emotion or story immediately
" Is féidir le haghaidh duine an oiread sin rudaí a rá linn – mothúchán nó scéal a léiriú láithreach.
fuílleach scéalta a surplus of stories
" Ó tharla go bhfuil formhór na meán Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht, bíonn fuílleach scéalta againn a bhaineann le hiarthar na hÉireann.
scéal beag gan úsáid a useless little story
" Ar ndóigh, caithfear cothromaíocht a aimsiú agus gan a bheith ag clúdach scéal beag gan úsáid ó iarthar na hÉireann fad is atá an saol mór ag titim as a chéile.
gan a ladar a chur sa scéal. not to interfere in the story.
" Tá rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal.
scéalta móra a thuairisciú to report big stories
" Leabhar eile, nó <!-- D(("mb","scéalta móra a thuairisciú roimh a comhghleacaithe is ea an saghasuaillmhéine atá ar intinn agam.
a scéalta brónacha féin a insint their own sad stories
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
scéalta bréagacha gan bhunús false stories without basis
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
ag malartú scéalta swapping stories
" Ní raibh mórán ar bun agam an chéad seachtain, ach ag malartú scéalta le mo chairde, ag ní mo chuid éadaí agus ag socrú isteach i saol a bhí go hiomlán difriúil le saol na hAfraice.
Scéal pearsanta a personal story
" Scéal pearsanta agus scéal náisiúnta fite fuaite ina chéile.
dea-scéalta good stories
" Thar áit ar bith eile ar domhan, bhí an oiread sin dea-scéalta cloiste agam faoi chósta thoir na hAstráile.
ceann de na scéalta cáiliúla one of the famous stories
" Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin.
scéal gaolmhar related story
" Cé go raibh na drochscéalta seo mar cheannteidil sna meáin chumarsáide, bhí scéal gaolmhar as an ngnách eile sna meáin le déanaí freisin.
an cnuasach gearrscéalta the collection of short stories
" Scríobh sé *Tangi*, *Pounamu Pounamu *agus* Whanau* i Londain; an cnuasach gearrscéalta *The New Net Goes Fishing* in Dunedin; *The Matriarch* san Astráil; *Whale Rider* i Nua-Eabhrac; agus Nights in the Gardens of Spain (1995) sa Fhrainc.
ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta reading excerpts from an adventure story
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
luas an scéil the speed of the story
" Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.
cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, what does that dirty story mean,
" ” “Agus cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, a Bhaloir?” a d’fhiafraigh an tAire.
is amhlaidh an scéal it's the same story
" Intreoir atá i gceist le sraith sin na máistrí agus is amhlaidh an scéal i gcás leabhar Mhic Uistín.
scéalaíocht, story-telling
" Bhí scéalaíocht, amhránaíocht agus gach saghas ceoil &ndash; an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil &ndash; mar chuid den saol laethúil agus daoine ina suí thart ar an tine champa nó sa teach.
ní dhéanann sé paidir chapaill de. he doesn't make a long drawn-out story of it.
" Cliathánach go leor atá an cur síos a dhéanann sé ar na taomanna seo agus ní dhéanann sé paidir chapaill de.
chun an scéal a ríomh. to recount the story.
" George Morrison a bhí ina léiritheoir agus bhain sé úsáid fhorleathan as ábhar cartlainne chun an scéal a ríomh.
dea-scéalta den chuid is mó good stories for the most part
" Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
scéal eachtraíochta adventure story
" Dálta mórán scéalta béaloidis, bainfidh daoine fásta pléisiúr as an scéal ar leibhéal amháin &ndash; téamaí an ghrá agus an teaghlaigh agus scéal faoi dhaoine bheith difriúil óna chéile &ndash; agus bainfidh páistí pléisiúr as mar scéal eachtraíochta agus, gan amhras, tuigfidh siad é mar fhabhalscéal fosta.
de réir an scéil cháiliúil, according to the famous story,
" Chaith siad a n-óige ar fheirm 23 acra agus b’in an áit, de réir an scéil cháiliúil, ar chuir Seán Quinn tús lena impireacht nuair a thosaigh sé ag baint cloch i 1973 tar éis dó iasacht &#8356;100 a fháil ón mbanc.
scéalaí mór le rá a famous story-teller
" Bhí páistí scoile áitiúla páirteach ann, agus scéalaí mór le rá de chuid an lucht siúil, Essie Stewart.
idir bheathaisnéis agus scéal pobail both a biography and the story of a community
" Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith? Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b'fhiú dó cuntas eolach tuigseach pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.
tá scéal a linne the story of his time
" Tá scéal an tsagairt seo spéisiúil agus tá scéal a linne agus na ndaoine a bhí ina chuideachta chomh spéisiúil céanna.
sceitheadh an scéal the story was leaked
" Ar ndóigh, sceitheadh an scéal ó shin gur gheall Tony Blair tacaíocht do Bush ag cruinniú sa Teach Bán ar an 31 Eanáir 2003.
i scéal áirithe. in some story
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
bhí sé tugtha do scéalta a insint, he was inclined to be telling stories,
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
chloígh Drewe leis an scéal Drewe stuck to the story
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi spreading malicious stories about him
" Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.
scéal an tSaícigh the story of the Sikh
" Léiríonn scéal an tSaícigh go bhfuil muid paróisteach go fóill.
scéalta na Maorach, the stories of the Maori,
" Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil.
chluininn scéalta I used to hear stories
" Bhí an t-ádh orm; chluininn scéalta fá mo chairde ar tugadh gríosáil dóibh as siocair iad a bheith ina gCaitlicigh.
scéalta uafásacha terrible stories
" Costas geilleagrachNíl anseo ach mioneachtra a tharla dom féin, agus tá scéalta uafásacha le hinsint ag daoine eile, ach bhí alt ag David McKittrick in The Independent an mhí seo caite a chuir síos ar chostas geilleagrach na cinedheighilte neamhurchóidí seo.
scéalaithe, story-tellers,
" Agus é ag obair le Gael Linn, thacaigh sé le cuid mhór ceoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe, go mór mór iad siúd ón nGaeltacht.
An seanscéal céanna, the same old story,
" An seanscéal céanna, ar ndóigh, mar a bhíodh go minic i ranganna tráthnóna.
a scéal truamhéalach féin. his own piteous story.
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad. they are the story of our people and they belong to all of us.
" Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.
Bíodh an diabhal ag scéalta beaga To hell with little stories
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
Insím an scéal seo I tell this story
" As sin amach, ní dhearna mé ach an méid a dúradh liom a dhéanamh an ar an gcéad lá; “ciceáil don touch”! Insím an scéal seo mar go gceapaim go bhfuil cúrsaí spóirt éirithe thar a bheith dáiríre; is cuma más faoi rugbaí, sacar, iománaíocht nó cibé rud a bhfuil muid ag caint.