Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachrán wandering, straying
" Sílim go mbaineann siad spraoi as ár seachrán.
cosa aonair seachránacha stray single legs
" Agus spás sách gann ann do choirp mar a bhí, ní áirím cosa aonair seachránacha.
ní áirim leathchos strae not to mention a stray leg
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
sliogán ar strae stray shell
"sliogán ar strae a rinne seo, ná baol air.
chun dul ar seachrán to go straying
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
atmaisféar seachránach agus suaithinseach a straying and distinctive atmosphere
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
cait ar strae stray cats
" Níor glacadh leis an líomhain sin go rósciobtha, mar is ait le muintir na tíre dul i ngleic le scéal nuachta mar sin – uaireanta feictear cait ar strae mar ábhar ar an nuacht teilifíse.
dá n-imeodh sé ar seachrán if it strayed
" Thairis sin, deir sé go dtiocfadh leis an eolas sin a bheith fíorthábhachtach – dá gcaillfí Phoenix nó dá n-imeodh sé ar seachrán, cuir i gcás.
ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh they shall never stray from
" Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh ón bhealach cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.