Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líonta stuffed
" Bíonn iasc úr i gcónaí ar an tábla, a bhíonn gríosctha agus a mbíonn ola agus liomóid ar a bharr, nó é líonta le trátaí, gairleog basail agus capras.
Ní raibh a raibh fán doras All of the stuff by the door
" Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire.
luchtaigh tú féin stuff your face
" An bhfuil tú ag iarraidh mé a leagan le boladh muiceola nó cad é?" "Órú fuist agus suigh síos ansin agus luchtaigh tú féin nó beidh sé tamall maith sula bhfaighidh tú greim eile," arsa Emma.
trioc personal stuff
" "Cá háit faoi Dhia a rachaidh an trioc uilig atá linn?" arsa Kylie.
beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam I'll have to search through all the stuff we have with us
" Nach bhfuil bróga siúil leat?" "Tá," ar sise, "ach beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam lena bhfáil.
ag pulcadh stuffing
" Bhí sé féin agus Balor ag pulcadh sprúilleach na bó rósta isteach ina gclab ag an am.
nathracha stuifeáilte stuffed snakes
" Feictear an téama céanna á scrúdú go spraíúil aici sa tsraith a tháinig chun cinn sna nóchaidí agus inar baineadh úsáid go tairbheach as craiceann bó leasaithe chomh maith le nathracha stuifeáilte chun píosaí guagacha spreagúla ar nós *Shuttlecock* (1993) nó *Rugby Ball *(1994) a dhéanamh.
ag alpadh siar an bhia stuffing his face
" De ghnáth fán am seo d’oíche bheadh sé ag alpadh siar an bhia.
an luchtú agus an craos the stuffing and avariciousness
" " Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta.
a chuid trioc his stuff
" Chomh luath agus a d’imigh Pól thoisigh Seoirse a charnadh suas a chuid trioc uilig: an ríomhaire, an guthán póca, a chuid páipéarachais.
Níl an seanstuif ag oibriú. The old stuff is not working.
" Níl an seanstuif ag oibriú.
búiste, stuffing
" Chomh luath agus a shroicheamar an teach arís, luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, agus chaitheamar trí nó ceithre huaire an chloig ag ullmhú turcaí, prátaí, búiste, anlann sonóige, pióg puimcín, agus cá bhfios cad eile.
chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. there is every chance that they like my stuff already
" Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin.
dhingeadh isteach to stick in, to stuff in
" Ag Dia tá a fhios cá bhfuil mé ag fáil an ama le halt a scríobh ar chor ar bith, nó tá deich n-aiste le bheith istigh agam i gceithre lá (tá mé fríd a chéile anois, nó bhí a fhios agam go raibh lear oibre romham, ach nuair a fheiceann tú é sin scríofa os do chomhair amach, scanraíonn sé thú ar bhealach eile ar fad!), ach tá bealach iontach acu ar an ollscoil na laethanta seo nach raibh ann im’ amsa, agus bhí mise i NIHE/DCU a raibh de chlú orthu a bheith nua-aimseartha, ach ar ndóigh thiocfadh leat feck all a dhéanamh i rith na bliana agus ansin trí sheachtain roimh na scrúduithe, gan corraí as do sheomra leapa (a bhí i bpoll an tí a bhí mar digs agat), agus an t-íosmhéid d’eolas a bhí riachtanach a dhingeadh isteach sa chloigeann, é a ‘chur amach’ ar an pháipear laethe na scrúduithe, agus dearmad iomlán a dhéanamh den eolas an lá chéanna.
ag placadh stuffing/eating
" In áit comhairle an cháca mhilis a thug Marie- Antoinette tráth, tá an seanduine le bheith ag placadh torthaí is glasraí na foraibíochta.
an mhuc a dhéanamh 'doin the pig', stuffing oneself
" Aoine an Chéasta achan seachtain sa tír sin!! As seo a thagann na traidisiúin “vorspiel” agus an “nachspiel” – is é sin, an mhuc a dhéanamh sa teach sula dtéann tú amach, nó nuair a philleann tú, agus altranas a dhéanamh ar phionta amháin ‘fhad is atá tú amuigh.
sactha stuffed
" Ar an láimh eile, beidh preasráiteas an mhíchruinnis a foilsíodh sa nuachtán sactha isteach i dtóin an bhosca bhruscair an lá dar gcionn.
dingthe stuffed
" Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliúin duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht.
ábhar material, stuff
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, cé nach bhfuil i ngrianghraf ach mionspléachadh ar ábhar nó ar eachtra, is minic a insíonn sé go leor ina thaobh.
Lán go Draid stuffed full
" Lán go Draid ====== Shuígh mé taobh le scata de na mná aosta.
Is diabhaltaí an stuf é seo this is incredible stuff
" ” “Is diabhaltaí an stuf é seo,” arsa fear na gruaige duibhe agus an dá shúil ar bior ina cheann.
neart ábhair anailíse plenty of stuff to analyze
" Bhí neart ábhair anailíse faoi cheist na Gaeilge sna meáin náisiúnta le linn mí an Mhárta, mí na Gaeilge.
chun ábhar a ghineadh to generate stuff
" Sin í an difríocht idir iadsan agus an CIA, a dhéanann spiaireacht ar bhonn gníomhach, agus a chuireann bailitheoirí eolais amach chun ábhar a ghineadh.
ina measc madadh stuáilte a stuffed dog among them
" Píosaí ilghnéitheacha agus greann dubh ag baint leo go minic atá déanta ag David Shrigley, ina measc madadh stuáilte agus plaiceard ina lapa aige a deir ’tá mé marbh’.
má tá an tiachóg teann agat if you’re not wanting for funds, if your wallet is well stuffed
" Ceann de na rudaí is fearr ná, má tá an tiachóg teann agat, gur féidir carr maith, spórtúil a bheith agat – agus páistí a bheith agat! Mar a bheifeá ag súil leis, is féidir ceangal a dhéanamh le Bluetooth, le USB, le iPhone agus araile.
pulcadh Breatnaise a stuffing of Welsh
" Fuair mé pulcadh Breatnaise oíche faoi Nollaig in Aberteifi.
éirí teann being stuffed
" An bhfuil dream an tsaibhris ag magadh fúinn agus a gcuid tiachóg ag éirí teann lenár gcuidne airgid i rith an ama.
miotal a mhisnigh the stuff he’s made of
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.