Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san fhaopach céanna in the same dire straits
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
Chaolas Messina the Messina Strait
" Ach tá tionscadail ardaidhmeannacha eile ann, ina measc plean chun droichead a thógáil trasna Chaolas Messina idir an tSicil agus deisceart na hIodáile; tollán mór costasach faoi na Pyrenées; agus feabhas ar na bóithre agus na hiarnróid a théann trasna na nAlp.
chaolas na Meánmhara the Mediterranean strait
" Ar dtús, ba bhuntáiste mór é don Bhreatain smacht a bheith acu ar chaolas na Meánmhara ach anois is beag tábhacht straitéiseach atá leis, ní hamháin don Bhreatain ach don Spáinn ach an oiread.
Chaolas Menai the Menai Straits
" Níos moille, bhain Telford clú agus cáil amach de bharr tionscadal mar an Chanáil Chaladónach agus an droichead crochta trasna Chaolas Menai sa Bhreatain Bheag.
ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair. on duty in the Gibralter Straits.
" Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga le troid in aghaidh na bhfaisisteach arís agus cuireadh ar ais go dtí an Ibéir é, áit a raibh sé ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair.
in umar na haimléise in dire straits
" Feallmharú ceannaire Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
ar an ngannchuid in dire straits
" 5 milliún daoine ar an ngannchuid.
tsáinn difficulty, strait
" Sin é an tsáinn a bhfuilimid ann faoi láthair.
ghéarchéim airgeadais financial straits
" Cliseadh margaidh is cúis leis an ghéarchéim airgeadais fosta, ach sa chás áirithe seo, chuir an cliseadh isteach ar shaol an phobail go tobann.
faoin gcruachás about the dire strait
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
in umar na haimléise in dire straits
" An chuma air in amanna nach bhfuil sé i dtiúin mar is dual le haisfhreagra feargach an phobail agus sinn in umar na haimléise.
sáinn straits
" Idir Lily, Cantona agus na cairde go léir sa jab, soilsítear bealaí éalaithe as sáinn éagsúla ár gcara, ceann i ndiaidh a chéile.
chruachás straits
" Níl aon éalú ón chruachás ina bhfuil an tír faraor.
san fhaopach in dire straits
" Go dtí sin, fanfaidh muid san fhaopach.
fhaopach dire straits
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
tsáinn strait(s)
" Rinne siad iarracht áirithe muid a thabhairt slán ón tsáinn ach ní raibh muinín an phobail acu.
chruachás dire straits, difficulty
" Ní nach ionadh, bhí Teachtaí Dála sa bhfreasúra ag iarraidh tús áite a thabhairt sa Dáil don chruachás ina raibh geilleagar na tíre.
gcruachás dire strait
" Agus is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar.
san fhaopach in dire straits
" Is é an ghné is tábhachtaí le cuimhneamh air ná gur fágadh daoine san fhaopach - seandaoine, daoine breoite agus leanaí ina measc – agus nár cheart go dtarlódh sé arís.
idir dhá thine Bhealtaine in dire straits
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól; agus cé gur mí Mheán an Fhómhair atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
in umar na haimiléise into dire straits
" - (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise.
chaolas strait
" Dall ag a gClaontacht Féin =========== Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin.
an chaolas the strait
" Cé go mbíonn cuma shuaimhneach ar an chaolas cuid mhaith den am, bíonn an fharraige seo fealltach.
in umar na haimléise in dire straits
" Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil sé iomarcach a bheith ag trácht ar chearta eachtrannach sa tír seo nuair atá an méid sin Éireannach in umar na haimléise.
cruachás dire strait(s)
" Iarracht Luachmhar ========= I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth.
seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn I’d physically stand between you and dire straits
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
fágtha in anchaoi i gceart left in dire straits
" Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.