Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clocháin old stone structures
" Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.
Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm if the proper structures are put in place
" Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d'fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas.
tógtha fá fhoirgnimh excited about structures/buildings
" Cad é mar is féidir éirí tógtha fá fhoirgnimh atá tógtha ar ghaineamh slogach? Cad é mar is féidir éirí tógtha fá dhul chun cinn polaitiúil ó thuaidh nuair atá fhios agat go bhfuil daoine ag fanacht le hé a scrios.
leis an struchtúr nua seo a riaradh to manage the new structure
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
Struchtúr maoinithe funding structure
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
struchtúr na matán the structures of muscles
" Is féidir an t-eolas sin a úsáid mar mhodh céannachta toisc go bhfuil struchtúr na matán ar aghaidh gach aon duine éagsúil.
struchtúr úinéireachta ownership structure
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
ar bhonn níos struchtúrtha on a more structured basis
" Tá i gceist an t-eolas seo a chur ar fáil ar bhonn níos struchtúrtha.
structúrtha structured
" "Faoi láthair, ceann de na deacrachtaí is mó le foghlaim na Gaeilge (i measc foghlaimeoirí fásta) ná nach bhfuil córas ceart structúrtha curtha le chéile maidir le scrúduithe agus teastasú," a deir Anna.
ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha from early industrial structures
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
struchtúir ghramadaí an-chasta very complicated grammatical structures
" Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.
ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí depending on the structures and institutions
" Más fíor an méid sin, cén seans atá ag foireann as Baile Átha Cliath briseadh tríd an doras agus páirt a ghlacadh sa chóisir mhór? Tá a lán ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath agus i gCLG i gcoitinne.
ar bhealach níos struchtúrtha in a more structured way
" Ba bhreá liom díriú ar mo chuid seinnte ar bhealach níos struchtúrtha ná mar atá ar siúl agam le tamall.
na struchtúir bhainistíochta the management structures
" Caithfear athruithe a dhéanamh ar na struchtúir bhainistíochta i gCLG fosta – tá siad seanfhaiseanta faoi láthair.
na struchtúir mhaoinithe the funding structures
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo at the top of this prominent structure
" Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo tá an abairt Pholainnise “Nasz Los Dla Was Przestroga”, “ár gcinniúint mar rabhadh daoibh”.
chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama. to structure their learning
" Ach bhí sé de mhíbhuntáiste ag na daoine a d’fhreastail ar na ranganna seo nach raibh córas ar bith ann chun aitheantas a thabhairt don dul chun cinn a bhí déanta acu nó chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama.
ar bharr an struchtúir, at the top of the structure
" Bhí duine amháin i mbun gach coise agus triúr ar bharr an struchtúir, a rinneadh sa bhFrainc as cruach agus adhmad.
bonneagar structure
" I dtosach, níl an bonneagar polaitiúil atá againn in Éirinn oiriúnach don aonú haois is fiche.
bonneagar structure
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
mBonneagar structure
" Athruithe i mBonneagar an Údaráis? Is léir fosta go bhfuil glacadh i bprionsabal ag an phobal leis an mholadh gur cheart go mbeadh na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna.
deilbhíochta structure
" Feictear dó go mbíonn difríochtaí móra foghraíochta, deilbhíochta, gramadaí, agus comhréire idir an dá chineál Gaeilge.
bhonneagar úr new structure
" Ins an cháipéis a dhéanann beachtú ar an bhonneagar úr, déantar tagairt arís is arís eile do 'na heagrais (iar)-bhunmhaoinithe.
eagar na habairte sentence structure
"eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is gá dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim.
bhonneagar structure
" Is beag athrú a cuireadh ar bhonneagar an rialtais áitiúil sa tír seo ó bunaíodh an córas níos mó na céad bliain ó shin.
chruth structure
" ie) Le dearadh agus le taithí úsáideora den chéad scoth agus faoi chruth atá sóisialta tríd is tríd, seo an múnla nua is ansa liom go fóill.
éagsúlacht leagan amach variety of structure
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
chomhréir structure
" Bíonn mo chuid Gaeilge ceart go leor is mé ag caint ach má chaitheann tú súil ghéar ar an chomhréir - an structúr - tá sé go holc! Arís, tá na deacrachtaí sin agam de bharr nach raibh mé tumtha sa teanga.
bonneagar structure
" Is bonneagar faisnéise é an t-idirlíon a chuireann ar chumas ríomhairí beartáin bheaga faisnéise a sheoladh eatarthu féin.
leagan amach structure
" Mhaígh siad go raibh seirbhísí dlí róchostasach agus go raibh athleasú mór de dhíth ar leagan amach agus ar rialú na gairme dlí in Éirinn.
bhunchreat basic structure
" Is fíor go bhfuil lochtanna ar an bhunchreat rialaithe atá glactha ag rialtas na hÉireann i dtaobh do leor réimsí.
leagan amach a structure
" Mhaigh saineolaithe an domhandaithe i bhfad ó shin go gcuirfeadh sé brú mór ar na seanchórais pholaitiúla atá bunaithe ar leagan amach a bhí feiliúnach céad bliain ó shin ach a bhfuil seanchuma mhífheidhmiúil orthu anois.
leagan amach an gheilleagair economic structures
" Mealladh infheistíocht Mheiriceánach, léirscaoileadh gnóthaí tráchtála, agus cuireadh athruithe ar leagan amach an gheilleagair.
De réir an chreathlaigh chéanna according to this same structure
" De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.
crot iomlán úr a completely new structure
" Am cinniúnach é seo don Údarás, mar sin, ó tharla go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chúraimí na heagraíochta agus go mbeidh crot iomlán úr ar chomhdhéanamh an bhoird.
gan cruth ar bith without any structure whatsoever
" Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.
bonneagar structure
" Tá an ghluaiseacht ag forbairt de réir a chéile agus tá curaclam agus bonneagar fós idir lámha ag na teagascóirí.
sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga before it eats your language structure
" Teachtaireacht ó na Creachadóirí do na comharsana mar sin: ligigí don dá theanga meascadh ina chéile más mian libh, ach coinnigí súil ar ollphéist na Denglische sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga.
gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann without adoring Ireland’s legal structures
" Is deacair don bhreitheamh tábhachtach seo aon rud a scríobh gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann.
millteanach místuama á choinneáil siar a really crazy (structure) holding it back
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
chur ar bun to put in place (structures)
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
an struchtúr is airde ar domhan the highest structure in the world
" Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.