Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh they all had a pleasant evening
" Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus *Coke* d'Eilís agus d'Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.
ar a sáimhín suilt feeling happy and at ease
" Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí.
sult mór great enjoyment
" Bhain mé sult mór as a bheith ag iarraidh na teachtaireachtaí Gaeilge a thuigbheáil.
sult enjoyment
" Bainim sult as an DSG gach bliain, agus gach bliain is féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid níos mó agus níos fearr dá bharr.
sult enjoyment
" Bainim sult as an DSG gach bliain, agus gach bliain is féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid níos mó agus níos fearr dá bharr.
sult enjoyment
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
go mbainfinn sult mór as that I'd really enjoy it
" Agus dúirt dlíodóir as Texas, Gregor Wilson, a bhí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille liom triail a bhaint as cúrsa ansin, go mbainfinn sult mór as.
ar a sháimhin suilt happy and at ease
" Bhí an chuma ar Trimble go raibh sé ar a sháimhin suilt, socair ina intinn fán ród a bhí roimhe, roimh a pháirtí agus roimh Thuaisceart Éireann.
sult enjoyment
" Ó tharla gur minic naimhdeas idir an méara agus Éireannaigh Nua-Eabhrac, ba cheart do Cunningham sult a bhaint as ócáidí pléisiúrtha mar seo nuair a tharlaíonn siad.
sult enjoyment
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach - chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh, a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir Oileán Mhanainn - ach an baile beag baoideach sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra le sult agus pléisiúr a bhaint as Weak Wille *Willie Week *i dtús mhí Iúil gach aon bhliain.
sult enjoyment
" Bhain muid sult astu a fhad is a mhair siad.
an-sult a lot of enjoyment
" "Beidh, cinnte," an freagra a bhí acu, mar bhain siad an-sult as an Ghaeilge, an tírdhreach, an ceol traidisiúnta le James Byrne agus a chairde, an sean-nós, na damhsaí, an léamh filíochta le Pól Ó Muirí, an fháilte a cuireadh rompu agus an deis a bhí ann a bheith ag caint le daoine as tíortha éagsúla.
an-sult great enjoyment
" Bhéarfeadh mo mhic caiséid de Daniel O'Donnell isteach chuig a seomra leapa agus ba léir gur bhain sí an-sult as glór Daniel.
ag baint suilt as enjoying
" Agus Mike Kelly ina measc, ag baint suilt as gach nóiméad den ócáid.
bainim an-sult astu I really enjoy them
" Chomh maith leis sin, tá mé ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael i nDún na nGall le cúig nó sé de bhlianta anuas, agus bainim an-sult astu.
sult enjoyment
" An raibh tú riamh sa cheantar thart ar na sléibhte ar a dtugtar Am Monadh Ruadh, thuas i nGaeltacht na hAlban? Ceantar álainn fiáin atá ann, a mheallann na mílte duine i rith na bliana, daoine ar maith leo sult a bhaint as an saol faoin spéir.
tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam I'm enjoying what I'm seeing
" 'Is cuma muna dtuigim, tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam'.
sult enjoyment
" Baineann na Francaigh sult as an tsaol ar bhealach a thaitníonn go mór liomsa.
an sult céanna the same enjoyment
" Bainim an sult céanna as aon stíl cheoil chomh fada is go mbíonn an stíl réigiúnda le clos go ríshoiléir.
sult enjoyment
" Ach bhain mé sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne mé iarracht iad a thuiscint, fiú má bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna.
sult enjoyment
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
sult ar dóigh great enjoyment
" Bhí idir cheol, fhilíocht agus amhránaíocht ann, chomh maith le scoth bí agus dí, agus bhain a raibh i láthair sult ar dóigh as an oíche.
sult enjoyment
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
sult enjoyment
" 50 Ná déan dearmad i ndiaidh a mbeidh de shiúl déanta agat sa tóir ar na seoda ealaíne seo suíochán deas compordach a aimsiú i gcaife nó cearnóg, d’anáil a tharraingt agus sult a bhaint as an *dolce vita* chomh maith! *Salute!* *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
bainim an-sult as I really enjoy it
" Téim ansin go minic agus bainim an-sult as.
sult enjoyment
" Tá sé de dhualgas orm sult a bhaint as gach nóiméad de, maith nó olc.
ag baint suilt as na bagairtí enjoying the threats
" Scrios siad Páirtí Aontachtach Uladh agus David Trimble – agus tá siad anois ag fanacht leis na chéad scoilteanna i monailit an DUP a fheiceáil (agus tá siad le feiceáil cheana), agus iad ag baint suilt as na bagairtí atá Peter Hain a dhéanamh.
sult enjoyment
" Athbheochan Is tír an-saibhir anois í Éire agus measann daoine go bhfuil athbheochan i ndán don Ghaeilge mar, i ndiaidh do na hÉireannaigh sult a bhaint as an airgead, go dtosóidh siad ag fiafraí “cé mé féin?” agus go bpillfidh siad ar an dúchas.
sult enjoyment
" Mhothaigh mé mar a bheadh ainmhí sa zú ann, ach bhain mé sult as an bhalla oighir, cé nach raibh sé ró-ard.
Bainim an-sult as mo chuid oibre I really enjoy my work
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
sult enjoyment
" Tá siad an-lúfar go deo, agus ní gá dóibh a bheith óltach chun sult a bhaint as imeachtaí oíche.
sult agus tairbhe enjoyment and benefit
" Tá an áit ciúin – táimid ar a laghad trí huaire an chloig ón gcéad bhaile eile – agus uaireanta bíonn an aimsir thar a bheith cantalach! Ach, gan amhras, más duine tú a bhaineann sult agus tairbhe as a bheith gar don dúlra, a bheith ag éisteacht le fuaimeanna an dúlra seachas fuaimeanna na cathrach agus a bheith in ann na réaltaí a fheiscint i gceart, is deacair Nyika a shárú.
sult a bhaint as an gceann atá agat to enjoy the one you have
" Nach bhfuil sé níos fearr sult a bhaint as an gceann atá agat ná a bheith buartha faoin gceann nach bhfuil agat? B’fhearr liomsa taitneamh a bhaint as an gceann atá agam – agus tá mé ag baint an-taitnimh as.
bhain sí sult as a tréimhse ansin she enjoyed her time there
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
baint suilt delighting
" Suíomh idirlín Slugger O Toole Ag amharc ar an tuairimíocht i Slugger, is léir go bhfuil cuid de mhuintir an tuaiscirt an-tugtha don schadenfreude, ag baint suilt as cruachás daoine eile, go háirithe más deisceartaigh ardnósacha iad.
baint suilt enjoying
" Bíonn ranganna damhsa, gach saghas ceoil, agus teanga na Gaeilge á dtairscint dhá lá in aghaidh na seachtaine sa scoil, agus bíonn dreamanna de réimse leathan aoise ag baint suilt agus tairbhe astu – ó dhaltaí 7mbliana d’aois go daltaí i ngar don cheithre scór.
an-sult great pleasure
" Bhain mé féin an-sult as an cholún seo, agus bhí an-tuiscint aige faoin dara glúin.
sult amusement
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
sult pleasure
" Ach bhí sí chomh suaite sin lena sult féin gur lean sí uirthi dá buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint.
an-sult great enjoyment
" Táim ag baint an-sult go deo as, is craic iontach é agus tá na mainicíní eile a bhfuil aithne curtha agam orthu an-deas ar fad, tá an-chairde déanta agam.
sult enjoyment
" Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh mé gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.
sult pleasure
" Tá spórt agus sult agus sú an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise.
sult pleasure
" Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
ag baint suilt as an iris enjoying the magazine
" Tá súil agam go leanfaidh sibh oraibh ag léamh *Beo!* agus ag baint suilt as an iris sna blianta atá romhainn.
an-sult great enjoyment
" Dúirt sé gur shuigh sé síos lena theaghlach féin ar na mallaibh le féachaint ar *The Commitments* agus bhain siad an-sult as, go mór mór nuair a shíl siad go raibh cead acu a rá *‘that was fucking great dad’* leis nuair a bhí sé thart.
sult enjoyment
" Is agam féin a bheas na pitchers, agus cac an diabhail ar an tábla!” Ach ba mhór an sult a bhain sé as rudaí eile fosta agus é san athbhaile sin ar an taobh eile den domhan.
bainimis sult as let’s enjoy
" B’fhéidir, ach idir an dá linn, bainimis sult as cruthaitheacht mhuintir Thoraí.
le sult a bhaint as to enjoy
" Ó thaobh an raidió de, ós rud é nach mbíonn fotheidil ann, caithfidh cumas áirithe teanga a bheith agat le héisteacht, le tuigbheail agus le sult a bhaint as craoladh an raidió.
ag baint suilt as an aer úr glan enjoying the clean fresh air
" Is minic mé ar an tsliabh chéanna, ag baint suilt as an aer úr glan agus as íocshláinte an dúlra.
mbainfidís sult as they’d enjoy
" B'fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin.
bhain mé an-sult as sin I really enjoyed that
" Ach duine ar bith, speisialta nó gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad (gáire), ach bhain mé an-sult as sin.
bhain mé sult agus sásamh as I really enjoyed
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
ag baint suilt as an saol enjoying life
" *"Childhood sweethearts* a bhí ar scoil lena chéile a bhí iontu," a mhínigh Julie, "agus shamhlaigh mé an lúcháir a bhí orthu agus an gháire a dhéanadh siad agus chonaic mé i mo shamhlaíocht iad cois na habhann ag baint suilt as an saol.
bhain muid sult as we enjoyed
" Bhí Larkin luaite sa bheathaisnéis *The Rolling Stonemason* a scríobh an sóisialaí Fred Bowyer i 1936 fosta agus bhain muid sult as an scéal faoin dóigh ar chuir an bheirt acu bosca, le teachtaireachtaí ó na sclábhaí ann, sa pholl faoin bunchloch san Ard-Eaglais Phrotastúnach i 1904.
ag baint suilt as enjoying
" Ach an méid sin ráite, tá éileamh ar ranganna na Gaeilge anseo agus tá mé ag baint suilt as na ranganna.
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach enjoy writing in
" Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt.
Bhain mé an-sult as I really enjoyed it
" Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.
sult as enjoyment from
" Mathshlua Ceoltóirí agus Lucht Ealaíne =============== Ba léir go mbíonn na ceolteoirí agus na rinceoirí óga ag cleachtadh agus ag athchleachtadh mar bhí siad go hiontach ar ardán na seaneaglaise - bhain gach duine i láthair sult as agus bhí ardú meanman ann nuair a chonacthas idir mheisceoirí agus na *smack heads* ag damhsa chomh maith.
ag baint suilt as enjoying
" Bhí ceol aisteach sa chúlra, chonaic muid taobh istigh de theach beag coimhthíoch agus muid ag baint suilt as scileanna peile os ár gcomhair nuair a tháinig JCB de ruathair ar an láthair.
a bhaineann sult who enjoy
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
Bhain mé sult as cuimse as I really enjoyed
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
bhain siad sult as they enjoyed it
" Drogall na Seaniomaíochta ========= Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain, bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.
Baineadh sult as an cheol the music was enjoyed
" Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal.
bhain sí sú agus sult agus ceol as she really enjoyed in every way
" Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge.
ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as living on and enjoying (life)
" Is é an féin a mhaireann atá i gceannas ag bomaite ar bith, ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as an tsaol (nó á fhulaingt).
baineann muid an-sult astu we really enjoy them
" Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.
faoin sult a bhaintear as about the enjoyment received
" com/Harvard_Press/status/446294248309403648> ● Tá neart plé sna hirisí ar líne agus ar bhlaganna faoin sult a bhaintear as an léitheoireacht.
teaghlaigh ag baint suilt as families enjoying
" Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis! Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.
a dtig le gach duine sult a bhaint aisti which one may enjoy
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
ag baint suilt as an saol enjoying life
" Rugadh Muireann Ní Chuív in Indreabhán i bhfad ó ilstóraigh Manhattan ach tá sí féin agus a fear chéile ag baint suilt as an saol cois Hudson.
an-sult a lot of enjoyment
" Bhain Máire Ní Chuagáin an-sult as a saoire sa tSlóivéin, go háirithe mar gheall ar a laghad sin turasóirí bheith sa tír.
an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil great enjoyment from viewing more than 30 films
" Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise.