Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráta athraithe lucht oibre staff turnover rate
" Bhí an ráta athraithe lucht oibre iontach ard, ní nach ionadh.
foireann staff
" An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.
bhaill foirne staff members
" do rannpháirtithe na ranganna, do bhaill foirne agus do mhic léinn.
allúntas foirne staff allowance
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
líon foirne numbers of staff
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
ag earcú fostaithe recruiting staff
" Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol.
bhall foirne staff member
" " Thosaigh Mairéad ag obair ansin mar shaoririseoir le Raidió na Gaeltachta tar éis do bhall foirne de chuid an stáisiúin, Seán Ó Cuirreáin (atá ina Choimisinéir Teanga anois), an deis a chur ar fáil di.
chuile bhall den fhoireann every member of staff
" " Is léir go bhfuil an-mheas ag chuile bhall den fhoireann san ionad ar Ray.
ar fheabhas a fhoirne on how good his staff is
" " Tá sé an-bhródúil as an méid atá bainte amach aige san ionad, ach cuireann sé béim ar fheabhas a fhoirne agus ar an spreagadh atá faighte acu ó mhuintir Bhaile Munna chomh maith.
Easpa foirne agus acmhainní lack of staff and resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an COGG? Laigí: Easpa foirne agus acmhainní.
fhoireann bhuan permanent staff
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag AnBL anois? Tá seisear eile ar fhoireann bhuan an Bhrainse: beirt Ardoifigeach Logainmneacha, beirt Oifigeach Logainmneacha agus beirt Oifigeach Cléireachais.
ionadaí foirne staff representative
" Ó tharla gur ionadaí foirne a bhí ann agus go raibh sé lárnach sa cheardchumann, bhí dualgas air freastal ar mhianta na bhfeidhmeannach.
beirt fhreastalaithe beáir two bar staff
" Is é fírinne an scéil gur beirt fhreastalaithe beáir a bhí i gceist, iad gléasta i T-léine dhubh de chuid Guinness, dála an chuid is mó de na freastalaithe eile sa chathair, agus bhí sé ar cheann dá ndualgais an bhratach a chur ar an chrann brait.
foireann oibre mheasctha mixed staff
" Sílim go raibh foireann oibre mheasctha i ngach aon áit ar oibrigh mé.
Easpa foirne lack of staff
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PCT? Na laigeachtaí: Easpa foirne.
foireann riaracháin administrative staff
" Glactar leis go bhfuil gá le foireann riaracháin chun eagraíocht chomh mór le CLG a reáchtáil.
fhoireann staff
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an Acadamh faoi láthair? Is iad láidreachtaí an Acadaimh na mic léinn atá agus a bheas againn, an fhoireann atá againn agus na dreamanna éagsúla a thugann tacaíocht dúinn, san Ollscoil agus lasmuigh di.
líon teoranta foirne a limited number of staff
" Sílim go bhfuil an bhunchloch leagtha síos anois, is é sin go bhfuil an oifig tosaithe, tá líon teoranta foirne ag obair.
earcú foirne the recruiting of staff
" An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin.
dóthain foirne enough staff
" Ach ná bíodh aon dallamullóg uirthi: níl dóthain foirne sna hotharlanna le dul i ngleic le MRSA.
freastalaithe waiters, bar staff
" Thug Andy Hull ó Smoke Free Liverpool “a woolly compromise” ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
bhogás na foirne slándála the complacency of the security staff
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
do phá na foirne for the staff's pay
" An coláiste a bhí ag íoc as gach rud, ar ndóigh, agus nuair nach raibh airgead ar bith fágtha do phá na foirne, tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu (cf.
fhoireann riaracháin administrative staff
" Nuair a d’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga an cheist, dúradh leis nach bhfuil ach 3% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
foireann dhíograiseach an enthusiastic staff
" Nil mórán áiseanna acu, ach tá foireann dhíograiseach agus fís acu agus tá atmaisféar bríomhar, sona sa scoil.
dá bhfoireann riaracháin of their administrative staff
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe to build buildings for their decentralised staff
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
cúraimí laethúla na foirne the staff's daily responsibilities
" Cén obair a dhéantar i RnaL ó lá go lá?***Tá éagsúlacht mhór ag baint cúraimí laethúla na foirne.
foireann bhríomhar chairdiúil a lively and friendly staff
" Tá caife geal ann, agus foireann bhríomhar chairdiúil.
na háiseanna agus an fhoireann the facilities and the staff
"na háiseanna agus an fhoireann sa stiúideo sin iontach go deo agus tá an radharc ón stiúideo fíorálainn.
an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin the lecturing and administrative staff
" Chiallódh sé seo go mbeadh an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin ag déanamh a ngnó i nGaeilge agus go mbeadh na cleachtais oibre uilig sa teanga sin.
foireann chuí suitable staff
" Chaithfí foireann chuí a aimsiú leis an obair a dhéanamh agus an t-éiteas a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
ar fhoireann on the staff
" Cén ról atá agat féin i gCumann na bhFiann (CnaF) agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé i mo bhainisteoir ar Chumann na bhFiann le ceithre bliana anuas agus ar fhoireann Chumann na bhFiann le naoi mbliana.
foireann lánaimseartha full-time staff
" Cathain a bunaíodh Cumann na bhFiann agus cé a bhunaigh é?*** Bhunaigh foireann lánaimseartha Choláiste na bhFiann Cumann na bhFiann ag deireadh na seachtóidí.
foireann dheonach voluntary staff
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht anois?***Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha ag Cumann na bhFiann, duine amháin go páirtaimseartha, agus tá foireann dheonach d’ochtó duine ann chomh maith.
i seomra na foirne teagaisc in the teaching staff's room
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
bachall staff
" Cóngarach don charn, tá teach darb ainm Bachuil, ina gcoinnítear bachall Naomh Moluag.
foireann de naonúr a staff of nine
" Is é Nicholas Carolan stiúrthóir an Taisce agus tá foireann de naonúr aige.
leis an fhoireann dhíograiseach with the enthusiastic staff
" É sin ráite, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann dhíograiseach in Rough Magic.
ar fhoireann na Roinne Oideachais on the staff of the Department of Education
" ”* Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas.
lucht fáiltithe an óstáin the reception staff in the hotel
" Dúirt lucht fáiltithe an óstáin go raibh an aimsir seo geallta don lá ar fad, agus ní raibh cóta báistí ar bith liom.
baill áirithe den fhoireann certain members of staff
" Bhí baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.
go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi that both students and staff suffer because of it
" Ach tá mé lánchinnte go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi agus ní thaitníonn sí liom, ar chor ar bith.
foireann staff, team
" Bhí an t-ádh dearg ar na paisinéirí agus ar an bhfoireann.
gach duine ar fhoireann an óstáin all of the hotel staff
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
foireann staff, team
" Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
foireann lánaimseartha a full-time staff
" Thug sé faoi mhaoiniú sa bhreis a fháil ó Fhoras na Gaeilge le go bhféadfadh foireann lánaimseartha a bheith ag obair uirthi i rith na bliana ar fad.
don fhoireann for the staff
" Tugadh £12m do USAIG le foirgneamh a fháil don fhoireann agus le tabhairt faoi thionscadal an Acadaimh.
foireann staff
" Aisteach go leor, chuir an chorparáid tobac, ar leis an Afracach Theas Anton Rupert é, airgead agus foireann ar fáil chun CFD a reáchtáil.
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne when two other from Zhvania's staff died suddenly or without warning
" Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin.
Cheann Foirne Chief of Staff
" Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel.
foireann staff
" Ní raibh ach 48 fágtha! Tugadh an míniú seo a leanas dom: “Faoi mar a cuireadh in iúl duit cheana féin, baineann formhór mór na dtaifead sa chás le caidreamh Thuaidh-Theas i gcomhthéacs na socruithe a bhí idir lámha maidir le haistriú feidhmeanna agus foireann Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge agus Colmcille a chur faoi choimirce Fhoras na Gaeilge agus Bórd na Gàidhlig in Albain.
foirne of the staff
" Ba as na hoileáin san Aigéan Ciúin formhór mhór na foirne, as na hOileáin Fhilipíneacha ach go háirithe.
ceann foirne chief of staff
" Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus é ar ais sna Stáit Aontaithe mar fhorúnaí stáit um ghnóthaí polaitiúla, chas Grossman le ceann foirne an ISI, an Ginearál Mahmoud Ahmad, díreach roimh 9/11.
fhoireann staff
" Cheap an tUachtarán Lincoln daoine fíorchumasacha ar an fhoireann a d'oibrigh leis.
foireann a staff
" ” Toghchán Ghaza 2006 I nGaza, tá foireann 10,000 duine ag Ging agus buiséad $400 milliún.
foireann a staff
" Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach tá an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh nó ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an scaifte a láimhseáil.
foireann staff
" Ní bhíonn foireann mhaith iriseoirí dá gcuid féin acu.
Foireann production staff
" Cliar Foireann Steve Evetts Eric Bishop Ceamara Barry AckroydEric Cantona Eric Ceol George FentonStephanie Bishop Lily Script Paul LaveryJohn Henshaw Meatballs Stiúrthóir Ken Loach D’oscail Féile Scannáin Sydney na hAstráile le Gala Taispeántas de scannán úrnua Ken Loach.
foireann staff
" Shaothraigh foireann bheag, fhuinniúil na heagraíochta seo go tréan is go dúthrachtach, le barr feabhais a chur ar oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus is mór an chaill don teanga a bheas ina n-imeacht.
fhoireann staff
" Tá an staisiún sé bliana déag ar an saol i mbliana agus é faoi stiúir chumasach Mhuiris Uí Fhiannachta agus a fhoireann.
foireann staff
" Clár Oibre Tá clár leathan beartaithe ag foireann na Cultúrlainne don bhliain seo agus chomh maith le háiseanna a chur ar fáíl trí Ghaeilge, tá ranganna Gaeilge, ceoil, damhsa agus ranganna ealaíne le bheith ann chomh maith le clubanna don aos óg, amharclann a bhfuil slí ann do dhá chéad duine, siopa leabhar agus ceardaíochta, ionad gorlann ghnó agus spás oifige.
foireann staff
" Tréaslaím an tionscnamh seo le foireann na Cartlainne Náisiúnta ar fad.
fhoireann staff
" SMM: An cuma leat labhairt faoi chlár ar leith nuair a chuirfeadh duine, cosúil liomsa taobh amuigh de RTÉ, ceist ort agus b’fhéidir go bhfuil aithne de chineál agat ar an duine nó ar an dream den fhoireann a chaith obair is allas leis an gclár? Fágaim - céard a mhothaigh tú le clár na hoíche aréir, Anonymous? Ar cuireadh machnamh go leor isteach sa gclár sin meas tú? BNC: Ní raibh a fhios a’msa tada faoi.
foireann team/staff
" (Urraithe, dála an scéil, ag fear mór cothú pobail agus buaiteoir gradaim, Conn Ó Muineacháin ó Edgecast Media agus An tImeall!) Tá foireann nósmag.
bhfoireann staff
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
foireann staff
" Ní dhéanann foireann Foinse aon leithscéal faoi gur togra gnó é atá ag iarraidh airgead a shaothrú.
foireann team, staff
" SMM: Fuair tú féin agus foireann an chláir Aifric an-taithí aisteoireachta le blianta beaga anuas.
foireann staff
" Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
seomraí foirne staff room
" Is í seo an bhean a chuirfidh spleodar ar ais sa Roinn Éadóchais agus a chuirfidh splanc i seomraí foirne scoileanna na tíre.
foireann staff
" ” (*Stillwater*) An Ghlúin atá Thuas Tréaslaímid le foireann Ghaelscéal an chéad eagrán a bheith amuigh inár measc agus guímid gach rath ar a saothar san am atá amach romhainn.
foireann staff
" Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste! Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo.
foireann staff
" I ndiaidh an dara heachtra, shocraigh múinteoirí na scoile deireadh a chur le ranganna agus d’éiligh siad ar Roinn an Oideachais go gcuirfí foireann bhreise feitheoirí ar fáil.
foireann staff
" Ní bheidh aon chinnteacht seilbhe acu a thuilleadh agus shamhlófá go mbeidh sé doiligh go leor acu foireann chumasach a earcú dá bharr.
foirne staff
" Ach an bhféadfadh anois go mbeadh athrú intinne orthu de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí san achomharc, go háirithe i bhfianaise an costas mór a bhaineann le fostú foirne aistriúcháin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 6 Bealtaine 2010 i mbreithiúnas a d'eisigh an Breitheamh Fidelma Macken (agus an Príomhbhreitheamh Murray, Uachtarán na hArd-Cúirte Kearns, agus na Breithiúna Hardiman agus Fennelly ag aontú léi) mar seo a leanas: - Is é an léirmhíniú ceart ar airteagal 25.
foireann staff
" Briseadh na fuinneoga i seomra an tsolais féin in uachtar tí, agus tháinig an méid sin uisce isteach is nárbh fhéidir le foireann an tí solais an doras a oscailt ag bun an túir gan poill a tholladh ann, leis an uisce a scaoileadh amach ar dtús.
fhoireann team, staff
" Arís eile, níl duine ar bith sa dá fhoras sin in ann cuid áirithe den fhoireann, nó de na comhlachtaí a oibríonn dóibh, a thabhairt ar chruinneas urlabhra.
bhfoireann chigireachta saothair labour inspection staff
" Mura mbíonn toradh air sin is féidir gearán a chlárú leis an bhfoireann chigireachta saothair agus mar rogha dheiridh d’fhéadfaí cás cúirte a thabhairt.
lucht nuachta news staff
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
lucht taidhleoireachta ambassadorial staff
" I measc na dtíortha ‘ardriosca’, mar a thugann lucht taidhleoireachta orthu, áirítear anois an tSúdáin, an Nígir agus an Ailgéir ar Mhór-Roinn na hAfraice, Veiniséala agus an Cholóim i Meiriceá Theas.
baill foirne múinteoireachta teaching staff members
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
fhoireann riaracháin admin staff
" 5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois.
lucht an tsiopa shop staff
" Sna siopaí císte agus seacláide, bíonn furú oibre agus fuadar faoi lucht an tsiopa agus iad ag freastal go tiubh ar chustaiméirí idir óg agus aosta le linn mhí na Nollag, an tréimhse is cruógaí dóibh i rith na bliana ar fad.
Ball foirne a member of staff
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
fhoireann den chéad scoth first class staff
" Agus é ag tagairt don “fhoireann den chéad scoth” de Dhaonlathaigh Ghiúdacha a dhéanann cathaoirleacht ar choistí Tí tábhachtacha, dúirt Ackerman: *“We are all pro-Israel and we all have major, major, major influence in the executive branch.
breis foirne extra staff
" ’ Níl sé seo déanta ag an Rialtas ins an Straitéis ach mar sin féin, tá stádas COGG láidrithe go mór agus breis foirne geallta dó.
fhoireann chuí suitable staff
" Deirtear go gcuirfear ‘an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
foireann taidhleoireachta diplomatic staff
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
Cinn Foirne Chiefs of Staff
" Mar a chuir na Cinn Foirne go neamhbhalb é, *“All stages of this program are equally sacred to the fanatical concepts of Jewish leaders.
foireann staff
" Rud beag teagascach b’fhéidir, ach is léir go luath go bhfuil foireann *Quora* dáiríre faoi chaighdeán an ábhair ar a suíomh.
bhfoireann staff
" Cé go bhfuil iriseoirí le taithí ar an bhfoireann is iriseoirí óga don chuid is mó atá ann.
fhoireann na carcrach of the prison staff
" Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
na foirne céanna of the same staff
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
bhfoireann riaracháin admin staff
" 5% den bhfoireann riaracháin den Roinn sin in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge.
dá n-earcófaí a dhóthain foirne were enough staff to be recruited
" Dá bharr seo, caitear go leor airgid ar sheirbhísí aistriúcháin nach mbeadh le caitheamh, dá n-earcófaí a dhóthain foirne le Gaeilge.
a fhoireann rúnaithe his staff of secretaries
" Tá Ardstiúrthóir agus a fhoireann rúnaithe agus lucht riaracháin i gcoitinne sa cheannáras náisúnta i bPáirc an Chrócaigh.
Is cuid den fhoireann í she’s one of the staff
" Is cuid den fhoireann í Brody anois.
lucht freastail service staff
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
bhfoireann oibre staff
" Ba leor 13 ar Bhord an Údaráis: seachtar tofa ag an bpobal sna ceantracha Gaeltachta ó na daoine a bheadh ainmnithe ag na Coistí Athnuachana; duine amháin tofa ag an bhfoireann oibre agus cúigear eile a bheadh roghnaithe de bharr a saineolais i réimsí ar nós pleanáil teanga, cothú fiontraíochta, forbairt pobail, cúrsaí airgeadais/cuntasaíochta agus pleanáil straitéise.
fhoireann staff
" Saol Comhaimseartha na hÉireann ============== Rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi na ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, nach mór do na léachtóirí, an fhoireann, ins na ranna Nua-Ghaeilge suim a chur in athréimniú na Gaeilge, i ndán na Gaeilge ins an saol comhaimseartha mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile.